Official Languages Bill 2002: Second Stage.

I move "That the Bill be now read a Second Time."

Is cúis áthais dom inniu an díospóireacht a oscailt sa Dáil ar an mBille seo. Is é priomhchuspóir an Bhille ná soláthar níos mó agus ar chaighdeán níos áirde de sheirbhisí i nGaeilge a chur ar fáil.

Ina theannta sin, sonraítear roinnt forálacha ginearálta bunúsacha sa mBille a mbeidh feidhm coitianta leo, mar shampla comhfhreagras i dteanga oifigiúil a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna, foilseacháin dhátheangacha de dhoiciméid thábhachtacha áirithe, usaid na Gaeilge sna cúirteanna, comharthaíocht, fógraíocht agus ar uile.

Beidh dualgas reachtúil á chur freisin ar Ranna Stáit agus ar chomhlachtaí poiblí a leithéid de sheirbhisí a sholáthar ar bhealach comhtháite trí chreat pleanála reachtúil, ar a dtugtar scéim, a bheidh le hathnuachan gach trí bliana le haontú an Aire agus ceann an chomhlachta phoiblí i gceist.

Is iad na príomhcheisteanna a bhí romham agus mé ag cur an Bhille seo in eagar ná aitheantas cuí a thabhairt do sheasamh bunreachtúil na Gaeilge mar an príomhtheanga oifigiúil gan aon ghearradh trasna a dhéanamh ná aon bhréagnu a dhéanamh ar an seasamh bunreachtúil sin agus, ag an am céanna, feabhsaithe praiticiúla ar staid lag na Gaeilge sa saol poiblí a bhaint amach, go hairithe ó thaobh seirbhisí poibli tri Ghaeilge a chur ar fáil.

Ainneoin phríomhaíocht bhunreachtúil na Gaeilge mar an príomhtheanga oifigiúil tá, mar is eol do Theachtai, staid na Gaeilge mar theanga labhartha sa lá atá inniu ann ina fíorbhagairt dá todhchaí, fiú amháin sna ceantair Ghaeltachta. Taobh amuigh den Bhunreacht, níl aon reachtaíocht ann chun a chinntiú go gcuirfear seirbhisí ar fáil tré Ghaeilge. Tá mé ag moladh an Bhille seo chun an fhaillí sin a leigheas. Mar thoradh ar an easpa reachtaíochta sin, bhí sé deacair a chur ina luí ar chomhlachtaí Stáit go bhfuil cearta ag saoránaigh na hÉireann i dtaca le soláthar seirbhisí i nGaeilge. Seachas cothrom na féinne a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge, más ón nGaeltacht nó lasmuigh di dóibh, tá meon ann go forleathan gur leor seirbhisí a chur ar fail i mBéarla amháin. Mar shampla, níl aon amhras ach nár tugadh morán aird ar na treoirlínte a d'ullmhaigh Bord na Gaeilge, mar a bhí ag an am sin i 1993, maidir le seirbhisí Stáit a chur ar fáil i nGaeilge. Tá glactha leis go forleathan anois, measaim, go bhfuil gá le hathrú ó threoirlínte neamhreachtúla go dtí córas foirmiúil reachtúil agus nach mbeidh an t-aitheantas ceart ag an Ghaeilge go dtí go mbeidh aitheantas cuí aici sa Státchoras agus sa saol poiblí. Is mar gheall ar sin gur chinn an Rialtas go raibh gá le reachtaíocht agus go bhfuil Bille na dTeangacha Oifigiúla 2002 a chur faoi bhráid na Dála inniu. Beidh deis ag Teachtaí ar ball a gcuid tuairimí faoin mBille a chur in iúl agus tá mé ag tnúth go mór le cloisteáil uathu.

Faoin mBille, beidh ar chomhlacht poiblí dréacht-scéim a ullmhú, lena sonrófar na céimeanna ar leith a thógfaidh sé chun a chinntiú gur féidir le saoránaigh a dteastaíonn uathu a gcuid gnó a dhéanamh i gceachtar de na teangacha oifigiúla é sin a dhéanamh. Beidh gá an scéim sin a chur in oiriúint do chuinsí eagsúla gach eagrais maidir lena chuid seirbhisí a chur ar fáil i nGaeilge, ag cur leis an rud atá indéanta go praiticiúil go gearrthéarmach chun moiminteam a ghiniúint i dtreo forbartha eile in am trátha. Go bunúsach, séard atáthar ag súil leis ná módh pleanáilte agus straitéiseach chun plean a chur i bhfeidhm ar bhonn céimiúil a thabharfaidh aitheantas ar thaobh amháin d'acmhainní eagrais maidir le scileanna sa Ghaeilge agus, ar an taobh eile, do riachtanais daoine a dteastaíonn uathu an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an eagras sin. Sa gcomhthéacs sin, ba chóir dom a lua gur cheadaigh an Rialtas, i mí Iúil 2000, go nglacfaí le comhionannas na dteangacha oifigiúla mar cheann de thrí phrionsabal maidir le seirbhís chustaiméara fheabhsaithe don tseirbhis phoiblí i gcoitinne

Luaigh mé le linn na díospóireachta ar Chéim an Choiste sa Seanad go raibh athbhreithniú déanta agam ón uair a foilsíodh an Bille – i dtaca ach go hairithe le tuilleadh comhairle ón Árd-Aighne – ar roinnt buncheisteanna a bhaineann le stádas dlíthiúil agus bunreachtúil na Gaeilge. Mar a luas sa Seanad freisin, ardaíodh na ceisteanna sin chomh maith in aighneachtaí faoin mBille, ar a n-áiritear aighneachtaí ó Fhoras na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus eagrais eile dá leithéid, maraon le roinnt daoine aonair.

Bhain ceann acu le húsáid an fhocail "comhionannas" sa Teideal Fada, sa Ghearrtheideal agus in alt 1 den Bhille i dtaca leis an nGaeilge, ag feachaint d'Airteagal 8 den Bhunreacht. Is í an cheist a bhí anseo ná go raibh se míchuí go labhróidh aon reachtaíocht i dtaobh comhionannais a bhronnadh ar an nGaeilge, ag cuimhneamh gar stádas tosaíochta atá ag an teanga faoi Airteagal 8.1 den Bhunreacht lena bhforáiltear, "Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í." Mé féin a lua an focal "comhionannas" an chéad uair mar gur shíl mé go mbéarfadh sé ar intinn an phobail agus go raibh tuiscint sa lá atá inniu ann ar an tábhachta a bhaineann le comhionannas. Ach, ar ndóigh, glacaim go hiomlán leis an leasú atá déanta agam féin, gurb í an Ghaeilge an príomhtheanga oifigiúil, agus níor mhaith liom baint de sin.

Bhain ceist eile le forálacha ailt 8 agus 9 den Bhille mar a foilsíodh é – ó thaobh ceart an duine teagmháil le comhlacht poibli agus seirbhisí a fháil uaidh in aon cheann de na teangacha oifigiúla a bheith á theorannú d'aon scéim a bheidh ar bun i dtaca leis an gcomhlacht sin – ag féachaint do bhreithiúnas Hardiman i gcás Uí Bheoláin. Bunaithe ar an mbreithiúnas sin, bhí comhairle tugtha dom go bhfuil dualgas ar an Stát urramú do cheart bunreachtúil an tsaoránaigh gach gnó a dhéanamh leis an Stát i nGaeilge, in éagmais aon dlí a fhágann amach go baileach an ceart sin. Comhairlíodh dom, chomh maith, go bhfuil sé de réir fhorálacha an Bhunreachta, á shonrú de réir Airteagail 8.3, go gcuirfear seirbhisi áirithe ar fáil i mBéarla amháin leis an tuiscint go mbeidh, in am trátha, na seirbhisí sin ar fáil i nGaeilge.

