Tá an clár caipitil 2003 anois foilsithe agus tá mionsonraí iomlán maidir le tionscadail aonair le fáil ar láithreán gréasáin mo Roinne ag www.education.ie. De bharr an leithroinnt buiséid bhí sé dodhéanta aon tionscadal breise a áireamh i 2003. Cinnfidh leithroinnt buiséid do 2004 agus blianta ina dhiaidh an ráta dul chun cinn ar thionscadail scoileanna atá faoi láthair sa chéim phleanála ailtireachta nach bhféadfaí a áireamh i gclár tógála na bliana seo agus an líon tionscadal nua a ndéanfar údarú orthu chun tús a chur leis an bpleanáil ailtireachta.