Statute Law (Restatement) Bill, 2000: Report and Final Stages.

I move amendment No. 1:

In page 3, after line 37, to insert the following:

"(4) (a) Faoi réir alt 4, cuirfí athráitisí ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla i bhfoirm téacs dátheangach nó sa dá teanga go comhuaineach.

(b) Subject to section 4, all restatements shall be made available in both the Irish and English languages in bilingual text form or in both languages simultaneously.”.

Labhair mé nuair a tháinig an Bille seo os comhair na Dála roimhe seo agus labhair mo chomhghleacaí, an Teachta Caoimhghín Ó Caoláin, ar an leasú seo nuair a pléadh é os cómhair an choiste. Is é atá i gceist ná go mbéadh teacht ar Bhillí agus ar reachtaíocht i mBéarla agus i nGaeilge ag an am gcéanna. Níl ann ach go bhfuil mé ag iarraidh cearta bunreachtúla a chruthaíonn go bhfuil cothromas ag Gaeilgeoirí a chosaint. Tá níos mó ná cothromas ag an nGaeilge sa Bhunreacht mar tá an Ghaeilge chun tosaigh ar an mBéarla ann. Ina ainneoin sin, níl an Rialtas ná na rialtais a chuaigh roimhe tar éis an ceart sin a chomhlíonadh ina iomlán do phobal na tíre.

Ní ionsaí ar na rialtais an leasú seo. Tuigim go bhfuil obair mhór á dhéanamh ag an Rialtas teacht timpeall ar an mbearna ama idir Bhillí a fhoilsiú i mBéarla agus i nGaeilge agus go bhfuil obair mhór déanta ag an Rialtas agus ag roinn an aistriúcháin sna Tithe seo chun sin a chur i gcrích. Fós féin, tá sé de cheart ag poball na hÉireann, ag Gaeilgeoirí ach go háirithe, go mbéadh reachtaíocht ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge, go háirithe má tá a leithéid de ath-chóiriú á chur orthu agus atá luaite ins an mBille seo.

Níl i gceist ach dualgais bhunreachtúla a chomhlíonadh agus go mbéadh teacht ar dhlíthe i dteanga dúchasach, an Ghaeilge ach go háirithe. Níl aon seans ann nach mbéadh siad ar fáil i mBéarla ach tá an Béarla luaite sa leasú mar sin féin. Is cuma an trí thaisme nó d'aon ghnó atáimid sa staid ina bhfuilimid faoi láthair agus is cuma más bearna bliana nó bearna deich mbliana atá i gceist, níl sé bunreachtúil. I mbreithiúnas cúirte na bliana seo caite,Ó Beoláin v Fahy, dúirt an Breitheamh Hardiman, gurb “offence to the letter and spirit of the Constitution” é nach raibh Achtanna ar fáil i nGaeilge. Thug an Breitheamh Catherine McGuinness tacaíocht don méid a dúirt an Breitheamh Hardiman. Aontaíonn an tArd-Chúirt agus an Chúirt Uachtarach lena chéile ar an gceist seo ach is cosúil nach bhfuilimid-ne san Oireachtas sásta tacú leis na cúirteanna.

Dá mbéadh toil pholaitiúl ann d'fhéadfaí deimhniú de go mbéadh a leithéid ar fáil. Ní ghlacfaí leis in aon tír eile nach mbéadh reachtaíocht ar fáil sa teanga oifigiúil. Ní cóir go nglacfaí leis sa Teach seo nó sa tír seo. Ní haon mhaitheas é go mbéadh ceart luaite sa Bhunreacht muna gcuirtear i bhfeidhm é.