Ba sa gcomhthéacs sin a rinneadh na leasuithe seo a leanas ar an mBille sa Seanad: scriosadh an focal "comhionannas" as an Teideal Fada, as an nGearrtheideal agus as alt 1 den Bhille, maraon le leasuithe iarmhartacha eile; scriosadh an téacs d'ailt 8 agus 9 den Bhille (mar a bhí); agus rinneadh alt 13 den Bhille a leasu chun foráil a dhéanamh d'ullmhú dréacht scéime ina sonraítear faoi alt 9 den Bhille anois:

(a) na seirbhisi a bhfuil sé beartaithe ag an gcomhlacht poiblí iad a sholáthar

(i) trí mheán na Gaeilge amháin,

(ii) trí mheán an Bhéarla amháin, agus

(iii) trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon;

(b) na modhanna cumarsáide ata le cur ar fáil sa Ghaeilge amháin, sa Bhéarla amhain agus sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon, agus;

(c) ceangal a bheith ar chomhlachtaí poiblí pleanáil a dhéanamh d'fheabhsuithe thar thréimhse, arna n-aontu le hAire na huaire maidir leis an leibhéal seirbhíse a chuirfear ar fáil sa Ghaeilge.

Ní miste dom a lua go ndearnadh leasuithe eile – ba leasuithe teicniúla cuid acu – ar an mBille sa tSeanad chomh maith, ina measc: go mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí, comhfhreagras – i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach – i dteanga oifigiúil a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna; agus go mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí cinntiú go n-usáidtear Gaeilge, nó Béarla agus Gaeilge (níl úsáid Bhéarla amháin i gceist) ar stáiseanóireacht, ar chomharthaí agus ar fhógráin, faoi reir rialacháin a dhéanfaidh an tAire.

Tá i gceist go ndéanfar laghdú, de reir a chéile, ar an réimse seirbhisí a gcuirtear ar fáil i mBéarla amháin, trí fheidhmiú na meicníochtaí monatóireachta agus maoirseoireachta atá á moladh agam. Sna cásanna nach gcuirtear a leithéid d'fheabhsuithe céimnithe ar fáil mar a cheanglaítear sa scéim reachtúil, beidh cumhacht ag an Aire, le toiliú an Aire Airgeadais, a iarraidh ar chomhlachtaí poiblí plean a leagadh amach le haghaidh feabhsú ar an seirbhís Ghaeilge mar aon le hamscálaí faoi leith.

Ba mhaith liom anois léargas a thabhairt ar na príomhfhorálacha sa Bhille ina n-ord de réir riar na n-alt. Mar is iondúil i reachtaíocht, 'se alt 1 a leagann amach Gearrtheideal agus tosach feidhme an Bhille. Leagtar amach anseo freisin go meastar go mbeidh an tAcht i bhfeidhm go hiomlán tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis é a rith.

‘Se alt 2 an fhoráil mhíniúcháin. Tá míniú le fáil ann ar "na Teangacha Oifigiúla" maraon le sainmhínithe ar théarmaí eile a úsáidtear sa Bhille.

Déanann alt 3 foráil go n-íocfar aon chaiteachais a bhaineann le riaradh an Achta as airgead a chuirfidh an tOireachtas ar fáil, le toiliú an Aire Airgeadais.

Tugann alt 4 an chumhacht don Aire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh i ndáil le forálacha an Achta. Leagtar amach ann go bhféadfaidh ceachtar Teach den Oireachtas rialacháin a dhéanfar faoin Acht a neamhnú laistigh de 21 lá suí ach, i gcúinsí áirithe, beidh gá le rún ó Thithe an Oireachtais chun dul ar aghaidh.

Leagann alt 5 dualgas ar an Aire tuarascáil bhliantúil a thabhairt do Thithe an Oireachtas maidir le hoibriú an Achta an bhliain roimhe sin.

Baineann alt 6 le cearta Comhaltaí an Oireachtais ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid i dTithe an Oireachtais.

Baineann alt 7 le foilsiú Achtanna go comhuaineach sa dá theanga oifigiúil.

Baineann alt 8 le cearta an duine a rogha teanga oifigiúil a úsáid in imeachtaí dlíthiúla. Leagtar amach ann freisin go bhfuil an ceart ag duine éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is rogha leis nó léi.

Mar atá luaite againn roimhe seo, leagann alt 9 dualgas ar chomhlachtaí poiblí dréacht-scéim reachtúil a ullmhú ina sonrófar na seirbhísí a bheartaíonn an comhlacht poiblí a sholáthar trí mheán na Gaeilge amháin, trí mheán an Bhéarla amháin, agus trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon; agus na bearta a bheartaíonn an comhlacht a ghlacadh chun a chinntiú go ndéanfar aon seirbhísí eile nach soláthraíonn an comhlacht trí mheán na Gaeilge a sholáthar amhlaidh.

Forálann alt 10 go bhfuil dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go n-úsáidtear na teangacha oifigiúla ar stáiseanóireacht, ar chomharthaí agus ar fhógraí faoi réir le rialacháin a dhéanfaidh an tAire. Leagtar amach ann freisin go bhfuil dualgas ar chomhlachtaí poiblí comhfhreagras – i scribhínn nó leis an bpost leictreonach – i dteanga oifigiúil a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna.

Leagann alt 11 dualgas ar chomhlachtaí poiblí, ar chomhlachtaí Stáit iad freisin, doiciméid áirithe ar díol spéise iad don phobal, mar shampla, tograí polasaithe, tuarascálacha bliantúla agus ráitis straitéise, a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúil.

Baineann alt 12 le cead a thabhairt don Aire treoirlínte chun cuidiú le comhlachtaí poiblí scéim a ullmhú agus a éisiúint. Leagtar amach ann na nósanna imeachta chun na treoirlínte sin a réiteach, lena n-áirítear próiseas comhchomhairle. Déanfar cóip de na treoirlínte ceadaithe a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. Is féidir na treoirlínte a leasú ó am go ham.

Leagann alt 13 dualgas ar chomhlachtaí poiblí dréacht-scéim reachtúil a ullmhú. Is é tús an phróisis ná iarratas oifigiúil ón Aire chuig comhlacht poiblí ag iarraidh air dréacht-scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire laistigh de thréimhse shonrach ama nach deanaí ná sé mhí ó dháta an iarratais. Leagtar amach freisin go gcinnteofar leis an ndréacht-scéim go bhfuil líon leordhóthanach den fhoireann inniúil sa Ghaeilge agus cinnteofar freisin go bhfreastalófar ar na riachtanais áirithe Gaeilge a bhaineann le seirbhísí a sholáthar sa Ghaeltacht.

Baineann alt 14 leis na nósanna imeachta a bheidh le leanúint ag an Aire roimh dhréacht-scéim a dheimhniú. Tar éis an dréacht-scéim a dheimhniú leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann, cuirfidh an tAire cóip den scéim ar aghaidh chuig Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla. Fanfaidh scéim i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana de ghnáth agus ina dhiaidh sin caithfear iad a athnuachan. Tá i gceist go n-úsáidfear an meicníocht athnuachana seo chun feabhas suntasach céimiúil a bhaint amach, thar tréimhse, ar leibhéal na seirbhíse trí Ghaeilge a chuirtear ar fáil.

Tugann altanna 15, 16 agus 17 cumhacht don Aire athbhreithniú tréimhsiúil ar scéimeanna a iarraidh; scéim a leasú i gcás go dtiocfaidh aon athrú ar fheidhmeanna nó ar chúinsí comhlachta phoiblí agus aon teip, diúltú nó neamhábaltacht maidir le scéim a ullmhú, a thuairisciú do Thithe an Oireachtais.

Leagann alt 18 dualgas ar chomhlacht poiblí scéim a bheidh ceadaithe faoin Acht a chur i bhfeidhm. Forálann sé leis nach mbeidh raon na scéime ina theorainn ar an gcomhlacht poiblí ó thaobh na mbeart a ghlacann sé chun stadas na Gaeilge a chur chun cinn laistigh den eagraíocht.

Forálann alt 19 nach féidir le comhlacht poiblí aon chostas a ghearradh ar dhuine de thoradh aon dhualgas a thitfidh ar an gcomhlacht poiblí sin faoin Acht.

Baineann alt 20 le bunús Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla. Beidh an Coimisinéir neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna agus ceapfaidh an tUachtarán é nó í.

