Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 21 Feb 2002

Vol. 549 No. 2

Written Answers. - School Staffing.

Dinny McGinley

Question:

176 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil iarratas faighte aige leis an dara cúntóir a cheapadh do Ghaelscoil na gCeithre Máistrí, Dún na nGall agus cén uair a dhéanfar an cinneadh. [6199/02]

Is de réir an líon scoláirí ar rollaí ar 30 Meán Fómhair na bliana roimhe sin a shocraítear an líon múinteoirí atá dlite i mbunscoileanna. Tá sé seo ag teacht leis na treoirlínte a aontaíodh idir an Roinn seo agus na Comhpháirtithe san Oideachas. I mí an Mheithimh 2001 d'iarr an scoil áirithe seo go gceapfaí an dara múinteoir ranga faoi fhorálacha scoile atá ag forbairt. Tugadh cead chun an post a líonadh ar bhonn choinníollach ach níor tháinig an líon daltaí ba ghá fá choinne an phoist agus cuireadh deireadh leis an phost i nDeireadh Fómhair 2001.

Tá bailchríoch curtha ar sceideal foirne don scoilbhliain 2002-03 agus seolfar chuig boird bhainistíochta na mbunscoileanna uile é go gairid. Ar bhonn na sonraí rollúcháin a sholáthair an bord bainistíochta don 30ú Meán Fómhair 2001 beidh an scoil i dteideal an dara múinteoir ranga a cheapadh don scoilbhliain 2002-03.

Top
Share