Trevor Sargent
Question:105 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé na moltaí ó Choimisiún na Gaeltachta atá curtha i bhfeidhm go dtí seo. [8349/03]
Vol. 563 No. 5
105 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé na moltaí ó Choimisiún na Gaeltachta atá curtha i bhfeidhm go dtí seo. [8349/03]
140 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le cur i bhfeidhm mholtaí Choimisiún na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [8338/03]
147 D'fhiafraigh Mr. O'Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil aon chinneadh déanta aige i dtaobh theorainn na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [8340/03]
Tá sé i gceist agam Ceisteanna Uimh. 105, 140 agus 147 a thógáil le chéile.
Beidh a fhios ag Teachtaí gur bhunaigh mé coiste comhairleach i mí Dheireadh Fómhair 2002 le comhairle a chur orm maidir leis na gníomhaíochtaí a theastaíonn le feidhm phraiticiúil, mar is cuí, a thabhairt do mholtaí atá déanta i dtuarascáil Choimisiúin na Gaeltachta. Ag eascairt as comhráití a bhí ag an gcoimisiún le déanaí, tá cinneadh déanta agam staidéar cuimsitheach teangeolaíoch a thionscnamh maidir le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Beidh an staidéar seo mar bhunús d'fhorbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar ina labhraítear an Ghaeilge mar ghnáth-theanga agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta.
Tá na saintéarmaí tagartha don staidéar seo á réiteach ag mo Roinn faoi láthair, ag tógáil tuairimí an choiste chomhairligh san áireamh, agus tá sé i gceist tairiscintí a lorg don staidéar tríd an ngnáthchóras i leith tairiscintí poiblí chomh luath agus is féidir.