Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 29 Jan 2003

Vol. 560 No. 1

Written Answers. - Employment Support Services.

Dinny McGinley

Question:

963 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é méid an deontais a ceadaíodh do Chomhlacht (sonraí tugtha); an dáta ar ceadaíodh an deontas; an méid den deontas atá íoctha go dáta; an líon daoine atá fostaithe sa Chomhlacht faoi láthair; an uasuimhir a bhí fostaithe sa Chomhlacht ó bunaíodh é; agus an bhfuil sé sásta le dul chun cinn an Chomhlachta go dtí seo. [2025/03]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh. 716 uaidh den 5 Samhain 2002 faoin gcomhlacht seo. De réir an eolais atá curtha ar fáil ag Údaras na Gaeltachta, tá deontas iomlán de €214,563 ceadaithe sa chás –€91,421 a ceadaíodh ar an 30 Bealtaine 2001 agus €123,142 a ceadaíodh ar an 28 Bealtaine 2002. Tá €71,105 de sin íoctha leis an gcomhlacht go dtí seo.

Tuigim gur tháinig beagán de lagthrá i margadh an chomhlachta roimh dheireadh 2002 agus gur laghdaíodh an fhostaíocht go hocht bpost lánaimseartha ón uasphointe de 13 phost a bhí ann ag tús na bliana sin. Beidh dul chun cinn an chomhlachta á mheas ag an údarás ar bhonn leanúnach sa ghnáthbhealach le súil go n-éireoidh leis an chomhlacht an sprioc de 20 post atá aige a bhaint amach nuair a bheidh sé faoi lánseol.

Top
Share