Baineann altanna 21 agus 22 le feidhmeanna agus cumhachtaí an choimisinéara. Chomp maith le monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Achta ag comhlachtaí poiblí, beidh de chead ag an gcoimisinéir fiosrúcháin a dhéanamh agus comhairle nó cúnamh a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí agus don phobal. Leagann alt 22 síos, mar shampla, go bhfuil de chumhacht ag an gCoimisinéar dualgas a chur ar dhuine faisnéis nó taifid a sholáthar agus leagtar amach ann an pionós a chuirfear ar dhuine nach ndéanann amhlaidh.

Baineann alt 23 leis na nósanna imeachta a bheidh le leanúint nuair a bheidh fiosrúcháin a dhéanamh ag an gcoimisinéir.

Leagtar síos in alt 24 nach féidir leis an gcoimisinéir gearán is ábhar d'imeachtaí dlíthiúla sibhialta a fhiosrú, mura rud é gur cuí déanamh amhlaidh de bharr cúinse speisialta.

Leagtar síos in alt 25 nach féidir faisnéis a gheobhaidh an coimisinéir i mbun a c(h)uid d(h)ualgas a úsáid ach amháin chun na críche sin.

Baineann alt 26 leis na nósanna imeachta a bheidh le leanúint i ndáil le tuarascálacha ar thoradh fiosrúcháin ag an gcoimisinéir. Beidh de chead ag an gcoimisinéir moltaí a dhéanamh i dtuarascálacha den tsórt sin agus, mura gcuirfidh an comhlacht poiblí na moltaí sin i bhfeidhm, féadfaidh an coimisinéir tuarascáil maidir leis sin a thabhairt do Thithe an Oireachtais.

Tugann alt 27 an chumhacht don Aire amach anseo, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim cúitimh a thabhairt isteach sa chás go dteipeann ar chomhlacht poiblí forálacha an Achta a chomhlíonadh.

Leagtar sios in alt 28 gur féidir achomhairc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt, ar phointe dlí, i gcoinne cinntí de chuid an choimisinéara.

Tugann alt 29 an chumhacht don choimisinéir tráchtaireachtaí ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú an Achta a ullmhú, d'fhonn cuidiú le comhlachtaí poiblí agus leis an bpobal.

Leagann alt 30 dualgas ar an gcoimisinéir tuarascáil bhliantúil a ullmhú maidir le ghníomhaíochtaí na hoifige i rith na bliana agus ní mór dó no di an tuarascáil sin a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Féadfaidh an coimisinéir freisin, mas cuí leis nó léi déanamh amhlaidh ar mhaithe le leas an phobail, tuarascáil a fhoilsiú i ndáil le haon fhiosrúchán a bheidh déanta aige no aici nó i ndáil le haon fheidhm eile a bheidh comhlíonta aige nó aici faoin Acht.

Forálann alt 31 nach ndéanann forálacha an Achta aon difear do chumhachtaí an Ombudsman.

Forálann alt 32 nach dtabharfaidh an tAcht aon cheart do dhuine cás dlí a thógáil in aghaidh comhlacht poiblí dá dteipfeadh air a dhualgas maidir le scéim reachtúil a chomhíonadh faoin Acht. Forálann sé freisin nach mbeidh aon chás dlí ann, in aon chúirt, i gcoinne an choimisinéara nó bhaill dá fhoirne i leith aon ghnó a bheidh déanta acu de mheon macánta.

Sa Chéad Sceideal, leagtar amach na comhlachtaí a bheidh ina gcomhlachtaí poiblí chun críocha an Achta. Leagtar amach ann freisin an nós imeachta i gcás ina mbeifear ag iarraidh scóip an Achta a leathnú amach anseo chuig earnálacha den gheilleagar, seachas an earnáil phoiblí, atá ag soláthar seirbhísí go díreach don phobal, mar shampla, bainc thráchtála, gníomhaireachtaí eile a thugann iasachtaí, cuideachtaí árachais, cuideachtaí iompair, soláthraithe cúraim sláinte agus cuideachtaí teileachumarsáide. D'fhéadfadh sé go leathnófar an scóip chuig cuideachtaí a chuireann seirbhísí atá comhchosúil leis na seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil nó chuig comhlacht a bhí, tráth theacht i bhfeidhm an Achta seo, ina chomhlacht poiblí ach a rinneadh príobhodú air ina dhiaidh. D'fhéadfadh sé go leathnófar í freisin chuig comhlachtaí a fhaigheann airgead go díreach ó Aire den Rialtas nó ó Roinn nó go díreach on bPríomh-Chiste más rud é nach lú ná 50% de chaiteachas reatha comhlachta i mbliain áirithe an méid a fhaightear.

Sa Dara Sceideal, leagtar amach forálacha a bhaineann le hoifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla.

Ba mhaith liom anois cúpla focal a rá maidir leis an tagairt don Ghaeltacht sa Bhille seo. I dtosach báire, ba mhaith liom aird na dTeachtaí a dhíriú arís ar na forálacha sa Bhille a mbeidh tionchar díreach, dearfach agus suntasach acu do mhuintir na Gaeltachta go speisialta, ar leibhéal agus ar chaighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a bheidh de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí a sholáthar do mhuintir na Gaeltachta. I measc na bhforálacha sin áirím ach go háirithe an ceart atá ag duine in imeachtaí dlíthiúla éisteacht a fháil agus a rogha teanga oifigiúil a úsáid (alt 8); an dualgas atá ar chomhlachtaí poiblí dréacht-scéim reachtúil a ullmhú ina sonrófar na seirbhísí a bheartaíonn an comhlacht a sholáthar trí mheán na Gaeilge amháin (alt 9); an dualgas atá ar chomhlachtaí poiblí, comhfhreagras – i scribhínn nó leis an bpost leictreonach – i dteanga oifigiúil a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna (alt 10); an dualgas atá ar chomhlachtaí go gcinnteofar leis an ndréacht-scéim go bhfuil líon leordhóthanach den fhoireann inniúil sa Ghaeilge agus go gcinnteofar freisin go bhfreastalófar ar na riachtanais áirithe Ghaeilge a bhaineann le seirbhísí a sholáthar sa Ghaeltacht. (alt 13).

Táim sásta go bhfuil na forálacha sin cuimsitheach agus go gcuirfeadh said go mór le leibhéal agus le caighdeán na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a chuirfear ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Táim sásta freisin go gcinnteoidh an Bille seo, thar an tréimhse tosaigh, soláthar seirbhísí poiblí sa Ghaeilge atá i bhfad níos fearr ó thaobh caighdeáin de agus níos fairsinge ó thaobh réimse de, i gcomparáid leis an scéal fíorasach atá ann i láthair na huaire agus go soláthróidh sé meicníocht a bheidh láidir go leor chun ligean domsa, mar Aire, agus do mo chomharbaí, an leibhéal tosaigh sin a fheabhsú de réir a chéile chun soláthar seirbhísí níos mó, céim ar chéim, a chinntiú, chun freastal ar éilimh na ndaoine a úsaideann an Ghaeilge mar rogha theanga go minic nó ar bhonn laethúil.

Táimse lánmhuiníneach chomh maith go bhféadfai, le fíorchomhoibriú ón tseirbhís phoiblí, bunaithe ar na fíor-acmhainní atá ar fáil agus is féidir a bheith ar fail, meadú faoi cheathair a dhéanamh ar an bhfíorleibhéal seirbhísí nGaeilge sa chéad tréimhse pleanála de réir na reachtaíochta nua. Agus tá mé ag dul níos faide fós leis an mBille seo. Teastaíonn uaim suíomh a chruthú a mbeidh sochaí ann a bheidh fíor-dhátheangach, nach mbeidh ar chainteoirí Gaeilge machnamh an dara huair sula ndéanann siad seirbhísí poiblí a lorg agus a úsáid sa teanga is fearr leo. Mar a dúirt mé, cruthaíonn an Bille seo na cuinsí inar féidir linn togáil – ar bhealach pleanáilte, réadúil, seasta – ar an méid is feidir linn a bhaint amach go réadúil anois, agus gluaiseacht ar aghaidh ar bhealach céimnithe, le muinín iomlán go n-eireoidh leis an gcuspóir atá curtha in iúl agam.

