Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Feb 2003

Vol. 561 No. 2

Written Answers. - Stádas na Gaeilge.

Mary Upton

Question:

135 D'fhiafraigh Dr. Upton den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an raibh aon teangmháil aige leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta i dtaobh stádas na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [3694/03]

Bhí teagmháil agam leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta maidir leis an straitéis forbartha don oideachas tríú leibhéal trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Mar is eol don Teachta, bunaíodh grúpa oibre idir áisíneacht chun impleachtaí na straitéise a mheas sula ndéanfaí cinneadh ina leith. Tá ionadaithe ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, ó mo Roinnse, ón Údarás um Árd-Oideachais agus ó Údarás na Gaeltachta ar an ngrúpa oibre. Chuir mé in iúl don Aire Oideachais agus Eolaíochta go raibh mé ag tabhairt lán tacaíocht dó i gcomhlíonadh na ngeallta a tugadh i gclár aontaithe an Rialtais go dtabharfaí tacaíocht d'fhorbairt oideachais tríú leibhéal sa Ghaeltacht. Chomh maith le sin bhí cruinniú déthaobhach le déanaí idir mo Roinnse agus oifigigh na Roinne Oideachais agus Eolaíochta chun réimse leathan ábhar a thagann faoi scáth na Roinne seo agus a bhfuil baint ag an Roinn Oideachais leo a phlé. I measc na n-ábhar sin, bhí plé ginearálta ann maidir le cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht agus tá i gceist go ndéanfaí na saincheisteanna seo a phlé tuilleadh leis an Roinn sin amach anseo. Chomh maith le sin tá ionadaí ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar an gcoiste comhairleach a bhunaigh mé le feidhm a thabhairt do mholtaí Choimisiún na Gaeltacht.

Question No. 136 answered with Question No. 104.

Question No. 137 answered with Question No. 105.

Top
Share