Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 5 Mar 2003

Vol. 562 No. 5

Ceisteanna – Questions. - Figiúirí Dhaonáirimh.

Trevor Sargent

Question:

102 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Taoiseach cad é an difríocht idir líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge sa Stát seo idir 1991 agus 2001, á chur san áireamh go bhfuil líon na nGaeilgeoirí i dTuaisceart Éireann méadaithe ó 142,003 (1991) go 167,490 (2001) agus faoi láthair go bhfuil líon 75,125 a adhmhaíonn go bhfuil siad líofa sa Ghaeilge. [3719/03]

Cuireadh an daonáireamh a bhí le bheith ann in Aibreán 2001 ar athló go dtí Aibreán 2002 toisc an galar chrúb agus béil a bhí sa tír sa bhliain 2001.

Foilseófar torthaí dhaonáirimh 2002 maidir le cumas agus minicíocht labhartha na Gaeilge i Meitheamh 2003. Os rud é gur úsáideadh an leagan céanna den cheist i ndaonáirimh 1996 agus 2002 féadfar na torthaí cuí a chur i gcomparáid le chéile. Ar an ábhar céanna tá deacracht ag baint le comparáid idir dhaonáireamh na bliana 1996 agus na daonáirimh roimhe sin mar gheall ar an athrú a cuireadh ar fhoclaíocht na ceiste faoin nGaeilge i 1996.

Nach gceapann an t-Aire Stáit gur tábhachtach an rud é na ceisteanna a cuireadh ar an daonáireamh ó thuaidh agus na cinn a cuireadh ar an dtaobh seo tíre a chur in oiriúint dá chéile, i dtreo is gur féidir linn comparáid a dhéanamh eatarthu? I gcomhthéacs Chonradh Aoine an Chéasta, ar a laghad, nach tábhachtach an rud é go mbeadh na ceisteanna céanna á gcur chun go dtuigfí na staitisticí a bhaineann leis an oileán ar fad, de bharr go bhfuilimid ag obair ar an mbonn sin in a lán bealaí faoi láthair?

Cé go bhfuil borradh ins an taobh seo tíre ó thaobh líon na ndaoine atá ag labhairt Gaeilge, tá laghdú ar chéatadán mhuintir na Gaeltachta a bhfuil Gaeilge líofa acu. An bhfuil an staitistic sin tugtha faoi ndeara ag an Rialtas agus, ag éirí as sin, an bhfuil gníomh beartaithe maidir le teorainn na Gaeltachta, mar shampla?

Tá athrú thar na bearta ins na figiúirí. Má fhéactar ar na figiúirí féin feictear go raibh breis agus milliún duine adúirt gur Gaeilgeoirí iad sa bhliain 1991(35% den daonra). Sa bhliain 1996 dúirt 1,430,000 (41% den daonra) an rud céanna. An deacracht atá ann nárbh ionann na ceisteanna a cuireadh sa dá bhliain agus mar sin go bhfuil sé deacair comparáid chuí a dhéanamh. Tá sé deacair freisin comparáid cheart a dhéanamh idir na figiúirí a cuireadh mar níor cuireadh an cheist chéanna ó thuaidh agus a cuireadh anseo. Aithním gur tábhachtach an rud é an t-eolas céanna a bheith againn maidir leis an dá chuid den tír.

B'fhéidir gur chuala an Teachta an t-Aire, Éamon Ó Cuív, ag caint faoi na figiúirí ins na gaeltachtaí. Taispeánann na figiúirí anois go bhfuil na gaeltachtaí ag laghdú. Aithnímid, freisin, go bhuil líon na ndaoine lasmuigh den nGaeltacht a labhraíonn Gaeilge ag méadú. Caithfimid aird a thabhairt air sin agus ar an méad daoine atá ag freastail ar scoileanna lán Ghaeilge ar fud na tíre agus aitheantas a thabhairt dos na daoine sin. Sin an fáth go bhfuil an t-Aire a bhfuil cúram Gaeilge agus Gaeltachta air ag féachaint ar na figiúirí san agus ag déanamh ath-bhreithniú ar réimse agus teorainneacha na ngaeltachtaí chun féachaint conas is féidir linn dul ar aghaidh as sin.

Aithním go gcuirtear ceist eile ó thuaidh seachas an cheist a cuirtear ó dheas. Ón méid atá ráite ag an Aire Stáit, an nglacann sí leis go bhfuil cúrsaí níos measa fós sa mhéid is go n-athraítear an cheist ó dhaonáireamh amháin go daonáireamh eile taobh isteach den Stát seo? Nach gceapann sí go bhfuil sé in am na ceisteanna a chuirtear sna daonáirimh ó thuaidh agus ó dheas a chaighdeánú? De bharr go bhfuil cainteanna tábhachtacha maidir le todhchaí na tíre agus an próiséas síochána ar siúl, tá seans againn socrú ar an ábhar sin a dhéanamh agus an caighdeán sin a leanúint amach anseo i ngach daonáireamh. Cén ról atá ag an Aire Stáit i dtaispeáint go bfuil sin ag titim amach?

Is beag ról atá agamsa maidir le foirm na gceisteanna agus na bhfreagraí. Aithním gur gá go bhfaightear an t-eolas agus go gcuirtear an t-eolas ón dá dhaonáireamh i gcomparáid lena chéile. Tá dhá ghrúpa i gceist a rialaíonn cursaí ins an dá áit agus tá polasaithe difriúla ins an dá áit. Tá eolas ann gur feidir linn a úsaid. Tá a fhios againn, mar shampla, cé hiad na daoine a thuigeann an Ghaeilge, a labhraíonn an Ghaeilge, a úsáideann an Ghaeilge agus atá líofa inti agus is féidir linn comparáid a dhéanamh. As seo amach b'fhéidir gur féidir linn an t-eolas céanna ins an bhfoirm chéanna a fháil. An t-aon deacracht atá againn ná nach ionann an dá cheist.

