Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Mar 2003

Vol. 563 No. 5

Written Answers - Legislative Programme.

Michael D. Higgins

Question:

148 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil meastachán déanta ag an Roinn ar cad a chosnóidh sé Bille na dTeangacha Oifigiúla 2002 a chur i gcrích; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [8339/03]

Cé nach bhfuil measúnú foirmeálta déanta maidir leis an gcostas a bhainfidh le feidhmiú iomlán an Bhille, is léir go mbeidh costais bhreise i gceist, go háirithe ag an tús. Is cinnte go mbeidh éagsúlacht i gcúinsí Roinn amháin seachas Roinn eile maidir le seirbhísí a chur ar fail i nGaeilge agus, go deimhin, go mbeidh buntáiste ag Ranna éagsúla thar Ranna eile maidir leis na hacmhainní a bheidh acu leis an éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge a shásamh. Tá Ranna Stáit/comhlachtaí poiblí áirithe ag feidhmiú polasaí dátheangach ar leibhéal éagsúla cheana féin .i. eagráin dhátheangacha do thuarascálacha bliantúla, ráitis straitéise, foirmeacha iarratais, bileoga eolais srl. á fhoilsiú. Tógann na comhlachtaí seo na costais ar bhord gan maoiniú faoi leith a lorg.

Go ginearálta, meastar nach mbeidh costas breise substaintiúil ag titim ar aon Roinn/comhlacht poiblí mar thoradh ar fheidhmiú an Bhille, os cionn na costais a thiteann orthu de bharr a ndualgas i ndáil le cinneadh an Rialtais i mí Iúil 2000 glacadh le "Comhionannas Teangacha Oifigiúla" mar cheann de trí phrionsabal nua maidir le seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí. Sonraítear faoin bprionsabal seo go ndéanfaidh an Státchoras seirbhísí d'ardchaigheáin a shólathar i nGaeilge agus/nó go dátheangach agus go gcuirfear in iúl do chustaiméirí go bhfuil an ceart acu a roghnú go ndéileáilfear leo i gceann amháin de na teangacha oifigiúla. Sin ráite, is léir go mbeidh costais bhreise i gceist do na réimsí seo a leanas: Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bhunú, costas traenála, seirbhísí dhátheangacha agus seirbhísí aistriúcháin. Ní féidir, áfach, an costas a bheadh i gceist d'aon Roinn nó d'aon chomhlacht stáit a mheas, go dtí go mbíonn an scéim a bhaineann leo aontaithe.

Top
Share