Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Feb 2003

Vol. 561 No. 2

Written Answers. - Coláistí Samhráidh.

Dinny McGinley

Question:

138 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é méid an deontais laethúil a íocann a Roinn le mná tí na Gaeltachta i leith gach dalta a fhreastalaíonn ar chúrsa Gaeilge i gcoláistí samhraidh agus an bhfuil sé ar intinn aige méid an deontais a mhéadú i mbliana. [3522/03]

Íocann mo Roinn deontas de €7 in aghaidh an lae i gcás na dteaghlach agus na mbrúanna nó coláistí cónaithe a choinníonn daltaí faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Méadaíodh an deontas laethúil a íoctar faoin scéim i 1998, 2000 agus 2001. Tá comhairleoir fostaithe ag mo Roinn faoi láthair chun taighde a dhéanamh ar ioncam na dteaghlach ón scéim agus óna coláistí féin, i measc rudaí eile. Breathnóidh mé arís ar an leibhéal deontais atá á íoc faoin scéim nuair a bheidh an tuarisc sin fáighte. Idir an dá linn, táim ag scrúdú na bhféidireachtaí maidir le hardú eatramhach a dhéanamh ar an deontas don bhliain reatha, i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil dom sna Meastacháin i mbliana.

Question No. 139 answered with Question No. 106.

Top
Share