Nuair a pléadh an Dara Céim den mBille seo thug go leor Teachtaí tacaíocht don moladh atá sa leasú seo. Níor chuala mé duine ar bith nach raibh sásta seasamh lena bhfuil á lorg agam, sé sin go bhfoilseofaí reachtaíocht sa dá theanga oifigiúil agus go mbéadh sé ar fad ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge go comhuaineach. Dúirt an tAire Stáit, An Teachta Brian Lenihan, féin go raibh dualgas dlithiúil ar an Rialtas reachtaíocht a fhoilsiú sa dá theanga oifigiúil. Más sin dearcadh an Rialtais ba chóir glacadh leis an leasú seo, an Bille a leasú dá réir agus an dualgas dlithiúil a chomhlíonadh chomh luath agus is féidir. Tuigim go ndéanfadh sin breis oibre do aistritheoirí, do Theachtaí agus do dhaoine eile ach dhéanfadh sé obair na ndaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn i bhfad níos éasca dá mbéadh teacht ar a leithéid i nGaeilge chomh tapaidh agus is féidir, ionas gur féidir linn tabhairt faoi dhíospóireacht cheart ins an Teach gan a bheith ag dul soir agus siar ag lorg aistriúcháin cheart ar fhoclaíocht atá ós ár gcomhair i mBéarla. Tá an Bille seo féin scríofa i mBéarla agus tá sé deacair orm, nach dreachtóir dlí mé, na míreanna den mBille a bhfuil spéis faoi leith agam iontu a aistriú go Gaeilge. Mar shampla:

Section 4 shall not have the effect of force of law and accordingly shall not have the effect so as to alter or otherwise affect the substance or operation of any provision to which it relates or of the statute or of the statutory instrument.

Tá sé deacair do dhuine ar bith é sin a thuiscint gan trácht ar é a aistriú. Bheinn ábalta labhairt i gceart ar an mBille dá mbeadh sé ós mo chomhair i nGaeilge.

Deir Airteagal 8.1 den mBunreacht:

Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.

Más fíor sin ba chóir go mbéadh reachtaíocht foilsithe i nGaeilge ó thús. Anois, tá mé réalach. Tuigim nach bhfuil Gaeilge ag gach éinne sa Teach seo agus gurb é an Béarla teanga oibre fhormhór na dTeachtaí. Ach ar a laghad, ba chóir go mbéadh comhionannas ag an nGaeilge de réir an Bhunreachta.

Deir Airteagal 25.4.4º den mBunreacht:

I gcás an tUachtarán do chur a láimhe le téacs Bille i dteanga de na teangacha oifigiúla agus sa teanga sin amháin, ní foláir tiontú oifigiúil a chur amach sa teanga oifigiúil eile.

Tá sé luaite sa Bhunreacht gur gá go mbéadh reachtaíocht na tíre dátheangach. Cén fáth nach bhfuilimid sásta glacadh leis sin agus go mbéadh reachtaíocht dá-theangach ar fáil láithreach.

Beidh níos mó le rá agam tar éis éisteacht lena bhfuil le rá ag an Rialtas. Ba chóir go mbéadh sé éasca glacadh leis an leasú seo agus dul chun cinn a dhéanamh dá réir.

Aithním gurb í an Ghaeilge príomh-theanga oifigiúil na tíre seo agus gur chóir aitheantas ceart a thabhairt di i ngach aon rud a dhéanaimid mar Rialtas. Glacaim leis an méid a dúirt an Teachta mar gheall ar an méid atá an Rialtas ag déanamh ar son na Gaeilge. Is dócha go n-aithníonn sé féin nach mbraitheann todhchaí na Gaeilge ar an Rialtas amháin ach go mbraitheann sé ar an sochaí i gcoitinne. Fáilteoidh sé féin, mar a fháilteoidh mise, roimh an mBille teanga chun cearta a thabhairt don nGaeilge nuair a thiocfaidh sé ós comhair na Dála an bhliain seo chugainn.

Aithním an méid a dúradh i gcásÓ Beoláin v Fahy faoi reachtaíocht a chur ar fáil i nGaeilge agus glacaim leis, toisc gurb í an Ghaeilge príomh theanga na tíre, gur chóir reachtaíocht a bheith ar fáil i nGaeilge.

