Ní ghlacaim leis go mbíonn na ceisteanna filíochta róchasta diarrthóirí Ardteistiméireachta a bhíonn ag gabháil don Ghnáthleibhéal sa Ghaeilge. Ní ghlacaim leis ach oiread nach dtuigtear na ceisteanna filíochta ar na scrúdpháipéir go minic.
Mar is léir ó Ghearrthuairisc an Phríomhscrúdaitheora ar Scrúdú na hArdteistiméireachta: Gnáthleibhéal-Gaeilge (ATGL-Gaeilge) 2000, ó Thuairisc an Phríomhscrúdaitheora ar ATGL-Gaeilge 2001 atá foilsithe ag mo Roinn, agus ó Ghearrthuairisc an Phríomhscrúdaitheora ar ATGL-Gaeilge 2002, déirigh thar cionn le hiarrthóirí Gnáthleibhéil na ceisteanna filíochta ar na scrúdpháipéir a thuiscint agus a fhreagairt sna blianta sin. 38 marc nó 69% an meánmharc a gnóthaíodh ó thaobh na filíochta de i 2001. De réir Ghearrthuairisc an Phríomhscrúdaitheora ar ATGL-Gaeilge 2002, déirigh níos fearr ná sin arís le hiarrthóirí ó thaobh na filíochta de i 2002.
Ó tharla gur siollabas cumarsáideach atá i gceist déantar gach iarracht freastal ar an gcumarsáid i ngach gné den siollabas, an fhilíocht san áireamh. Rinne an Coiste Cúrsa – Gaeilge na hArdteistiméireachta – (de chuid na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM) moladh, cúpla bliain ó shin, an méid próis agus filíochta a bheadh le déanamh ag iarrthóirí do chúrsaí na hArdteistiméireachta a laghdú le hionú a thabhairt do mhúinteoirí breis ama a dháileadh ar an nGaeilge labhartha agus ar chumas cumarsáide na n-iarrthóirí. Sa siollabas nua seo, leagtar béim ar thábhacht na scileanna teanga (Éisteacht, Labhairt, Léamh agus Scríobh) agus ar mháistreacht orthu maidir le gnáthGhaeilge fheidhmiúil chumarsáideach a úsáid i gcomhthéacs gnéithe éagsúla de ghnáth-thopaicí laethúla i saol comhaimseartha na ndaltaí agus, ina theannta sin, leagtar béim áirithe ar thábhacht an chultúir Ghaelaigh.