Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 17 Apr 2002

Vol. 552 No. 1

Written Answers. - Ghaelscoil Philib Barún.

Brian O'Shea

Question:

691 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén dul chun cinn atá déanta maidir le tionscnamh tógála Ghaelscoil Philib Barún, Trá Mhór, Contae Phort Láirge agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [11282/02]

Is í an leithroinnt d'fhoirgnimh bhunscoile i 2002 €153.6 milliún, an leibhéal is airde maoinithe fós agus léiríonn sé tiomantas an Rialtais seo maidir le cúrsaí cóiríochta i mbunscoileanna a fheabhsú. Sin beagnach ceithre oiread infheistíocht an Rialtais roimhe seo i 1997. De bharr an mhéadaithe mhóir ar ghníomhaíocht i réímsí foirgneamh bunscoileanna ó tháinig an Rialtas seo in oifig tá ardú mór ar an líon tionscadal beag agus mór tógála a bhfuiltear ag dul dóibh agus tá an leibhéal tógála agus gníomhaíocht athchóirithe dá bharr seo níos airde ná riamh. Beidh sé i gceist ag mo Roinn i rith na bliana seo dianmhachnamh a dhéanamh ar an iarratas ón Gaelscoil Philib Barún le hadhaigh chóiríocht feabhaise mar chuid den chlár foirgníochta méadaithe. D'ainneoin na mórscéime oibre atá beartaithe chun cóiríocht bhuan a chur ar fáil tá mo Roinn ag iniúchadh cáipéisí tairisceana maidir le soláthar cóiríochta sealadaí ag Gaelscoil Philib Barún, Trá Mhór, Contae Phort Láirge.

Top
Share