Ní reachtaíocht atá i gceist anseo, áfach. Is é atá i gceist ath-ráiteas ar reachtaíocht a ritheadh cheana. Sin croí na ceiste seo. Bhéadh orainn gach aon aistritheoir atá againn a chur ag obair ar an reachtaíocht chun na cearta bunreachtúla agus dlithiúla a chur ar fáil. Sin díreach atá á dhéanamh againn. Nuair a bhí plé againn sa Teach agus sa choiste ar an nGaeilge agus ar na haistriúcháin atá á dhéanamh chuir mé ós comhair na dTeachtaí – agus déanaim amhlaidh anois – an méid dul chun cinn atá á dhéanamh. Bhí bearna uafásach ann idir reachtaíocht a chur tríd an Oireachtas agus an t-aistriúcháin a fhoilsiú ach níl an bearna chomh leathan agus a bhí. De bharr daoine nua a bheith fostaithe i roinn an aistriúcháin tá an-dul chun cinn déanta. Le déanaí fostaíodh ceathrar go buan mar aistritheoirí agus cúigear ar chonraidh ceithre bliana. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil ach bliain idir reachtaíocht a dhul tríd an Oireachtas agus an t-aistriúchán a fhoilsiu. Táimid ag obair go dian chun go gcaolófar an bearna níos mó. Tá bearna ann, faraor, idir reachtaíocht a chuaigh tríd na Tithe idir 1993 agus 1997. Níl aistriúchán ar fáil don reachtaíocht sin. Sin an chéad rud a chaithfear a dhéanamh.

De ghnáth ritear thart ar 50 Bille sa Teach seo i rith na bliana. Fiú amháin i mbliana, bliain oll-toghcháin, achtófar breis agus 30 Bhille. Ciallaíonn sé sin go gcaithfear 1,500 leathanach a aistriú. Sin an chéad obair atá le déanamh ag roinn an aistriúcháin chun ár ndualgais bhunreachtúla agus dlithiúla a chomhlíonadh. Maidir le hath-ráiteas, bhí oifigigh ó Roinn an Taoisigh ag caint leis an bpríomh-aistritheoir agus dúirt seisean go bhfuil an-chuid den reachtaíocht aistrithe go Gaeilge cheana féin. Más amhlaidh sin, tá sé lán-sásta dul ar aghaidh leis an ath-ráiteas a aistriú chomh luath agus is féidir. Bhéadh sé deacair do na haistritheoirí reachtaíocht atá i mBéarla a ath-rá i nGaeilge muna bhfuil an príomh reachtaíocht aistrithe go Gaeilge cheana. Táimid ag súil go ndéanfar dul chun cinn eile go luath nuair a chuirfidh roinn an aistriúcháin tairiscint amach chun na haistriúcháin go léir atá déanta ó 1922 ar aghaidh a chur i bhfoirm leictreonach. Beidh sé níos fusa ar na haistritheoirí an obair a dhéanamh ansan.

Níl mé chun glacadh leis an leasú seo. Ní féidir an obair a dhéanamh mar atá ach táimid ag súil go mbeimid in ann í a dhéanamh go luath. De réir bhreithiúnas cúirte na bliana seo caite ní gá glacadh leis an leasú mar ní reachtaíocht é seo ach ath-ráiteas. Ach tá gá reachtaíocht a aistriú agus sin an príomh-obair atá an Rialtas chun a dhéanamh. Toisc gur ath-ráiteas agus nach reachtaíocht atá anseo níl na dualgais céanna ag baint leis agus a bhainfeadh le reachtaíocht eile.

Molaim go mór an obair a dhéanann na haistritheoirí ins an Teach seo. N'fheadar an aistreoidh siad an díospóireacht seo go Béarla ach déanann siad an-chuid oibre. Mar adúirt an Teachta Ó Snodaigh, is obair an-theicniúil go deo í. Ní fhéadfadh seisean nó ní fhéadfainnse í a dhéanamh in ainneoin go bhuaileamar le chéile sa scoil céanna na blianta ó shin.

