Tá sé i gceist agam Ceisteanna Uimh. 100 agus 145 a fhreagairt le chéile.
Faoi mar is eol don Teachta, tá leagan leictreonach d'fhoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill – Gléacht – ar fáil i bhfoirm díosca bog cheana féin. Oibríonn sé mar fhoclóir Béarla-Gaeilge agus mar fhoclóir Gaeilge-Béarla araon. Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil leagan leictreonach d'fhoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill á réiteach le cur ar fáil ar CD-ROM go luath. Beifear in ann iontrálacha agus focail a chuardach i gceachtar den dá theanga.
Maidir le mórthionscadal foclóir Béarla-Gaeilge atá idir lámha ag Foras na Gaeilge faoi láthair, tuigtear dom go bhfuil sé ag súil le conradh a shíniú le conraitheoir i mí Aibreáin leis an chéad chéim den obair sin a chur i gcrích. Bainfidh an chéim sin le dearadh teicniúil an fhoclóra, leis an gcóras ríomhaireachta a úsáidfear agus é á chur le chéile, le roghnú na gceannfhocal, leis na córais fhiosraithe corpais agus mar sin de. Leagan leictreonach agus leagan clóite den fhoclóir sin a bheidh ar fáil nuair a fhoilseofar é.