Mar a dúirt mé i mo fhreagra ar cheist thosaíochta (Uimhir 1) ar 8 Samhain 2001, glacadh leis an Scéim Ghinearálta den Bhille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla ag cruinniú an 12 Meitheamh 2001 den Rialtas agus tá iarrtha ar Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas téacs an Bhille a dhréachtú mar ábhar práinne.
Cé go rabhthas ag súil leis go bhfoilseofaí an Bille roimh an Nollaig, níl sé seo indéanta anois toisc go bhfuil clár reachtaíochta an-trom os comhair an Rialtais ag an am seo. É seo ráite, tá mé in ann a chur in iúl, de réir an phreasráitis a d'éisigh Seirbhísí Eolais an Rialtais ar 28 Meán Fómhair seo caite, go bhfuil an Bille seo i measc na mBillí a fhoilseofar go luath sa bhliain 2002.
Tá gach dícheall á dhéanamh ag an Aire agus agam féin chun go bhfoilseofar an Bille chomh luath agus is féidir.