Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Mar 2003

Vol. 563 No. 5

Written Answers - Community Development.

Breeda Moynihan-Cronin

Question:

135 Ms B. Moynihan-Cronin asked the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs the progress made to date with regard to the review of the Western Development Commission being undertaken by his Department; and if he will make a statement on the matter. [8322/03]

As I have stated on a number of occasions, the purpose of the review is to identify and address any unnecessary duplication between State agencies operating in the western region, thus ensuring value for money of all public expenditure on promoting development in that region. The review is in progress but will not be finalised before a separate study of how best to support enterprise in rural areas has been carried out. I am currently discussing with the Tánaiste and Minister for Enterprise, Trade and Employment the terms of reference appropriate to that study.

Billy Timmins

Question:

136 D'fhiafraigh Mr. Timmins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoin Infrastruchtúr Sóisialach a bheidh á sholáthar ag an Roinn i mbliana. [8395/03]

Tuigtear dom go mbaineann an Cheist seo leis an infrastruchtúr pobail agus sóisialta sa Ghaeltacht. Faoi Scéimeanna Feabhsúcháin Gaeltachta mo Roinne-se, cuirtear deontais chaipitil ar fáil chun áiseanna ar nós hallaí pobail, páirceanna imeartha agus áiseanna eile a fhorbairt nó a fheabhsú sa Ghaeltacht agus chun scéimeanna d'athnuachan baile sa Ghaeltacht a fhorbairt. Trí fheabhsú an bhonneagair ar an dóigh sin, tá sé de chuspóir ag mo Roinnse cur le saol sóisialta agus cultúrtha na gceantar Gaeltachta agus, dá réir sin, an Ghaeilge a neartú mar theanga phobail. Tá sé i gceist agam leanúint arís i mbliana leis an gclár oibre seo agus tá €10.294 million curtha ar fáil dom sna Meastacháin lena aghaidh. Chomh maith leis sin, íoctar deontais faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) le hiarratasóirí cáilithe sa Ghaeltacht chun tithe nua a thógáil agus chun feabhas a chur ar thithe atá ann cheana, rud a chuireann go mór leis an infrastruchtúr sóisialta. Tá €4 million curtha ar fáil i mbliana chun na deontais tithíochta sin a íoc.

Anuas ar na scéimeanna thuasluaite, tá €6.129 million curtha ar fáil i leith oibreacha caipitil ar na hoileáin amach ón gcósta i 2003, na hoileáin Ghaeltachta san áireamh. Caithfear an t-airgead seo ar thograí a chuireann le forbairt na n-oileán idir leas eacnamaíochta agus leas sóisialta. I 2003 tá €2.35 million ar fáil sa chiste reatha do na hoileáin agus caithfear an t-airgead seo ar sheirbhísí farantóireachta agus aeir do na hoileáin go príomha. I measc na n-oileán Ghaeltachta a bheidh ag fáil buntáiste ón gciste reatha i 2003 tá na trí hOileáin Árainn, Oileán Thoraí, Oileán Árainn Mhóir agus Oileán Cléire.

Question No. 137 answered with Question No. 108.
Top
Share