Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Feb 2003

Vol. 561 No. 2

Written Answers. - Coimisiún na Gaeltachta.

Eamon Gilmore

Question:

147 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta ag an gcoiste comhairle ar chur i bhfeidhm thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [3690/03]

Mary Upton

Question:

148 D'fhiafraigh Dr. Upton den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil aon phlean nua aige chun usáid na Gaeilge a fhorbairt sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [3693/03]

Tá sé i gceist agam Ceisteanna Uimhir 147 agus 148 a thógáil le chéile.

Nuair a bhunaigh mé coiste i mí Dheireadh Fómhair 2002 chun comhairle a chur orm maidir leis na beartais a bhfuil gá leo le feidhm phraiticiúil a thabhairt do na moltaí atá déanta i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, iarradh ar an gcoiste sin go sonrach moltaí a dhéanamh faoi phleananna gníomhaíochta le spriocanna inseachadta a dfhéadfaí a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht i ndáil le sealbhú agus buanú na Gaeilge. Iarradh air chomh maith na himpleachtaí airgid maidir le pé plean nó gníomh a mholann sé a mheas chomh fada agus is féidir. Tá go leor dul chun cinn déanta go nuige seo.

Ag eascairt as an obair atá déanta go dtí seo, tá sé i gceist agam staidéar teangeolaíoch cuimsitheach a choimisiúnú ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Beidh an staidéar seo mar bhunús d'fhorbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge agus d'athbhreithniú na limistéar oifigiúla Gaeltachta.

Tá fo-ghrúpa den choiste comhairleach ag breathnú chomh maith ar phlean gníomhaíochta a chur le chéile a bheidh mar aidhm aige comhairle a chur ar thuismitheoirí pháistí óga sa Ghaeltacht maidir leis na buntáistí a bhaineann le roghnú na Gaeilge mar theanga an teaghlaigh. Comhthreomhar leis an obair seo, tá comhchainteanna tosnaithe ag mo Roinn leis na Ranna Stáit eile a bhfuil feidhm acu sa Ghaeltacht maidir le gnéithe sonracha ag eascairt as moltaí an choiste chomhairligh.

Is fiú a lua freisin, go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag mo Roinn ar dhá scéim lena mbaineann tábhacht ar leith leo maidir le buanú agus sealbhú na Gaeilge sa Ghaeltacht, eadhon, scéim labhairt na Gaeilge agus scéim na gcúntóirí teanga. Tá sé i gceist agam dianscrúdú a dhéanamh ar thorthaí na n-athbhreithnithe seo nuair a chuirfear ar fáil iad amach anseo.

Ar ndóigh, ní mór a aithint go mbrathann rath na hoibre seo trí chéile cuid mhaith ar chomhoibriú a bheith ar fáil ó na páirtithe leasmhara uilig a bhfuil baint acu le ceist na Gaeilge sa Ghaeltacht, go háirithe an pobal Gaeltachta agus na Ranna Stáit agus eagrais éagsúla a bhfuil feidhm acu ann agus freagrachtaí dá réir orthu.

Top
Share