Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Feb 2003

Vol. 561 No. 2

Written Answers. - Polasaí Dátheangachas.

Trevor Sargent

Question:

140 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén ról atá aige maidir leis an dátheangachas a chur chun cinn i ngach Roinn agus in áisíneachtaí stáit agus príobháideacha. [3718/03]

Mar is eol don Teachta, foilsíodh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas) 2002 i mí Aibreáin 2002. I measc na bhforálacha a leagtar síos sa Bhille, tá foráil maidir le freagracht ghinearálta a chur ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir le seirbhísí Stáit a chur ar fáil trí Ghaeilge. Tugtar sonraí sa Bhille maidir le próiseas pleanála reachtúil a bheidh le comhlánú ag comhlachtaí poiblí agus ag Ranna Rialtais i ndáil le seirbhísí a chur ar fáil sna teangacha oifigiúla. Is faoi réir an phróisis pleanála sin, ar a dtabharfar "scéim", a leagfar síos dualgas comhlachtaí poiblí chun a chinntiú gur féidir le daoine cumarsáid a dhéanamh leo, agus seirbhísí a fháil uathu, i gceachtar de na teangacha oifigiúla. Ní miste a rá chomh maith go leagtar amach sa Bhille freisin an nós imeachta i gcás ina mbeifear ag iarraidh scóip an Bhille a leathnú amach anseo chuig earnálacha den gheilleagar, seachas an earnáil phoiblí, a ghabhann do sheirbhisí a sholáthar go díreach don phobal.

Is fiú a rá freisin gur ghlac an Rialtas i mí Iúil 2000 le comhionannas teangacha oifigiúla mar cheann de na prionsabal le haghaidh seirbhís ardchaighdeáin don chustaiméir. Sonraítear faoin bprionsabal seo go ndéanfaidh an Státchoras seirbhísí d'ardchaigheáin a sholáthar i nGaeilge agus nó go dátheangach agus go gcuirfear in iúl do chustaiméirí go bhfuil an ceart acu a roghnú go ndéileáilfear leo i gceann amháin de na teangacha oifigiúla. Ar ndóigh réitigh Bord na Gaeilge, mar a bhí, treoirlínte neamhreachtúla i 1993 maidir le seirbhísí Stáit a chur ar fáil trí Ghaeilge agus tá dualgas ar Fhoras na Ghaeilge, a thagann faoi scáth mo Roinnse, féachaint chuige go bhfuil na treoirlínte sin á feidhmiú.

Top
Share