Eamon Gilmore
Question:435 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le helipad a chur ar fáil ar Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall. [10903/03]
Vol. 565 No. 3
435 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le helipad a chur ar fáil ar Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall. [10903/03]
Níl aon iarratas faighte ag mo Roinnse i leith helipad a chur ar fáil ar Oileán Árann Mhóir. Tá fiosrúcháin déanta ag oifigigh de chuid mo Roinne-se le Comhairle Chontae Dhún na nGall, áfach, agus tuigtear dom nach raibh tosaíocht ard tugtha ag Comharchumann Oileán Árann Mhóir Teo don togra seo sa liosta tosaíochta do 2003 a chuir sé faoi bhráid choiste na noileán de chuid Chomhairle Chontae Dhún na nGall i Meán Fómhair 2002. Ach iarratas a bheith faighte ag mo Roinnse i leith an togra seo, déanfar é a mheas i gcomhthéacs an airgid atá ar fáil dom le caitheamh ar thograí oileánda agus na n-éileamh éagsúil ar an airgead sin.
436. D'fhiafraighMr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le hairgead a chur ar fáil le hinneal agus le stáisiún dóiteáin a chur ar fáil ar Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall. [10904/03]
Ar an gcéad dul síos, is saincheist do na hÚdaráis Dóiteáin í seirbhísí dóiteáin a chur ar fáil ar na hoileáin. É sin ráite, tá iarratas faighte ag mo Roinn ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall ar chúnamh i leith uasghrádú na n-áiseanna dóiteáin ar Oileán Árann Mhóir. Tá costas de 200,000 measta ag an gComhairle Chontae don togra seo a áiríonn:
– uasghrádú an innill dóiteáin;
– uasghrádú trealaimh;
– tógáil stáisiúin nua; agus,
– oiliúint foirne.
Tá an t-iarratas seo á mheas ag oifigigh de chuid mo Roinne i láthair na huaire i gcomhthéacs an airgid atá ar fáil le caitheamh ar thograí oileánda agus na n-éileamh éagsúil ar an airgead sin.
Ní miste dom a rá go dtuigtear dom nach raibh tosaíocht ard tugtha ag Comharchumann Oileán Árann Mhóir Teo don togra seo sa liosta tosaíochta do 2003 a chuir sé faoi bhráid choiste na noileán de chuid Chomhairle Chontae Dhún na nGall i Meán Fómhair 2002.