Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 27 Jun 2002

Vol. 553 No. 7

Written Answers. - Schools Building Projects.

Eamon Gilmore

Question:

158 Mr. Gilmore asked the Minister for Education and Science the consideration he has given to the application by Newpark school, Newtownpark Avenue, Blackrock, County Dublin, for the rebuilding of the school premises; if work will commence in 2003; and if he will make a statement on the matter. [15152/02]

A new school, to include a PE hall of 806 sq.m., is proposed for Newpark comprehensive school, Newtownpark Avenue, Blackrock, County Dublin. The revised schedule of overall accommodation has issued to the school authorities for their acceptance and my Department's post primary building unit is currently awaiting a response.

159. D'fhiafraighMr. Gilmore den Aire Oideachais agus Eolaíochta cad é an plean le foirgneamh nua a chur ar fáil do Choláiste Raithin, Bré, Co. Chill Mantáin; cé na moltaí atá faighte aige ón Choiste Gairmoideachais; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15153/02]

Bunaíodh Coláiste Raithín, Bré sa bhliain 1991, le h-aitheantas sealadach ó mo Roinn. Faoi láthair tá an scoil lonnaithe san iar-ghairmscoil agus tá cóiríocht ar chíos freisin ag an scoil i mbunscoil Naomh Aindriú.

Bronnadh aitheantas buan ar Coláiste Raithín sa bhliain 1995. Ina dhiaidh sin ceadaíodh don choiste ghairmoideachais suíomh oiriúnach le h-aghaidh foirgnimh buain don scoil a aimsiú. Tuigtear dom go bhfuil an coiste ag gníomhú dá réir agus go gcuirfear tairscint dearfach faoi bhráid mo Roinne in am tráth.

I láthair na h-uaire freisin, tá athbhreithniú á dhéanamh sa rannóg pleanála de mo Roinn, ar uimhir na ndaltaí a meastar a freastalóidh ar Choláiste Raithín sa bhfad téarma. Déanfar riachtainisí cóiríochta na scoile a mheas ar bhonn na h-uimhreach sin.

Top
Share