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair atá deanta ag na heagrais Ghaeilge agus ag daoine éagsúla a chuir a gcuid dtuairimí ós ár gcomhair maidir le forálacha an Bhille mar a foilsíodh é. Rinneadh scrúdú orthu sin ar fad, agus mar is eol don Teach, tá cuid mhaith de na moltaí san áireamh anois sa Bhille atá os ár gcomhair inniu.

Mar atá ráite agam go minic roimhe seo, creidim go laidir gurb é an Bille seo ceann de na rudaí is tábhachtaí don Ghaeilge le fada an lá. Sa gcomhthéacs sin beidh baint lárnach ag an mBille, ach é a bheith achtaithe – rud a bainfear amach, le cúnamh Dé, roimh dheireadh an tseisiún Dála seo – le ceann de phríomhstraitéisí na Roinne don treimhse trí bliana amach romhainn a chur i bhfeidhm. Is é sin, úsáid na Gaeilge ar fud na tíre a mhéadú agus tacú le cothabháil na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta trí sholathar níos fearr seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a chinntiú.

Thuig mise go maith go raibh dúshlán mór romham nuair a thug mé faoin obair seo. Bhí a fhios agam gur cuma céard a dhéanfainn nach mbeadh daoine sásta leis. An chaoi a chonaic mise é ná seo, go bhfuil 66 bliain imithe ó cuireadh an Bunreacht i bhfeidhm. I gcaitheamh an ama sin, tar éis go raibh soláthar soiléir san mBunreacht dá leithéid den Acht teanga seo agus go bhfuil féidireacht reachtaíocht luaite go sonrúil san mBunreacht níor tugadh isteach aon Bille teanga ariamh. Is cuma cén chaint a déantar ní féidir le haon reachtaíocht cearta bunreachta a bhaint de dhuine ar bith. Is bun riail dlí é sin.

Tá a fhios agam cén staid ar mhaith liom a bheith sa tír. Ba bhreá liom go mbeimís ar nós an Iorruaidh, an tSúilinn ná an Danmhairge agus go mbeadh an Ghaeilge á labhairt mar chéad teanga ag an bpobal i gcoitinne agus go mbeadh an Béarla ag gach uile dhuine freisin, mar is teanga mór domhanda é. Ba mhaith liom go mbeadh níos mó ná 5% den phobal ag labhairt na Gaeilge gach uile lá, go bhféadfaimís gnó a dhéanamh trí Ghaeilge go laethúil anseo agus go mbeadh éileamh mór ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge sna háiteanna a bhfuiltear curtha ar fáil. Is iomaí rud ar mhaith liom ach ní leor é sin le rud a chur i gcrích. Níl ach 5% den tseirbhís poiblí, mas aon mhacasamhail den phobal iad, inniúil ar sheirbhísú a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Ní fhéadfainn an staid a athrú thart trí reachtaíocht. An rud ba mheasa a bhféadfadh éinne a dhéanamh ná reachtaíocht a thabhairt isteach nach mbeadh infheidhmithe go praiticiúl agus bheadh chomh hilmhianach is go ndéanfaí neamhaird air agus go mbeadh an oiread sin daoine ag déanamh neamhairde air is nach bhféadfadh tada a dhéanamh faoi. Chonaic muid samplaí maithe cheana de reachtaíocht nach féidir a fheidhmiú.

Is é an slat tomhais a bhí agam agus mé ag réiteach an Bhille ná go scríobhfainn sa reachtaíocht an oiread agus ab'fhéidir a bhaint amach go praticiúil i láthair na huaire. Creidim go mbeidh tionchar an-dearfach ag an mBille seo ar fíor úsáid na Gaeilge go laethúil, ach é a bheith achtaithe.

Is deas an rud é plé a bheith ann ach tá sé tábhachtach go mairfeadh daoine sa bhfíor shaol mar atá sé i láthair na huaire. Glacaim leis, ó thaobh na Gaeilge de, nach saol ídéalach é. Feicim gach uile lá i mo dháilcheantar féin nach féidir bun sheirbhísí den chineál is simplí a fháil trí mheán na Gaeilge agus beifear ag cinntiú, nuair a chuirtear na pleananna i bhfeidhm, nach amhlaidh a bhéas.

Ó d'fhág mé an ollscoil chaith mé mo shaol ar fad ag obair do eagraíochtaí a raibh baint acu leis an nGaeilge ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Bhí mé ag obair i gConradh na Gaeilge tráth agus d'oibrigh mé i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge ina dhiaidh sin. Ansin thóg mé céim mhór agus chuaigh mé siar chun cónaí san nGaeltacht ag obair i gcomharchumann Gaeltachta go raibh sé mar phríomh aidhm aige cúrsaí Gaeilge a chur ar aghaidh sa cheantar Gaeltachta sin. Tá clann tógtha agam le Gaeilge. Níl rud ar bith, go réalaíoch, nach ndéanfainn ar son na Gaeilge ach cé acu ab fhearr, rud praiticiúil a dhéanamh ar son na Gaeilge agus é a chur i gcrích agus toradh a bheith air nó scríoh dlí a bheadh chomh hilmhianach is nach dtabharfaí aird air mar nar tugadh ar go leor beartais i leith na Gaeilge thar na blianta.

The media often does not bother reporting what people say in Irish in this House, which is a tragedy and a pity. It does not avail of the translation system which is available. It is, therefore, difficult to speak to the English speaking population through the medium of Irish in the House because of the unwillingness of people to do what they would do in any other place in the world, namely, use translation systems.

This Bill is for all the people and for those who believe, whether they have or speak Irish, that the Irish language is part of their heritage and life. As well as providing services for those who use Irish on a daily basis, the other aim of the Bill is that Irish, which is enshrined in the Constitution as the first official language, would be more visible as a language in this country. That is the wish of the majority of non-Irish speakers. Most non-Irish speakers like the idea of a first official language even on a symbolic level, particularly the way we use official terms in relation to our Parliament, such as the Dáil, the Seanad, the Taoiseach and the Tánaiste. We use words such as Áras an Uachtaráin, Bord na Móna and Raidio Telefís Éireann in common English.

One of the aims of the Bill is to strengthen that because if we move away from the concept of Irish belonging to all the people, including those who do not know Irish fluently, we will move away from the concept which is essential to what we are about, namely, the role of the Irish language as a badge of nationhood and being a separate people and country. That is important in the context of how we view the Irish language as a people.

As somebody who uses Irish in everyday life, the attraction of the language for me is not as a minority language but as the historic and current first language of this State, mar an chéad teanga oifigiúil. There are those who for one reason or another are not fluent in Irish, who have the same love of the language and who feel the same ownership of it. One of my main aims is to revert to the situation, from which we were slowly moving away, where in the naming of public bodies Irish was not always a céim síos.

I hope those who do not speak Irish will not see this as something just for Gaeilgeoirí but for themselves also and that they too will take ownership of it. I count on it that they will welcome a much greater visibility for the Irish language in public life. I hope the position regarding public headed notepaper, for example, will be changed. One would need to get the magnifying glass to read the name in Irish. That is unnecessary. In the past those names were either larger or took equal prominence.

Molaim an Bille seo don Teach. Tá súil agam go mbeidh díospóireacht bríomhar, macánta, oscailte air agus go léireofar malairt agus éagsúlacht tuairimí. Beidh mise ag éisteacht agus beidh mé ag súil le Céim an Choiste agus Céim na Tuarascála den Bhille agus tá súil agam go mbeidh an Bille seo achtaithe agus curtha i bhfeidhm chomh luath agus is féidir.

D'éist mé go cruinn le gach rud a dúirt an tAire agus aontaím go mór leis an chuid is mó. Tá rudaí an-mhaithe sa Bhille seo, níl aon amhras faoi sin, ach tá ceisteanna eile le plé againn inniu freisin. Labharfaidh mé as Béarla ar dtús.