Chomh luath agus a bheidh gach Acht aistrithe agus i bhfoirm leictreonach, rud a tharlóidh go luath, beidh sé níos fusa ar na haistritheoirí na hath-ráitis a aistriú. Níl aon dualgas ar an Rialtas ath-ráitis a aistriú toisc nach reachtaíocht iad. Faraor, ní féidir liom glacadh leis an leasú a chuir an Teachta os mo chomhair.

I understand the rationale behind the proposed amendment but the Minister's statement clarifies the matter. There may be opportunities for private companies or cultural institutes to translate such restatements of the law as have been issued by the Office of the Attorney General. I would like these restatements published. While the Government Publications Sale Office is efficient, one of the most important aspects of the law is that it is available to and understood by people. It is a welcome development that we are to have these restatements. As a practising lawyer, particularly in the areas of road traffic Acts, licensing law, social welfare law and land law, it is impossible, even for seasoned lawyers, to understand the law. Sometimes one has to go back to the dusty old Statute Book from the 1700s. While I understand the reason for the proposed amendment I agree with what the Minister of State has said. I ask her to consider the possibility of Irish language organisations being permitted by the Office of the Attorney General or the Government to translate these restatements and make them available for sale to Irish speakers in local communities. However, that is a matter for another day.

Tuigim gurb í an Ghaeilge an chéad teanga náisiúnta agus gurb é an Béarla an dara teanga. Tugadh breithiúnas cúirte mar gheall air seo i rith na bliana i gcás faoi cheadúnas teilifíse agus ceadúnas gadhair a íoc. Tá súil agam go ndéarfaidh an tAire Stáit rud éigin mar gheall ar an ngné sin den cheist seo.

The whole question of dual publication is important. There is the constitutional question of the first language and the second language. The courts have had an input into this area in the past. To what extent can the courts indicate to the House how it should proceed with its business in the case of the need to use one or both languages at specific times?

Aithním gur ath-ráiteas atá i gceist anseo ach tá fórsa dlíthiúl sa Bhille a d'fhéadfaí a úsáid ins na cúirteanna agus ba chóir go mbéadh ath-ráitis go hiomlán trí Ghaeilge. Dá bhrí sin tá mé ag déanamh pointe pholaitiúil go mbéadh sin scríofa sa reachtaíocht. D'fhéadfaimís ath-ráiteas a dhéanamh ar reachtaíocht na tíre seo agus bearna deich mbliana a bheith ann toisc nach bhfuil reachtaíocht na mbliana sin aistrithe go Gaeilge. Má thugann na haistritheoirí faoi na Billí nua a aistriú fanfaidh rudaí mar atá siad.

Tá freagra na ceiste ins an méid a dúirt an tAire Stáit. Léiríonn an dul chun cinn atá déanta le bliain anuas gur féidir le roinn an aistriúcháin agus leis an Oireachtas tabhairt faoi reachtaíocht a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Amach anseo b'fhéidir go mbeimid in ann deileáil le Billí as Gaeilge. Bhéadh sin níos éasca do na haistritheoirí mar bhéadh an reachtaíocht i nGaeilge sa chéad dul síos agus bhéadh na leasaithe ag athrú beagán ar bheagán. Is léir go ritheann Billí go han-mhall tríd an Teach. Dá bhrí sin bhéadh seans ann go mbéadh aistriú déanta ar an mBille sa chéad dul síos.

Ba chóir duinn dea-shampla a thabhairt don phobal agus tús áite a thabhairt don nGaeilge. Ní cóir go rachadh an Rialtas i gcoinne an mhion-athrú seo. Beidh sé soiléir ag an bpobal go bhfuil an saol polaitiúil in easnamh muna glactar leis an leasú seo. Glacaim leis an chuid eile den mBille go hiomlán agus dá nglacfaí leis an athrú beag seo bhéadh teacht ag daoine ar reachtaíocht i bhfad níos tapúla mar go mbéadh ath-ráiteas ós a gcomhair go tapaidh.

