Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 13 Feb 2002

Vol. 548 No. 3

Written Answers. - Obair Dheisiúcháin Scoile.

Dinny McGinley

Question:

205 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil aon phlean ann le hobair dheisiúcháin a dhéanamh ar scoil náisiúnta Dhoire Chonaire, Cnoc na Naomh, Gort an Choirce; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4939/02]

Is í an leithroinnt d'fhoirgnimh bhunscoile i 2002 ná €153.6 milliún, an leibhéal is airde maoinithe fós agus léiríonn sé tiomantas an Rialtais seo maidir le cúrsaí cóiríochta i mbunscoileanna a fheabhsú. Sin beagnach ceithre oiread infheistíocht an Rialtais roimhe seo i naoi déag nócha seacht.

De bharr an mhéadaithe mhóir ar ghníomhaíocht i réimsí foirgneamh bunscoileanna ó tháinig an Rialtas seo in oifig tá ardú mór ar an líon tionscadal beag agus mór tógála a bhfuiltear ag dul dóibh agus tá an leibhéal tógála agus gníomhaíocht athchóirithe dá bharr seo níos airde ná riamh.

Tá athchóiriú dá dhéanamh ar an Scoil Náisiúnta Dhoire Chonaire, Cnoc na Naomh, Gort an Choirce mar chuid de chlár an Rialtais mar atá sa phleanáil ailtireachta reatha. Rachaidh an clár ar aghaidh faoin chlár foirgníochta méadaithe, chomh luath agus is féidir, chuig na cáipéisí tairisceana a ullmhú agus an cuireadh a eisiúint do na tairiscintí.

Top
Share