Is fiú go mór an t-eolas a bheith againn agus is fiú féachaint ar na figiúirí. Bhí an-chuid daoine ins an Tuaisceart adúirt go raibh an-chuid eolais acu ar an nGaeilge ach, ag an am gcéanna, dúirt 89% des na daoine sa Tuaisceart nach raibh eolas ar bith acu uirthi. Ós rud é go bhfuil an cultúr agus an teanga tábhachtach ins an dá áit ba chóir duinn an t-eolas a bheith againn. Ach leis an eolas atá againn ba chóir dúinn an méid Gaeilge atá ins an áit, go hairithe ins an taobh seo tíre, a athbheochain agus a úsáid. Ba chóir do dhaoine eile sa Teach leid a thógaint ón dTeachta Sargent agus uaim féin.

Cén comparáid is féidir nó nach féidir a dhéanamh idir an eolas atá bailithe sa daonáireamh agus ins na suirbhéithe atá déanta taobh istigh des na gaeltachtaí? An bhfuil an t-Aire Stáit in ann a rá cé chomh lárnach is atá an Ghaeilge ins na gaeltachtaí féin, taobh istigh des na teorainn atá ann faoi láthair. Luaigh an t-Aire Stáit na ceisteanna a cuireadh, mar shampla, cé chomh minic is a labhraítear Gaeilge agus an dtuigtear an Ghaeilge? Tá sé deacair an t-eolas a bhfuil sí ag déanamh tagairt dó inniu a chur i gcomparáid leis na nithe atá ráite ag an Aire agus é ag déanamh ainilís ar na figiúirí i gcómhthéacs Acht 1996.

Is iad na ceisteanna a cuireadh sa daonáireamh ná: an bhfuil Gaeilge labhartha agat? Má tá an labhraíonn tú Gaeilge go laethúil, go seachtainiúil, ní chomh minic sin, agus ní labhraim ariamh í? Déarfainn nach bhfuil mórán daoine laistigh de theorann na Gaeltachta a dúirt nach labhraíonn siad Gaeilge ariamh mar go gcaillfidís na deontais go léir, ach tá níos mó ná sin i gceist.

Aithním go bhfuil níos mó Gaeilge le clos lasmuigh den nGaeltacht. Tá an-chuid Gaeilge, mar shampla, i mo dháilcheantar féin. Sin an fáth go bhfuil an t-Aire, an Teachta Ó Cuív ag féachaint ar theorainneacha na ngaeltachtaí agus ar cén áit ina bfuil siad. Tá gach seans go leathnófar na teorainneacha sin. Tá daoine ag ceapadh go gcúngófar iad agus go mbeidh na gaeltachtaí níos lú, ach b'fhéidir nach mbeidh, de bharr an méid Gaeilge atá á labhairt lasmuigh des na gaeltachtaí mar atá siad faoi láthair.

Tá meath tagtha ar úsáid na Gaeilge agus ar ról lárnach na Gaeilge taobh istigh des na gaeltachtaí mar atá siad faoi láthair. An bhfuil sin admhaithe ag comhghleacaithe an Aire Stáit?

Níl na figiúirí againn. Táimid fós ag feitheamh ar na figiúirí maidir le labhairt na Gaeilge agus a húsáid. Is é an t-eolas a tháinig ón daonáireamh maidir leis an méid duine atá ina gcónaí ins an tír an t-aon eolas atá againn faoi láthair go hoifigiúil. Chomh luath agus a fhaighimid an chuid eile, agus beidh sé ag teacht roimh dheireadh na bliana, beimid in ann féachaint conas is féidir é sin a chur isteach ins an polasaithe.

Aontaím leis an Aire Stáit go bhfuil neart Gaeilge á labhairt taobh amuigh des na gaeltachtaí oifigiúla. An gceapann sí go mbeadh sé oiriúnach an deontas a thabhairt to leanaí a labhraíonn Gaeilge go lán aimseartha taobh amuigh den nGaeltacht? Tugtar an deontas faoi láthair ar choinníolacha go labhraíonn leanaí an Ghaeilge an t-am ar fad. An mbeadh sé oiriúnach smaoineamh, ar a laghad, ar an deontas a thabhairt do leanaí a labhraíonn Gaeilge ar an mbonn céanna taobh amuigh den nGaeltacht.

Ar son na teanga, na litríochta agus chultúr na Gaeilge tá sé thar a bheith tábhachtach na gaeltachtaí, mar atá siad, a choimeád agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Ní fhéadfaí é sin a dhéanamh dá scaipfí an t-airgead céanna ar fud na tíre. Ní cheart do dhaoine atá ag tógáil clainne trí mheán na Gaeilge agus atá ag freastail ar scoileanna lán Ghaeilge na deontais céanna a fháil agus a fhaigheann daoine laistigh des na gaeltachtaí. Tá na daoine sin in áiteanna iargúlta agus tá deacrachtaí acu dá bharr, ach tá siad fós ag coimeád na Gaeilge agus á húsaid. Ba chóir go bhfaighidís aitheantas. Deontas Gaeltachta agus ní deontas Ghaeilge atá ann. D'fhéadfainn féin cur isteach ar dheontas don nGaeilge ach ní dhéanfainn é.

Ceist amháin eile.

I am sorry, Deputy, but we have gone long over time.

Top
Share