This is an important Bill. It is a historic occasion indeed that following the foundation of the State and Bunreacht na hÉireann, this is the first Bill to regulate the use of Irish and promote it at State and national level. It certainly gives equal right to use Irish or English, as one wishes, to any State or Government body. It imposes an obligation on Departments to provide service as Gaeilge if that is how people want to do business. It is practical and realistic that a proper and reasonable scheme is drawn up by each Minister which will service the 5% of the population a bhíonn ag labhairt Gaeilge inniú.

We need to reflect more on the print on the Bill head, on the dusty dull law that may or may not mean anything. It does not mean anything if the people do not speak the language. We have spent millions of pounds and euro since independence on the Irish language. How effectively was that money spent? I do not doubt the integrity of the Minister, Deputy Ó Cuív, or his commitment. Everybody knows how committed he is on a personal level to the Gaeltacht, to Gaeilge and the Irish culture. He does not doubt the integrity of any of us. As he said, he wants an honest and open debate, and we will certainly have that today.

The reality is that our Irish language policy has failed in the past. If we compare the map of the Gaeltacht as it was in the 1920s with the Gaeltacht now we see a great narrowing of the Gaeltacht area. The reasons for that were both political and economic, particularly economic. Many people had to leave the Gaeltacht in those days. When they went to America or England, they found they did not have Béarla go leor agus gan Béarla, gan post – no English, no job, if they did not have English they could not get a job. That one economic factor destroyed a lot of the Gaeltacht areas. The other issue was that these indigenous areas on the west coast of Ireland were poorer in terms of natural resources and lacked infrastructure and industry. As a result jobs were not available locally. There was no economic benefit from speaking Irish although there was clearly spiritual benefit in the broader sense.

I cannot but praise the people, particularly those in the west, who have preserved Irish culture for thousands of years. The last bastions of the Celtic language in Ireland have been pushed back to the current limits in Donegal, west Kerry, Connemara and small places in Counties Cork and Waterford.

We must do more than pass this Bill. This is the black and white, the legislation, but we need to reawaken in our schools and culture a positive, constructive, proactive view towards the Irish language. It is in the realm of TG4, Raidio na Gaeltachta, Foinse and popular cultural activities that the future of the Irish language lies. We are the custodians of that but we also represent the collective deficit in a sense. What we have lost in the last century or so of the Irish language we must now try to replace. This Bill gives a legal foundation to this aim but if it is not in the hearts and minds of the people, or if it is not what the young people in the Public Gallery want to feel, think, say, watch and do, it will not mean anything and Irish will continue to be marginalised in our social life and our communities. This Bill goes a long way towards building that foundation.

Tá rudaí eile tábhachtacha sa Bhille seo. Ó thaobh stair na hÉireann agus na Gaeilge de, tá sé soiléir gurbh í an Ghaeilge príomhteanga mhuintir na hÉireann go dtí an 19ú aois. Nuair a tháinig mé isteach bhí mé ag léamh "Poems of the Dispossessed" i nDuanaire. Má tá duine ar thriall an ghnáthÉireannaigh roimh an 19ú aois, is sna scéalta agus sna dánta a gheofar iad agus a gcuid saibhris. Ba chóir go mbeadh na bunscoileanna ag léamh leabhair mar seo do na daoine óga. Níl aon mhaith nó aon ghá bheith ag baint le cúrsaí gramadaí. Theip leis an módh múinteoireachta sin. Tá múinteoireacht an chultúir Gaelaigh uainn anois. Tá rich, vibrant cultural heritage ann. The true, historic culture of the Celtic Irish is found in our poems and stories. Much of it was lost but much has also been collected by the Irish Folklore Commission. Ba chóir go mbeadh béim níos mó sna scoileanna ar na rudaí sin agus gan bac leis an ghramadach agus leis an tseanslí leis an Ghaeilge a theagasc.

Rinne Conradh na Gaeilge an-jab ar fad do mhuintir na hÉireann agus don Ghaeilge. Bhí an-bhaint ag lucht an chonartha le polaitíocht freisin i gcúrsaí náisiúnachais. Is é Conradh na Gaeilge a spreag suim sa Ghaeilge 100 bliain ó shin agus tá gá mór go fóill le Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus na daoine aga bhfuil suim sa Ghaeilge leis an teanga a mhuscailt agus a choimeád leis an ghnáthdhuine. Molaim an obair atá déanta acu.

Níl aon amhras ná go ndearna na Bráithre Críostaí agus na mná rialta an-obair fosta. Beidh cuimhne go deo ag gach duine a chuaigh ar scoil leis na Bráithre Críostaí ar an mhódh múinteoireachta Gaeilge agus cultúir a bhí acu. Rinne siad a seacht ndícheall ar son na Gaeilge cé nár thaitinn na módhanna a bhí acu nuair a bhí dalta faoin leathar.

Sa bhliain 1922, nuair a fuair muid ár gcuid saoirse, bhí muintir na hÉireann an-bháúil ar fad don pholasaí náisiúnachais a bhí ag achan duine. Is dóigh liom gurb é an cogadh cathardha a scrios gach rud ar fad. Roimh an chogaidh sin bhí gach duine an-bháúil ar fad don nGaeilge ach nuair a tháinig an t-easaontas mór imeasc mhuintir na hÉireann ba bhriseadh an-mhór é sin ó thaobh an chultúir Ghaeilge a cur ar aghaidh. B'fhéidir nach gcreideann gach duine é sin ach measaim nach bhfuil aon dabht faoi.

Tháinig m'athair féin ó Ghaeltacht Chiarraí. Bhain sé amach an teastas timire Gaeilge agus chuaigh sé ag múineadh i nDúrlas Éile. Tar éis bheith ag múineadh i rith an lae théadh sé ag rothaíocht timpeall ag reachtáil ranganna Gaeilge. Théadh sé go dtí an Teampall Mór agus go dtí áiteanna eile. Bhíodh slua mór de dhaoine fásta aige, a raibh suim acu sa Ghaeilge agus a bhí ag iarraidh í a labhairt agus a cleachtadh. Fuair sé an-spreagadh ar fad ón suim mhór a bhí ann ag an am sin. Cad a tharla don suim sin? An bhfuil sí ann go fóill nó an bhfuil sí imithe? Caithfimid go léir an suim sa Ghaeilge agus i gcúrsaí Gaeilge a mhúscailt arís.

Tá athrú mór tagtha ar léarscáil na Gaeltachta ó bunaíodh an Stát. Ó fuair mé an post seo mar úrlabhraí Gaeltachta is iomaí duine a dúirt liom nach raibh mórán Gaeilge acu ach gur cuimhin leo dul go dtí an Ghaeltacht nuair a bhí siad óg. Tá cuimhne an-mhaith ag aon duine, óg nó aosta, a bhí sa Ghaeltacht ariamh agus tá áit speisialta ag daoine a chuaigh go dtí an Ghaeltacht nuair a bhíodar óg. Caithfear an Ghaeltacht a coimeád chun an Ghaeilge a cur ar fáil do dhaoine. Caithfear níos mó áiseanna chur ar fáil sa Ghaeltacht dos na daoine óga a théann ann i rith an tsamhraidh. Tá sé tábhachtach go mbeadh níos mó chaitheamh aimsire ag na daoine óga a fhreastalann ar na coláistí Gaeltachta. Tuigimíd go léir nach mbíonn an aimsir go ró-mhaith sa Ghaeltacht de ghnáth, fiú amhán i rith an tsamhraidh, agus tá easpa mhór ann maidir le linn snámha agus le háiseanna chaitheamh aimsire atá oiriúnach d'aimsir fliuch. Ba chóir pleanáil forbartha níos fearr a dhéanamh don nGaeltacht ó thaobh chaitheamh aimsire de. Níl aon dabht ach gur rud an-mhaith é daoine óga a chur go dtí an Ghaeltacht. Tá triúir mhac agam-sa agus tá an duine is sine acu 19 d'aois. Bhíomar a fiafraí de ar mhaith leis dul go dtí an Fhrainc nó go dtí an Ghaeltacht ar saoire i mbliana agus dúirt sé gurb fhearr leis dul go dtí an Ghaeltacht. Bhí mé sásta faoi sin. Más rud é go bhfuilimid ag iarraidh an Ghaeilge a leathnú caithfear níos mó daoine óga a mhealladh chuig an Ghaeltacht agus áiseanna níos fearr a chur ar fáil dóibh.

