Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Feb 2003

Vol. 561 No. 2

Other Questions. - Údarás na Gaeltachta.

Enda Kenny

Question:

94 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth ar laghdaigh sé buiséad Údarás na Gaeltachta do dheontais-i-gcabhair do thionscail i mbliana agus an bhfuil sé sásta gur féidir leis an t-údarás cabhrú go hiomlán anois le postanna nua a chur ar fáil sa Ghaeltacht i mbliana. [3780/03]

Tá €24 mhilliún curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta i mbliana i gcomhair deontais do thionscail agus caiteachas caipitil ar fhoirgnimh. Tá mé sásta gur soláthar sásúil é seo ag cuimhneamh ar an éileamh ar dheontais thionsclaíochta nua a bhfuiltear ag súil leis. Maidir le caiteachas caipitil ar fhoirgnimh, ní miste a chur san áireamh gur cuireadh soláthar breise €4.1 mhilliún ar fáil don údarás i rith 2002 chun tograí áirithe a chur i gcrích sa bhliain sin. Chun tuilleadh solúbthachta a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta i mbliana, agus é ag plé le cúrsaí fostaíochta i gcoitinne, rinne mé comhnascadh ar fhomhíreanna H2 agus H3 a bhí ann go dtí seo. Anuas air seo tá comhráití leanúnacha ar siúl leis an údarás i ndáil le roghanna maoinithe nua dá chlár foirgníochta.

An nglacann an tAire go bhfuil laghdú €2 mhilliún ar dheontais tionscail i mbliana agus dá bharr san nach mbeidh sé i gcumas Údarás na Gaeltachta an 1,000 post atá beartaithe aige a chur ar fáil? Nach bhfuil sé fíor gurb é tuairim oifigeach a Roinne nach mbeidh an t-údarás in ann na postanna atá beartaithe aige a chur ar fáil i mbliana toisc an gearradh uafásach seo?

Níl aon bhaint idir an ghearradh airgid agus cumas an údaráis postanna a chruthú. Is í an fhadhb a bhéas ag an údarás ag cruthú postanna ná an lagtrá eacnamaíochta domhanda.

Maidir le deontais caipitil, níl an rud a dúirt an Teachta fíor.

Tá sé anseo.

Tá iomlán de €24 mhilliún curtha ar fáil idir dheontais agus foirgintí.

Tá an t-eolas soiléir faoi fho-mhíreanna H2 agus H3.

Is é an méid atá faoi H2 i mbliana ná €24 mhilliún.

Is é atá scríofa anseo go bhfuil €16 mhilliún gearrtha siar go €14 mhilliún. Fuair mé an t-eolas seo ó Roinn an Aire.

Tá an t-eolas sin mí-chruinn, cibé áit a fuair sé é. Is iad fíricí na ceiste go bhfuil €24 mhilliún curtha ar fáil do H2 i mbliana mar rinne mé comhnascadh agus níl H3 ann ar chor ar bith. Molaim don Teachta na Meastacháin a sheiceáil.

Seo an t-eolas atá faighte agam ón Roinn.

Tá €24 mhilliún faoi fho-mhír H2 i mbliana agus níl H3 ann ar chor ar bith. Chomh maith leis sin, cuireadh €16 mhilliún ar fáil anuraidh faoi H2, nuair a bhí a leithéid de rud ann, ach níor chaith an t-údarás ach €14 mhilliún. Tugadh €2 mhilliún ar ais don Roinn agus tugadh ar ais don údarás arís é, €1 milliún do chaiteachas reatha agus €1 milliún le haghaidh foirgintí. Is é an srian a bhí ar chaiteachas ó thaobh deontais an údaráis de anuraidh ná an cumas a bhí air an t-airgead a chaitheamh. Mar sin, tá mé sásta gur leor an soláthar atá ann le hobair an-chuimsitheach a dhéanamh sa Ghaeltacht i mbliana.

Is í an áit atá an sábháil déanta ná ar fhoirgintí. Nuair a bhí mé sa Roinn cheana dúirt mé go bhfuil bealaí i bhfad níos fearr ag an údarás leis an portfolio foirgintí agus maoine atá aige a bhainistiú. Tá an t-údarás tosaithe air sin agus, le cúnamh Dé, bainfidh sé i bhfad níos mó luach as an airgead ná mar a bhain sé cheana.

Níl aon bhaint ag an gceist seo le foirgintí. Faoi chúrsaí fostaíochta atá mé ag caint. Níl Údarás na Gaeltachta in ann aon tograí nua a chur faoina bhráid do mhí Eanáir ná do mhí Feabhra na bliana seo, toisc nach bhfuil aon airgead aige chun caitheamh ar phostanna nua. Tá mé ag caint faoi phostanna, ní faoi fhoirgintí.

Mar a dúirt mé sa bhfreagra a thug mé don Teachta, "Chun tuilleadh solúbthachta a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta i mbliana, agus iad ag plé le cursaí fostaíochta i gcoitinne, rinne mé comhnascadh ar fhomhíreanna H2 agus H3 a bhí ann go dtí seo". Sin freagra ar cheist a haon.

Mar fhreagra ar an dara chuid den cheist, tugtar treoir don údarás bliain i ndiaidh bliana nach bhfuil cead aige ceadú in aon bhliain amháin don bhliain dár gcionn níos mó ná 75% de chaiteachas na bliana atá ar fáil. Mar shampla, i gcomhthéacs na bliana seo caite, ní raibh sé de chead ag an údarás ariamh níos mó ná 65% de €16 mhilliún a cheadú. Cheadaigh sé níos mó ná sin ainneoin treoir leanúnach a thug gach uile Rialtas, ag dul i bhfad siar. Bhí ar an údarás, agus ní cheal airgid ach de bharr teacht ar ais ag an treoir a tugtar dó agus gur cheart dó a chomhlíonadh, teacht i líne maidir leis sin agus tá sé á dhéanamh sin. Is rud maith agus ceart é sin.

Nuair a bheidh sé sin déanta beidh an t-údarás in ann leanacht ar aghaidh mar is gnáth.

Top
Share