Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 19 Feb 2002

Vol. 548 No. 5

Written Answers. - Oideachas Triú Leibhéal sa Ghaeltacht.

Dinny McGinley

Question:

465 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil iarratas ina Roinn ar airgeadais do phlean forbartha don oideachas triú leibhéal sa Ghaeltacht; an bhfuil an plean á mheas faoi láthair; agus cén uair a dhéanfar cinneadh ina leith. [5797/02]

Sa bhliain 1999, chuaigh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chun cainte leis na hollscoileanna eile a bhfuil ceantar Gaeltachta ina n-abhantrach ar mhaithe le moltaí a dhéanamh maidir le forbairt an oideachais tríú leibhéal sa Ghaeltacht. Ina dhiaidh sin, bunaíodh grúpa oibre idir-ollscoile, idir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Ollscoil na hÉireann Corcaigh, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad agus Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, le tuairimí na nollscoileanna a fháil agus stráitéis chomtháite forbartha a aontú. Chuir an grúpa plean forbatha don oideachas triú leibhéal sa Ghaeltacht faoi mo bhráid agus faoi bhráid an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán.

De bharr tábhacht an ábhair is léir go mba chóir impleachtaí na stráitéise a mheas sula ndéanfar cinneadh ina leith. Dá bharr sin tá sé ar intinn agam grúpa oibre idir gníomhachta a bhunú, le hionadaithe ó mo Roinn féin, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, an tÚdarás um Ard-Oideachas agus Údarás na Gaeltachta, le bheith i bhfeighil na hoibre.

Top
Share