Tá féachaint níos doimhne ag muintir an iarthar ná mar atá ag muintir an oirthir, ar an gcultúr Gaelach ach go háirithe. Tá suim níos mó acu ann agus eolas níos mó acu ar chultúr na hÉireann. Tá saibhreas cultúrtha ag an ghnáth duine san iarthar. Bhí mé ag muineadh ar feadh na mblianta fada i nDroichead Átha agus rinne mé cupla iarracht ar Ghaeilge a mhúineadh do pháistí. Déarfaidís liom, "What is this all about, why are you teaching us this language, what good is it to us and what am I going to get out of this Irish? I want to be a fitter or a mechanic". Ní raibh aon cheangal ag an pháiste óg leis an Ghaeilge nó leis an chultúr Gaelach. Caithfear aidhm speisialta a bheith ann ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de, go mórmhór do dhaoine san oirthear.

Rud an-mhaith atá san mBille, is é sin go mbeidh postanna ann do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus go bhfuil sé soiléir go mbeidh sé de dhualgas ar na heagrais Stáit daoine a bhfuil Gaeilge acu a chur ar fáil chun freastail ar lucht na Gaeilge i measc an phobail. Caithfimid níos mó aird a thabhairt ar na daoine óga, ar an dearcadh atá acu ar an saol agus ar mhúineadh na Gaeilge. Tuigimid go léir cén mhaitheas a dhéanann sé an Ghaeilge a foghlaim ach ní thuigeann páistí scoile é. Caithfear smaoineamh níos mó a dhéanamh ar mhódhanna múinte Gaeilge.

Tá sé cinnte gur loit an Ghaeilge éigeanntach, mar a bhí, suim na ndaoine sa Ghaeilge. Le blianta fada, ní fhéadfaí an t-ard teistiméireacht a fháil gan pas sa Ghaeilge. Níor rud maith é sin. Tá sé éigeanntach anois an Ghaeilge a dhéanamh mar ábhar agus sin rud maith. Tá sé soiléir anois gur féidir le duine óg a rogha féin a dhéanamh agus níl an Ghaeilge á bhrú mar a bhíodh. Daoine an-mhacánta ab ea na daoine a bhí ag brú an mheoin sin ar mhuintir na hÉireann ach níor éirigh leo. Ní éireodh go deo le daoine a bhfuil an dearcadh sin acu.

Tá tuairimí Chonradh na Gaeilge nochtaithe ag an eagras sin. Scríobh an conradh chugam agus seo a thuairimí ar an mBille:

Is é an phríomh aidhm atá againn mar eagraíocht ina thaobh seo, seirbhísí Gaeilge gan dua a bheith ar fáil don phobal. Ina theannta sin, ní foláir don Stát géilleadh don mBunreacht agus don Ghaeilge mar theanga náisiúnta agus mar phríomh theanga oifigiúil agus do na hordaithe bunreachtúil a theascraíonn as sin, mar a dhearbhaigh an Breitheamh Hardiman sa Chúirt Uachtarach.

Ó thaobh na Gaeltachta de, ní foláir don Stát gach tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge inti. Ní hamhlaidh atá faoi láthair, áfach. Is ag brú Béarla tríd is tríd a bhíonn an Stát agus a chuid ball, faraor. Ní foláir don Stát feidhmiú trí Ghaeilge sa limistéar Gaeltachta agus dea-shampla a thabhairt tríd an Ghaeilge a bheith mar theanga oibre aige ann.

Is dóigh liom gurb é sin an pointe is mó atá ag Conradh na Gaeilge. Níl an t-eagras sásta go bhfuil go leor teagmháil á dhéanamh idir an Ghaeilge agus an Stát sa Ghaeltacht agus tá sé ag rá gur cheart go mbeadh ceangal níos láidre ann. Deir Conradh na Gaeilge gur cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an Stát go ndéanfar gnó trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus go ndéarfar sin go soléir. Measann an conradh nach bhfuil sin á sholáthar san mBille seo. Tá cearta áirithe leagtha síos san mBille ach níl siad ann go bunúsach.

Scaip an conradh billeog ar fud na tíre a bhfuil "Cothram na Féinne don Ghaeilge" mar theideal air.

Deir Conradh na Gaeilge:

Tá i bhfad níos mó i gceist le teanga ná meán cumarsáide: is í an nasc is bríomhara idir daoine í. Is súil eile ar an saol gach teanga. Múnlaíonn sí meon aigne an chainteora agus seibhríonn sí ár gcomhoidhreacht dhaonna.

Dúirt an conradh go bhfuil gá le seirbhísí Gaeilge ó chomhlachtaí poiblí gan cheist sa Ghaeltacht agus gur cheart don Ghaeltacht bheith mar aonad riaracháin a riarfaí trí Ghaeilge uaidh. Nuair a bhí an Bille sa Seanad, dúirt an tAire nach ionann an Ghaeilge in achan Gaeltacht agus go bhfuil áiteanna sna Gaeltachtaí nach bhfuil an Ghaeilge iontu.

Dúirt mé go bhfuil áiteanna ann nach bhfuil mórán Gaeilge iontu.

Má tá sin fíor, an ceart go bhfuil na háiteanna sin sa Ghaeltacht? Sin ceist mhór bhunúsach agus tá a fhios agam go bhfuil an tAire ag amharc uirthi agus caithfimid féachaint an-righinn uirthi mar más rud é go bhfuil sin fíor cuireann sé isteach ar na daoine sna fíor-Ghaeltachtaí. Más rud é go bhfuil cúngú níos mó ag teacht ar an Ghaeltacht, caithfimid seo a fhreagairt ó thaobh cearta na nGaeilgeoirí a theastaíonn uatha a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Deir daoine eile gur féidir nach bhfuil a lán Gaeilge sa cheantar sin ach tá vótaí ann agus úsáideann siad iad sa toghchán don údarás. Caithfimid scrúdú a dhéanamh air sin freisin. Tá orainn bheith i ndáiríre faoin ghníomh seo. Caithfimid an Ghaeilge a neartú ach caithfidh an Ghaeltacht bheith fíor.

Beidh ar chomhlachtaí poiblí freagra as Gaeilge a thabhairt do chomhfhreagas as Gaeilge. Is amhlaidh atá cúrsaí le comhfhreagas as Gaeilge chuig an Aontas Eorpach – má chuirtear ceist an Aontas Eorpach as Gaeilge, gheofar freagra as Gaeilge.

Tá sin sa Bhille.

Sin cothrom na féinne de réir Conradh na Gaeilge. Tá an conradh ar lorg comhsheasamh ag an Ghaeilge leis an Bhéarla ar fhoirmeacha, ar fhógraí agus ar seirbhísí idirghníomhacha ar na comhlachtaí poiblí faoi mar atá cúrsaí i dtíortha dátheangach eile. Ní thugann an Bille mar atá aghaidh air seo.

Luaigh mé Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus an chabhair a thug sí do lucht na Gaeilge. Bhí cruinniú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar 30 Aibreáin 2003. Pointe a bhí ag baill na comhdhála ná go mbeadh an cur síos atá ar na teangacha oifigiúla sa Bhunreacht in úsáid sa mBille, go ndéanfaí comhfhreagras i nGaeilge leis an Stát a fhreagairt i nGaeilge agus go mbeadh comhsheasamh ag an nGaeilge ar fhoirmeacha agus fhógraí. Sin iad na rudaí is tábhachtaí do lucht na Gaeilge

Is duine de lucht na Gaeilge mé féin.

