Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Mar 2003

Vol. 563 No. 5

Written Answers - Harbours and Piers.

Dinny McGinley

Question:

154 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ráiteas a dhéanamh ar an gclár muiroibreacha a bheidh ann i mbliana faoin gcaiteachas caipitil measta. [8390/03]

Faoin bplean forbartha náisiúnta tá plean seacht mbliana (2000-6) á chur i bhfeidhm ag mo Roinn chun céibheanna Straitéiseacha Gaeltachta a thógáil nó a fheabhsú. Faoin gclár oibre do chéibheanna straitéiseacha, tá caiteachas mar a leanas déanta go dáta:

Condae

Méid airgid ceadaithe

Dún na nGall:

Baile Fuar Uisce

1,050,000

Teileann

993,329

Bunbeag

1,435,000

Ciarraí:

Baile na nGall

1,396,910

Tá sé i gceist agam leanúint i mbliana leis an gclár oibre seo agus tá mo Roinn faoi lathair ag obair le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus le Comhairle Chontae Mhaigh Eo maidir le oibreacha feabhsúcháin ar Chéibh Chill Chiaráin i nGaeltacht na Gaillimhe agus Céibh an Fhóid Dubh i Muigh Eo i measc tograí eile. Tá mo Roinn ag plé freisin leis na húdaráis áitiúla eile go bhfuil ceantair Gaeltachta faoin a gcúram maidir le forbairt céibheanna straitéiseacha. Chomh maith leis sin, bíonn clár oibre ar leith ann gach bliain chun céibheanna beaga Gaeltachta a fheabhsú. Is le haghaidh saoráidí farantóireachta nó iascaigh is mó a sholáthraítear an cúnamh seo. Cuirtear an clár oibre seo le céile i gcomhar leis na húdaráis áitiúla.
Top
Share