Tá maoiniú á dhéanamh ag mo Roinn-se ar thionscnamh a bhaineann le soláthar cúrsa comhtháite do theagasc na Gaeilge sna scoileanna Gaeltachta agus sna scoileanna lán-Ghaeilge. Tá an tionscnamh seo á riaradh ag Ionad Oideachais Dhún na nGall i gcomhair le mo Roinn féin. Meastar go gcosnóidh an tionscnamh seo tuairim is €600,000 sa bhliain 2003.
Tagraim anois don laghdú maoine d'fhoilseacháin Ghaeilge atá luaite ag an Teachta. Baineann an méid airgid a bhí ar fáil sna blianta roimhe seo le foilseacháin ar leith a raibh tacaíocht airgid geallta dóibh ag mo Roinn suas chomh fada leis an bhliain 2002, agus an bhliain sin san áireamh.