Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 20 Nov 2002

Vol. 557 No. 5

Written Answers. - Iocaíochtaí Deontais.

Dinny McGinley

Question:

224 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas ina Roinn le haghaidh deontais do chéidh Rannaigh (Árainn Mhór i nDún na nGall) agus cén seasamh atá ag an iarratas faoi láthair. [22866/02]

Ar iarratas mo Roinnse, tá réamh-thuarascáil déanta ag Comhairle Chontae Dhún na nGall ar fhorbairt na saoráidí calaíochta ag Rannach, Árainn Mhór. Tá an tuarascáil sin á meas faoi láthair ag mo Roinnse i gcomhthéacs na n-iarratas eile atá faighte agam agus an airgid atá ar fáil dom i leith forbairt na n-oileán.

Top
Share