Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 27 Jun 2002

Vol. 553 No. 7

Written Answers. - Schools Building Projects.

Brian O'Shea

Question:

162 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta cathain a thósóidh an tógáil de bharr an fheachtais chun cur leis an bhfoirgneamh scoile ag Gaelscoil Phort Láirge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15156/02]

Tá tosú déanta ar an phleanáil ailtireachta don tionscnamh tógála sa Ghaelscoil Phort Láirge.

Déantar cinneadh ar thionscnaimh a chur ar aghaidh chuig tairiscint agus tógáil i láthair an dáilte bhliantúil le haghaidh foirgneamh bunscoileanna, na dualgais a bheidh le comhlíonadh agus an túsaíocht nach mór a thabhairt do thionscnaimh ar leith. Tá clár fairsing tógála don bhliain 2002 faofa agus foilsithe cheana féin. Ní shamhlaítear go rachfar ar aghaidh sa bhliain 2002 leis an tionscnamh tógála atá molta don Gaelscoil Phort Láirge.

Níos déanaí sa bhliain seo, nuair a bheidh an dáileadh airgeadais don chlár tógála bhunscoileanna curtha in iúl sna meastacháin don bhliain 2003, beidh clár cuimsitheach oibre sa bhreis i gceist agam a rachaidh ar aghaidh chun tógála agus cuirfear an scoil ar leith san áireamh mar cheann de na scoileanna sa chlár sin.

Tá sé ar intinn agam na gnéithe a bhaineann le oibriú an chlár tógála bunscoileanna a bheith trédhearcach níos mó agus tá sé in aigne agam clár bliantúil a fhoilsiú. Ba mhaith liom, freisin, toise ilbhliantúil a bheith sa chlár foilsithe i dtreo is go mbeidh tuairim de shaghas éigin ag scoileanna ar an tráthchlár a bhaineann lena gcuid tionscnamh.

Top
Share