Chuir Comhairle Chontae Dhún na nGall tuarascáil tosaigh faoin scéim seo faoi bhráid mo Roinne i mí Lúnasa 1995 ach níl sí faofa go fóill. Áiríodh an scéim mar thosaíocht uimhir a cúig ar liosta na scéimeanna uisce agus séarachais ar ghlac an chomhairle leis mar fhreagra ar iarratas ó mo Roinn-se ar gach údarás áitiúil measúnú úr a dhéanamh ar na riachtanais maidir le hoibreacha caipitiúil agus tosaíochtaí a chinneadh ar bhonn an mheasúnaithe sin. Cuireadh na liostaí tosaíochta sin san áireamh agus an clár infheistíochta do sheirbhísí uisce 2000-2002, a fógraíodh i mí Iúil 2000, á chur in eagar. De bharr na tosaíochta a cheap an chomhairle don scéim, chomh maith le leibhéal na hiomaíochta san éileamh agus an maoiniú atá ar fáil, níorbh fhéidir an scéim a chur sa chlár infheistíochta.