Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Feb 2003

Vol. 561 No. 2

Ceisteanna – Questions (Resumed). Priority Questions. - Commission for Racial Equality.

Brian O'Shea

Question:

89 Mr. O'Shea asked the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs if his attention has been drawn to the written submission by the Commission for Racial Equality to the Education Committee of the Scottish Parliament in regard to the Gaelic Language (Scotland) Bill being potentially damaging to race relations; if, in view of this submission, he will refer the Official Languages (Equality) Bill 2002 to the Equality Authority for examination in regard to equality proofing; and if he will make a statement on the matter. [3840/03]

I have not seen the submission referred to by the Deputy although I am aware of the issue being raised in Scotland. It appears that the circumstances in this jurisdiction are fundamentally different, given the constitutional status of the Irish language as the national language and the first official language. Accordingly, it is not my intention to refer the Official Languages (Equality) Bill to the Equality Authority, as suggested by the Deputy. It is, of course, open to that agency, if it so wishes, to make a submission on the Bill as published. No such submission has been received to date.

I thank the Minister for his reply. Does he agree that our society is becoming more multicultural and that Irish citizens who have a native language other than Irish and English deserve equality just as much as everybody else? I take the point regarding the constitutional position, but that does not remove the obligation on the State to be fair to all minorities in terms of the equality of the languages of its citizens.

Aontaím leis an Teachta go gcaithfear freastal ar chuile shaoránach agus déantar sin, go mór mór ar an dream a thagann isteach anseo mar dhídeanaithe, agus déantar cinnte go bhfuil soláthar teanga curtha ar fáil. Tá an-difríocht idir é sin agus na teangacha náisiúnta, an teanga náisiúnta agus an dara theanga oifigiúil. Tá an Bille seo ag plé le stádas na Gaeilge agus an Bhéarla mar atá leagtha amach sa mBunreacht agus sin a bhfuil ann.

Ní aontaím leis an Aire sa mhéid sin. Tá eagla orm go gcuirfidh an tUachtarán an Bille seo go dtí an Chúirt Uachtarach i ndeireadh na dála nó go dtógfaidh saoránach cás os comhair na cúirte cionn is nach bhfuil sé ar chomhchéim le saoránaigh eile ó thaobh a theanga féin. Tá dreamanna anseo anois, cuid mhaith acu ina saoránach agus cuid eile acu a bhfuil cead fanacht sa Stát, agus tá teangacha eile acu. Nach bhfuil gach saoránach cothrom os comhair an Oireachtais?

Tá gach saoránach cothrom ach de réir an Bhunreachta tá dhá theanga go bhfuil stádas faoi leith acu mar theangacha oifigiúla – an teanga náisiúnta, an chéad teanga oifigiúil, an Ghaeilge, agus an Béarla mar theanga eile. Mar sin, sa mBunreacht atá sé leagtha síos go bhfuil dhá theanga le stádas faoi leith sa tír seo. Níorbh mise ná an Teachta a chuir ann é. Níl sé de chumhacht fiú ag an Oireachtas seo sin a athrú, ach ag an bpobal amháin atá an t-athrú sin le déanamh má tá an Teachta a moladh go gcuirfear le líon na dteangacha oifigiúla sa tír seo.

Go dtí go gcuirfear athrú air sin, sin mar atá an stát bunreachtúil. Níl mé ag dul a thabhairt breithiúnais ar rud ar bith a dhéanfaidh Uachtarán ná saoránach, ná cúirt, ach sé an comhairle atá agam ná go bhfuil sé go hiomlán taobh istigh dár gcumhacht reachtaíocht a thabhairt isteach leis na teangacha oifigiúla, mar atá sonraithe go sonrach sa mBunreacht.

Nach bhfuil sé fíor i 1937, nuair a tháinig an Bunreacht isteach sa tír, nach raibh na mionlaigh atá ann anois agus nach féidir sin a chur ar leataobh nuair atá reachtaíocht a thógáil isteach faoi teangacha oifigiúla agus teangacha muintir na tíre uilig?

Tá an ceart ag an Teachta nach raibh an oiread mionlaigh sa tír agus atá ann anois, ach sé fírinne an tsaoil ná go gcuirtear seirbhísí teangan ar fáil do shaoránaigh nach bhfuil an Ghaeilge ná an Béarla acu i gcásanna áirithe. Ní hionann teanga náisiúnta agus teangacha oifigiúla. Má tá na cúinsí athraithe ó 1937, tá caoi ann cúrsaí a athrú sa dóigh is go mbeadh aitheantas oifigiúil a thabhairt do theangacha seachas an Béarla agus an Ghaeilge sa tír seo. Bheadh sé suas do Pháirtí an Lucht Oibre tacaíocht an Tí seo a lorg le haghaidh reifrinn ar an gceist sin. Go dtí go n-athróidh an pobal é, níl an t-údarás agamsa ná ag an Teachta é a athrú.

Top
Share