Iarraim ar an Rialtas glacadh leis an leasú.

Maidir leis an méid a dúirt na Teachtaí Durkan agus Mulcahy, I look forward to having our Whips' meetings as Gaeilge. Ní raibh a fhios agam go raibh an oiread sin Gaeilge ag an Teachta Durkan.

Agus na Teachtaí eile.

Now we have established that.

Iad go léir.

It is important that we keep as up to date as possible with the translation of our legislation. It is a requirement and also an expectation. The efforts that have been made in increasing the numbers of translators and improving their facilities will ensure that they can work towards that aim. The political will is there to do it. We are not putting that in this Bill as it cannot be done simultaneously.

An important point has been missed in regard to this, which is in direct conflict with what was said by Deputy Ó Snodaigh. Section 4 specifically states that a restatement shall not have the force of law. Unlike legislation, this is not a legally binding document. A restatement would beprima facie evidence of the provisions contained in the legislation.

An chéad rud ba chóir duinn a dhéanamh ná an reachtaíocht atá amuigh ansin agus atá tar éis dul tríd an dá Theach a aistriú go Gaeilge mar sin an rud a bhfuil fórsa dlí ag dul leis. Ansan d'fhéadfaimís na dualgais atá orainn ó thaobh an dlí agus ó thaobh an Bhunreachta a chómhlíonadh. Má dhéanaimid é sin beimid ag dul ar an mbóthar ceart. Toisc nach bhfuil san mBille seo ach ath-ráiteas ar reachtaíocht atá ann níl me chun glacadh leis an leasú.

We are all agreed on where we want to see the Irish language go. We want to give good example, and we can do this in regard to legislation, first, by having debates such as this and, second, by ensuring that the translators have sufficient resources to enable them to continue the work they do in such an expert fashion.

Maidir leis an mBille seo, nach bhfuil ann ach ath-ráiteas agus nach bhfuil fórsa dlí leis, níl mé chun glacadh leis an leasú.

Amendment put.

Cowley, Jerry.Crowe, Seán.Gogarty, Paul.Gormley, John.Harkin, Marian.

Higgins, Joe.McGrath, Finian.Morgan, Arthur.Ó Caoláin, Caoimhghín.Ó Snodaigh, Aengus.

Níl

Ahern, Dermot.Aylward, Liam.Brady, Johnny.Brady, Martin.Callely, Ivor.Carey, Pat.Cassidy, Donie.Cregan, John.Dempsey, Tony.Ellis, John.Finneran, Michael.Fleming, Seán.Glennon, Jim.Grealish, Noel.Hanafin, Mary.Hoctor, Máire.Jacob, Joe.Keaveney, Cecilia.Kelleher, Billy.

Kelly, Peter.Lenihan, Conor.McDaid, James.McDowell, Michael.McEllistrim, Thomas.Moloney, John.Moynihan, Michael.Mulcahy, Michael.Nolan, M.J..Ó Fearghaíl, Seán.O'Connor, Charlie.O'Donnell, Liz.O'Donovan, Denis.O'Malley, Fiona.Parlon, Tom.Sexton, Mae.Woods, Michael.Wright, G.V.

Tellers: Tá, Deputies Ó Snodaigh and Ó Caoláin; Níl, Deputies Hanafin
and Kelleher.
Amendment declared lost.
Bill reported without amendment, received for final consideration and passed.

As the Bill is considered by virtue of Article 20.2.2º of the Constitution to be a Bill initiated in the Dáil, it will be sent to the Seanad.

The Dáil adjourned at 3.10 p.m. until 2.30 p.m. on Tuesday, 17 December 2002.