Go raibh maith agat as deis a thabhairt dom an cheist seo a ardú ag an am seo sa Dáil. Ba mhaith liom i dtosach báire eolas a thabhairt don Dáil i dtaobh Ghaelscoil Bharra, bunscoil lán-Ghaeilge i gCabrach i lár Bhaile Átha Cliath agus i lár mo dháilcheantair féin. Is ceantar lucht oibre é Cabrach agus caithfidh mé a rá, cé go raibh mé ag múineadh i scoil lán-Ghaeilge sular toghadh don Dáil mé, go gcuireann sé íontas orm an dul chun cinn thar barr atá bainte amach ag an ngaelscoil seo. Thosaigh an scoil seo le 26 dalta i prefab beag ar an láthair chéanna sé bliana ó shin, sé sin i 1996. Dhá bhliain in a dhiaidh sin, i 1998, fuair an scoil aitheantas oifigiúil agus anois, don séú bhliain ag an scoil ag feidhmiú, tá thart ar 200 dalta ag freastal ann. Sé sin, 171 dalta sa ghaelscoil féin agus thart ar 30 sa naíonra atá in éineacht leis ach atá neamhspleách ar an scoil. Rud eile a chuireann íontas orm, agus caithfidh mé é seo a admháil, ná go dtagann 80 faoin gcéad de na páistí sin ó Chabrach. Tagann an cuid eile acu ó Bhaile Phib ó Bhóthar na hUaimhe agus ó Stoneybatter, seancheantar traidisiúnta sa chathair.
Tá cúig prefabs ag an scoil ag an bpointe seo, cuid acu atá go dona, ag ligint báistí isteach chomh maith le fadhbanna eile. Níl ach dhá leithreas as deich gcinn ag obair i gceart. Ar an dtaobh eile den scéal tá áiseanna íontacha ar an láthair chéanna a bhaineann an scoil úsáid astu. Tá halla gym ann; páirc oscailte traenála agus carr pháirc. Baineann na háiseanna sin go léir le Club Peile Naomh Fionnbarra ach tugann an club cead don scoil úsáid a bhaint astu. Mar sin, is láthair íontach le haghaidh bunscoil an láthair seo. Ach tá rud amháin atá riachtanach dóibh chun cur leis an dul chun cinn atá déanta acu, agus is é sin ná foirgneamh nua-aimsireach buan. Tá sé sin ag teastáil thar aon ní eile.
Tá na pleananna ullamh acu, bunaithe ar scoil Raghnallach atá tógtha ar láthair atá an-chosúil leis an phíosa talún atá ag Gaelscoil Bharra. Ins na pleananna sin tá ocht seomra ranga, leabharlann, seomra ríomhaireachta, seomra feabhais agus clós. Bheadh naíonra i gceist freisin, seomra phobail agus halla le haghaidh drámaíochta. Tá na pleananna sin leagtha síos acu go hiomlán de réir rialacha na Roinne. Níor chóir go mbeadh deacracht ar bith ag baint leo. Scríobh an scoil go dtí an Roinn Oideachais i mí Lúnasa na bliana seo caite agus bhí orthu scríobh arís i mí Eanáir na bliana seo ag lorg cruinniú ar a laghad i dtaobh na ceiste seo, foirgneamh nua a thógáil.
De réir mar a chloisim, níl oifigigh na Roinne Oideachais sásta fiú teacht amach agus buaileadh le húdarás na scoile. Tá sé sin do-chreidte domsa. Ní thuigimse é sin ó Rialtas a thugann tacaíocht don Ghaeilge. Cuirfidh mé mar seo é; tá réabhlóid chultúrtha ar siúl sa cheantar lucht oibre seo i gCabrach i lár Bhaile Átha Cliath leis an obair íontach atá á dhéanamh ag an bpobal sa cheantar sin – an ghaelscoil, an naíonra, Cumann Lúthchleas Gael, Glór na nGael, feachtas frith-dhrugaí, ranganna Gaeilge, ciorcal chomhrá, ranganna ceoil agus go leor eile agus nuair a chuireann siad iarratas isteach go dtí an Roinn Oideachais ag lorg cabhrach níl an Roinn sásta buaileadh leo fiú amháin. Tá sé sin scannalach agus tá súil agam go ndéanfaidh an tAire deimhin de nach leanfaidh an scéal mar sin agus ar a laghad go mbeidh an Roinn sásta oifigeach a chur amach go dtí an scoil.
Tá sé scannalach muna bhfuil tacaíocht iomlán acu ón Roinn Oideachais agus muna bhfuil an Roinn sásta buaileadh leo chun na pleananna atá acu a thabhairt chun cinn. Tá súil agam go mbeidh freagra agam ón Aire anois agus go bhféachfaidh sé chuige go mbualfaidh an Roinn leis an scoil agus go dtabharfaidh siad an chabhair dóibh atá á lorg acu chun foirgneamh buan a thógaint.