Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 7 May 2003

Vol. 566 No. 1

Written Answers. - Oibreacha Deisiúcháin.

Dinny McGinley

Question:

759 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an t-achar i méadair chearnacha atá saor i Monarcha Bhaile Munna, Cill Charthaigh (Dún na nGall), cá mhéid airgid atá caite ó 1995 go dáta ar oibreacha deisiúcháin ar an mhonarcha agus an bhfuil sé beartaithe aon deisiúchán eile a dhéanamh san am amach romhainn. [12186/03]

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil tuairim is 2,100 méadar cearnach saor i Monarcha Bhaile Munna (as achar iomlán de 7,700 méadar cearnach) agus caitheadh €2.6 millúin ina leith ó 1995 go dáta idir oibreacha feabhsucháin, athchóirithe agus deisiúcháin.

Déanfar feabhsucháin ar an bhfoirgneamh de réir riachtanais na dtionscadal éagsúil agus faoi réir acmhainni an údaráis.
Top
Share