Níl mé a rá sin go pearsanta, tuigim sin, tá mé a rá go bhfuil lucht na Gaeilge a rá seo leis an Aire. Seo an pointe is mó idir Chonradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus an Rialtas – go mbeidh seirbhísí i nGaeilge ar fáil do phobal na Gaeltachta ó chomhlachtaí poiblí gan cheist. Tuigim go bhfuil a lán sa Bhille ag iarraidh sin a chur i bhfeidhm ach tá leasuithe molta ag an chonradh agus ag an chomhdháil. Tá a fhios agam mar bhí mé suas go dtí a 2 a.m. aréir á scríobh agus tá siad in oifig na gceist anois. Sin croí na difriíochta atá eadrainn.

Luaigh na heagraíochtaí fosta nach bhfuil sé inghlactha go mbeadh mír sa Bhille a chuireann bac ar an saoránach dul chun na cúirte sa gcás nach bhfuil na nithe atá á ngeallúint faoin Bhille ar fáil dó. Más rud go deir an coimisinéar nach n-aontaíonn sé le duine, níl cead aige dul chun na cúirteanna chun a chearta a bhaint amach agus ní cheart sin.

Deirtear liom nach bhfuil go leor múinteoirí le Gaeilge agus iad a bheith báúil don Ghaeilge sa Ghaeltacht. Ba chóir go mbeadh níos mó ann. Ní bheidh daoine óga na Gaeltachtaí sásta Gaeilge a labhairt muna bhfuil na múinteoirí ábalta an teanga a labhairt ar leibhéal níos airde ná leibheál na bunscoile mar muna bhfuil an múinteoir ábalta á labhairt, sin comhartha nach bhfuil ann ach teanga marbh.

Níl seirbhísí siceolaíochta ar fáil as Gaeilge sna scoileanna. Más Gaeilgeoir duine, caithfidh go bhfuil sé nó sí in ann caint leis an síceolaí as Gaeilge, sin rud bunúsach. B'fhéidír go bhfuil an tAire Oideachais agus Eolaíoichta ag féachaint air sin ag an bomaite seachas rudaí eile ara bhfuil sé ag féachaint faoi láthair.

Tá Bord Sláinte an Iarthair tar éis banaltra scoile agus í gan Gaeilge a fhostú.

Ní dóigh liom go bhfuil sin fíor agus ní cheadófar sin nuair a bheidh na pleananna i bhfeidhm.

Níl teiripeach cainte le Gaeilge don Ghaeltacht ar fáil agus níl sin sásúil. Tá súil agam go tiocfaidh feabhas ar an scéal sin. Níl uirlisí agus áiseanna teiripe chainte ar fáil. Níl seirbhísí sícriatracha ar fáil fosta agus ba chóir go mbeadh. De bharr easpa spáis ag an earnáil phoiblí, cuirtear seandaoine, go háirithe seandaoine le galar Alzheimer's, isteach i gcomhlachtaí príobháideacha agus níl dualgas ar na comhlachtaí sin seirbhís a chur ar fáil as Gaeilge. Caithfidh na boird sláinte díriú air sin mar nuair a bhíonn daoine tinn, is fearr leo go n-úsáidtear a gcéad theanga sa dóigh is go dtuigeann siad cad é tá ag tarlú. Ba chóir go mbeadh Gaeilge ag dochtóirí agus fiaclóirí scoile sa Ghaeltacht fosta. Ba chóir go mbeadh Gaeilge ag tiománaithe otharchairr sa Ghaeltacht agus leaganacha Gaeilge ar na billeoga atá na boird sláinte a scaipeadh.

Tá áthas orm go bhfuil díospóireacht oscailte leathan againn ar an Bhille seo gan aon seafóid. We are talking openly, honestly and sincerely. Bhíodh seanfhocal againn sa bhunscoil, "Tír gan teanga, tír gan anam". Tá ceann nua againn anois, "Tír dhátheangach, tír le hanam".

Tá an Bille seo os comhair na Dála in ndeireadh thiar thall. Foilsíodh an Bille in Aibreán 2002, níos mó ná bliain ó shin. I dtús báire ba é an Ghearrtheideal a bhí ar an mBille ná, Bille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas) 2002. Ghlac an Seanad le leasú ón Aire chun an téarma, "comhionannas" a bhaint as an nGearrtheideal. Dá bhrí sin tá an Ghearrtheideal nua seo ar an mBille, Bille na dTeangacha Oifigiúla. Tá an Teideal Fada athraithe freisin. Tá an choincheap comhionannais bainte as an Teideal Fada ar mheon bhunreachtúil. Is é a deir an Bunreacht gurb í an Ghaeilge an teanga náisiúnta agus an chéad theanga oifigiúil agus gur dara teanga oifigiúil í an Béarla. Ós rud é nach féidir aon rud atá i gcoinne an Bhunreachta a chur isteach i reachtaíocht, ghlac an Seanad leis na leasaithe ón Aire a bhain leis sin.

Bhí mé ag smaoineamh ar m'óráid-se don díospóireacht ar an Dara Chéim de Bhille na dTeangacha Oifigiúla. I dtús báire bhí sé ar intinn agam labhairt go hiomlán as Gaeilge ach in ndeireadh na dála tháinig mé ar an gcinneadh seo: mo chuid ama a roinnt idir Ghaeilge agus Béarla. Bhí cúis an-thábhachtach agam leis seo, cúis a luaigh an t-Aire níos luaithe. Tá díospóireacht leathan, mácanta, oscailte a bheadh saor ó bhrú ag teastáil sa tír seo ar cheist na Gaeilge. Dá mba rud é go labhróinn go hiomlán as Gaeilge bheadh seans beag ann go dtabharfadh na nuachtóirí ó na meáin cumarsáide Béarla aon aird ar a bhfuil le rá agam. Ar ndóigh, a mhalairt a bheadh ann ó na nuachtáin agus na hirisí Gaeilge, ó Raidió na Gaeltachta agus TG4. An rud atá uaim ná cabhrú chomh mór agus is féidir le díospóireacht taobh amuigh den Teach seo a spreagadh. Tá an díospóireacht sin thar a bheith tábhachtach. Muna ghlacann muintir na hÉireann úinéireacht dheimhneach ar an nGaeilge is beag feabhas a thiocfaidh ar an scéal.

Níl sé ar intinn agam an Bille a scrúdú ar mhion cheisteanna nó ar cheisteanna teicniúla. Beidh an seans sin againn ar Cheim an Choiste. B'fhearr liom, um an dtaca seo, labhairt faoin mBille i gcomhthéacs cheist na Gaeilge go hiomlán.

Any legislation that comes before the Dáil needs to be scrutinised in regard to a number of fundamental questions. What problem is it seeking to address? Does it offer the most effective way of addressing a particular problem? How much will it cost to implement all the provisions of the legislation? Does it give real value for money to the taxpayer and is its implementation practical and justified? Who really wants it?

On 19 February, at a meeting of the Joint Oireachtas Committee on Arts, Sport, Tourism, Community, Rural and Gaeltacht Affairs, the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs, Deputy Ó Cuív presented the draft strategy statement of his Department. He stated that, for the purposes of the strategy statement, the Department's work had been grouped into four main areas with goals identified for each.

With regard to the maintenance and promotion of the Irish language, the Department's goal is to increase the use of the Irish language countrywide and to support the maintenance of the language in the Gaeltacht areas. The commitment of the Government to this goal is questionable, particularly in light of the 22% reduction in the allocation to Údarás na Gaeltachta for grants to industries and capital expenditure on buildings. This is against the backdrop of significant net job losses in the Gaeltacht. In view of such job losses, people are increasingly being forced to seek employment outside the Gaeltacht, which is having a further negative impact on the maintenance of the Irish language in the Gaeltacht areas.

Considering this goal, to what extent does the implementation of the Official Languages Bill serve its achievement and is this the best way to use available funds in pursuit of that goal? The Department has done no effective costing of the full implementation of the Bill. In terms of implementing the provisions of the Bill the supply of people with sufficient fluency in the Irish language is a real problem. Addressing the question "Who really wants this Bill?". I was amazed to be told by someone from Connemara, at the recent Labour Party national conference, that there was no great knowledge of the Bill in Connemara. I certainly had taken it that the opposite was the case and perhaps the Minister could enlighten me further on that issue.

