Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 Oct 2002

Vol. 556 No. 1

Other Questions. - Irish Language Publications.

Fergus O'Dowd

Question:

47 Mr. O'Dowd asked the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs the amount of money his Department has allocated to Irish language publications, newspapers, journals and so on; the way in which this compares to the previous five years; and the names of the various publications allocated moneys in this regard. [19205/02]

Information provided to me concerning funding allocated or paid for Irish language non-textbook publications, newspapers, journals etc. during the period 1997-02 is contained in the following tables, which will be circulated in the Tuairisc Oifigiúil. Details provided in relation to funding by Foras na Gaeilge, which was established statutorily on 2 December 1999, relate only to the period 2000-2002.

Níl mé sásta leis an bfhreagra. Ós rud é go raibh an cheist curtha síos agam le freagra béil, ba chóir go mbeadh an t-eolas agam anois díreach. An bhfuil an t-airgead ag méadú nó ag laghdú. Os rud é nach bhfuil an eacnamaíochta ag déanamh ró-mhaith, an bhfuil an tAire sásta féachaint ar an chonradh fhógraíochta le nuachtáin arís sula mbeidh an conradh sin thart cionn is go bhfuil easpa airgid ann.

B'fhéidir nach dtuigeann an Teachta cé chomh casta agus atá an t-eolas atá i gceist. Tá cúpla leathanach mioneolais i gceist, mar a fheicfidh sé tráthnóna. Glacaim go bhfuil an t-eolas uaidh.

Cén fáth nach léifidh an tAire an t-eolas i láthair?

Ní nós sin agus níorbh nós é nuair a bhí Fine Gael i réim. Cuirfear na freagraí scríofa chugat tráthnóna.

Tá cuid acu seo maoinithe ag Bord na Leabhar Gaeilge. Idir an mbliain 1996 agus 2002, mhéadaigh an t-airgead ó €412,665 suas go €880,000. Dhúbail sé le linn an ama sin.

Níl aon smacht agam ar Fhoras na Gaeilge mar is Foras Thuaidh/Theas é, agus níl na figiúirí agam ach do no blianta 2000 agus 2002. Mhéadaigh an t-airgead ó €387,340 do nuachtáin agus mar sin do €736,764. Dúblaíodh é i dhá bhliain. Níl aon smacht agam ar an chaoi a chaitheann Foras na Gaeilge a chuid airgid. Cuireann an dá Aire airgead ar fáil agus is ceist don Fhoras, ní don da Aire, cén caoi a chaitear an t-airgead sin taobh istigh den straitéis ach níl smacht ó lá go lá ag an Aire air. Is ceist í sin d'Fhoras na Gaeilge.

Tá cuma sásúil ar an scéal go bhfuil an t-airgead ag méadú chomh mór leis sin, ach ó thaobh fograíochta dona nuachtáin seachtainiúla, an mbeadh an tAire in ann féachaint ar an chonradh atá ag an Aire leis na nuachtáin sin sula mbeidh an conradh thart?

Glacaim leis gur agus Foinse is mó atá i gceist. Tá go leor nuachtáin agus irisí eile ann freisin. I dtaobh an dá nuachtáin sin, áfach, is le Foras na Gaeilge an conradh agus ní féidir liom aon treo a thabhairt don Fhoras i dtaobh socruithe mar sin mar feidhmíonn siad go neamhspleách agus tá siad freagrach do bheirt Aire. Go mór mór i gcomhthéacs an chaoi ina bhfuil muid i láthair na huaire, leis an bhFeidhmeannas ó Thuaidh ar fionraí, chaithfinn bheith cúramach gan bheith feicthe mar aon Aire amháin ag cur mo ladar isteach sa scéal. Is ceist don Fhoras í sin go hiomlán.

Top
Share