Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Feb 2003

Vol. 561 No. 2

Written Answers. - Foras na Gaeilge.

Michael D. Higgins

Question:

101 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar tháinig Foras na Gaeilge ar aon chinneadh i dtaobh an fhoclóra Béarla-Gaeilge ag an gcruinniú den 6ú lá de Mhí na Nollag 2002; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [3691/03]

Ar 21 Meitheamh 2000, thug an Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas cead i bprionsabal d'Fhoras na Gaeilge foclóir nua-aoiseach údarásach ar ard-chaighdeán a chur ar fáil.

Dá réir sin, fógraíodh an comórtas le haghaidh céime na pleanála nó céim 1 den fhoclóir Béarla-Gaeilge go forleathan i rith an tsamhraidh seo caite. Bainfidh an chéim sin le dearadh teicniúil an fhoclóra, leis an gcóras ríomhaireachta a úsáidfear agus é á chur le chéile, le roghnú na gceannfhocal, leis na córais fhiosraithe corpais agus mar sin de.

Tuigtear dom go ndearnadh na hiarratais a fuarthas dá thoradh sin a mheas le cabhair saineolaithe ó Éirinn agus thar lear, agus gur cuireadh moladh faoi bhráid Bhord Fhoras na Gaeilge ar an 6 Nollaig 2002 gur cheart idirbheartaíocht a thionscnamh le comhlacht amháin faoin gceist. Tuigtear dom gur ghlac an Bord leis an moladh.
Top
Share