I am concerned that, in general, only a small minority of people know about the Bill or are interested in its passage into law. I am of the view that interest in the Irish language is waning in the Gaeltacht and in the Galltacht simultaneously. Nowhere was this better illustrated than in social partnership agreement 2003 to 2005 document, Sustaining Progress, which was produced by the Government and the social partners. The only Irish in the document is on the first page where the notice from the publisher, the Stationery Office, is in both Irish and English.

The forward to the document is signed by the Taoiseach, so there is an Irish word there. However, I have been unable to find any Irish or reference to the Irish language in this document. When we get down to the business of what really matters to us, the Irish language does not figure in our considerations. Not many people know about or are interested in this legislation.

Sustaining Progress deals at length with delivering quality public services and includes sections on education at all levels and modernisation of the Civil Service and local authorities. Despite the fact that the Official Languages (Equality) Bill 2002 was before the Oireachtas when Sustaining Progress was negotiated and concluded, the Irish language did not figure in the social partnership agreement for 2003 to 2005. This is a damning indictment of the Government's commitment to the Bill and to the Irish language in general.

If the Government and the social partners had declared their support for the Bill in Sustaining Progress, it would have engendered a significant and much needed debate which would have informed the public regarding the Bill. This represents a lost opportunity to cultivate support for the Irish language in general and for the provisions of this Bill, in particular. I have long put forward the view that unless and until there is a full and frank national debate leading to the population at large adopting a proactive ownership of the Irish language, any other measures are doomed to limited, if any, success.

I wish to outline the questions that need to be addressed in this debate. Should we seek to revive the Irish language? If we wish to revive it, why is this desirable? What are the appropriate measures necessary to maximise the revival? If it is desirable to revive the Irish language, what are we prepared to do, individually and collectively, to advance this objective with all haste? The latter is perhaps the most important question we must ask. Strong actions, not words, are required. The establishment of Coimisiún na Galltachta is a possible vehicle to stimulate this process. The vast majority of the population has not engaged in any meaningful way with the Irish language question. Unless and until the community at large takes up ownership of the Irish language, free of elitism and fanaticism, the prospects of halting decline are scant indeed. The Irish language belongs to all the people and I was pleased the Minister said so as it should be clearly stated again and again.

I refer now to an issue which I have already raised in the House with the Minister regarding the multicultural Ireland that has developed and continues to develop. The Minister has already made substantial changes to the original Bill, the Official Languages (Equality) Bill, based on Article 8.1 of the Constitution, which states that the Irish language is the national language and the first official language. Article 8.2 states that the English language is a second official language. The Bill as originally presented could therefore have been interpreted as contrary to the Constitution. We should bear that in mind – the Constitution states that English is a second official language, not the second official language. The Bill does not state this.

In 1937, when the Constitution was drafted, voted on and passed into law, we did not have a multicultural Ireland so the issue of official languages other than English and Irish did not arise. The Gaelic Language (Scotland) Bill, which is similar to this Bill, has been denounced by the Commission for Racial Equality in the UK as racist. The Commission is concerned that giving too much prominence to Scotland's indigenous language could offend other ethnic minorities and damage race relations. I acknowledge the UK does not have a written Constitution. I understand that the Chinese community in Ireland numbers 50,000, in or about the population of Waterford city, which I represent. Scotland has fewer than 60,000 Gaelic speakers. What is the real figure for Irish speakers in Ireland? Perhaps the Minister knows. He should address this when summing up.

About a million.

We should not be afraid to debate issues such as this and not react to them in a hostile, angry way from our trenches.

We should preserve and develop the use of the Irish language. Its cultural value makes it a national treasure. The Irish language movement has nothing to fear from full, open and frank debate. If people believe that it is a waste of time and money to revive the language, they should be encouraged to state their views without fear or intimidation. The revival of the Irish language tended to be a God value in the State and those who did not share that view have in the past been scorned as being anti-Irish. That mindset is changing but all shades of opinion must be encouraged to participate freely and openly in the kind of debate which is the only real prospect for progress in the revival of the Irish language.

We are spending a great deal of money on the Irish language and we are certainly not achieving results commensurate with that investment. We need to examine and analyse what we are doing in a comprehensive way. We do not know precisely how much money the State and local authorities are spending on Irish. A great deal of money is provided for the educational system at all levels. Children, on completion of primary education, have had eight years of Irish, yet two years later they can have a fluency in a continental language that they do not have in Irish. Outside the school environment there is little incentive to use the Irish language. Changing the public's commitment to the Irish language in a positive proactive way is basic to providing the supportive environment to encouraging primary school children to use the Irish they learn at school in the world outside the school. Obviously if parents are sympathetic and committed it is tremendous and the greatest motivation children can have.

Networking between families genuinely committed to the Irish language in localities would make a considerable contribution to increasing the use of Irish countrywide. Children must be made to realise that Irish is not just something they must learn in school as a sort of penance. There is no doubt that motivated pupils will learn quicker. They must learn that both inside and outside school the Irish language and culture can bring much joy to them and add to their lives.

When we consider the vast amounts of money spent on Irish at all levels of education we must ask what is the strategic objective in regard to teaching of Irish throughout the education system. For many years I was under the misapprehension that public policy was the creation of a bilingual society in Ireland. However, I found out that there was no real public policy regarding Irish. Any nation that does not have a strategic policy for an important area of its national life, like its native language, will undoubtedly not achieve that objective. The Minister's strategic goal is much more modest than achieving universal bilingualism in Ireland but is probably more realistic. Any entity that seeks to achieve an objective of the scale of reviving a national language that does not have a clear objective, a well thought-out programme, the resources to implement that programme and an effective monitoring system will certainly achieve limited success.

The Bill focuses on the Oireachtas, public bodies and the courts but it is absolutely vital that the political parties should be brought under the provisions of the Bill if we are really serious in regard to Irish. Political parties should be clearly named in the Bill and it should be noted that those parties now receive a considerable part of their income from the State. If the provisions of the Bill do not apply to the political parties, the sincerity and commitment of the Oireachtas as a whole must be very seriously questioned. The Oireachtas should lead on this issue and set the headline for the rest of the country.

The Office of the Official Languages Commissioner is a meritorious proposal. Concerns are being expressed regarding the provisions in the Bill which on one hand provide for appeals of decisions of the Commissioner to the High Court on a point of law, while on the other hand providing that the Act will not confer a right of action in civil proceedings in respect of any failure to comply with a statutory scheme under the Act. It also provides that no civil or criminal proceedings shall lie in any court against the Commissioner and his or her staff in respect of acts done in good faith by the Commissioner and his or her staff.

Whereas the curtailment of individual rights is something that should normally be strongly opposed, this is one occasion when I believe that it is the right course of action. The independence of the Commissioner and the status of the office is paramount.

The Minister has presented the Official Languages Commissioner as an ombudsman, in effect, and I go along with that point of view. There is also the very real danger that if a right of action in civil proceedings were provided, it could very well prove to be an expensive crank's charter.

Tá na tuairimí seo leagtha amach agam agus glacaim go bhfuil an tAire i ndáiriíre mar gheall ar an mBille seo. Táim cinnte gur oibrigh sé go dian air agus go bhfuil a chroí san áit cheart. I ndeireadh na dála, an cheist atá agamsa dó ná an í seo an tslí is fearr cabhrú leis an Ghaeilge sa Gaeltacht agus sa Ghalltacht? Bhi Coimisiún na Gaeltachta ann agus tá a mholtaí ag an Aire agus tá sé ag iarraidh iad a chur if bhfeidhm ag an noiméad. Tá mé a rá leis le fada, afach, agus tá fhios agam nach n-aontaíonn sé liom, go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh coimisiún na Galltachta againn le díospóireacht a spreagadh sna bailte, san sráidbhailte, sna cathracha agus ar fud na tíre ar fad ar an Ghaeilge. Tuigeann an tAire go bhfuil dea-mhéin ag an bpobal don Ghaeilge. B'fheidir go bhfuil sé sin fíor ach dea-mhéin bog atá ann.

Debate adjourned.