Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 7 Mar 2002

Vol. 550 No. 2

Written Answers. - Schools Building Projects.

Dinny McGinley

Question:

616 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén uair a chuirfear tús leis an obair thógála ar Choláiste Phobal Colmcille, Toraigh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7892/02]

Caithfidh scoil ar bith aitheantas buan a fháil sular féidir le mo Roinn cóiríocht buan a cheadú di. Ciallaíonn an t-aitheantas sin go bhfuiltear sásta le h-inmharthanacht agus feidhmiú na scoile agus gur féidir deontais chaipitil a chur ar fáil di.

Fuarthas iarratas i mo Roinn ar aitheantas buan don scoil atá i gceist ag an Teachta agus tá an t-iarratas sin á mheas fé láthair. Braithfidh cóiríocht buan ar thoradh an iarratais sin agus ar mhéid an éilimh ó scoileanna iarbhunoideachais i gcoitinne ar dheontais chaipitil.

Top
Share