Gabhaim buíochas leis na Teachtaí ar fad a labhair ar an mBille seo. Bhí díospóireacht úsáideach agus dearfach againn. Ba mhaith liom go bhfeicfí an Bille mar pháirt de phróiseas níos mó de chéimeanna atá glactha leis an Ghaeilge a choinneáil i lár shaol na hÉireann.
Aontaím go mór leis an moladh a tugadh anseo do na meáin cumarsáide Gaeilge. Ta TG4, gan bheith i bhfad ar an saol, ag tabhairt na Gaeilge isteach i ngach uile theach in Éirinn. Tá sé tar éis bheith glic agus seiftiúil. An rud ba ghlice a rinne sé ná "All Ireland Gold" a thaispeáint mar duine ar bith nach raibh aeróg acu an t-am sin, chaill sé mórán atá anois le feiceáil arís. Molaim Raidió na Gaeltachta. Tá sé se ag trealamh ar feadh na blianta agus ní thuigtear an méid daoine taobh amuigh den Ghaeltacht nach bhfuil Gaeilge an-líofa acu, daoine ar nós an Teachta Gay Mitchell, a éisteann leis an stáisiún sin. Molaim Foinse agus Lá, an páiste is óige acu sa méid gur nuachtán laethiúil cúig lá den tseachtain anois é.
Ní fhéadfainn seasamh anseo inniu, áfach, gan a rá go bhfuil díoma an tsaoil orm go bhfuil an dream is mó a fhaigheann airgead an phobail as craoladh poiblí a dhéanamh ar son mhuintir na hÉireann faillíoch agus neamhairdeach nuair a thagann sé chun ceist na Gaeilge. Chuir sé uafás agus alltacht orm aréir ag breathnú ar "Oireachtas Report" nuair nach raibh tagairt ar bith do rud ar bith a dúradh sa Teach seo ar Bhille a bhí tábhachtach. Pléadh coistí agus bhí Riar na hOibre sa dá Theach ann ach shílfeadh duine nach raibh an Bille seo a phlé sa Dáil, Bille atá lárnach do shaol chuile duine sa tír. Feictear domsa gur faillí sa ghnó phoiblí agus an dualgas poiblí atá ar RTE nár craoladh aon chuid den díospóireacht bríomhar seo.
Ní chuimhin liom, ó tháinig mé isteach sa Teach, go raibh díospóireacht ar bith faoin nGaeilge gur labhair an oiread sin Teachtaí ann i nGaeilge agus i mBéarla agus gur taispeánadh an oiread sin speise ann. Tá go leor leor pointí an-mhaith déanta. Ba bhreá liom go mbeadh i bhfad níos mó ná ceithre uair a chloig ann chun iad a fhreagairt. Bhí éagsúlacht tuairimí sa Dáil agus is rud iontach sláintiúil sin mar dá mbeimís ar aon tuairim amháin, bheadh sin míshláinitiúil. Chuir mé in aghaidh ariamh an tuairim go gcaithfeadh chuile duine bheith ar aon tuairim faoin nGaeilge, nach bhféadamís díospóireacht iomlán, nadúrtha a bheith againn fúithi mar a bheadh faoi rud ar bith eile.
One of the things I tried to do when we talked about the Bill initially was to make it an official languages Bill. I wanted to send a clear message that it was not a question of displacing English, which I do not think needs any great protection either in this country or worldwide, but of encouraging the use of Irish as a general medium and of giving it much greater official prominence in public life. That is why it is a Bille na dTeangacha Oifigiúla seachas a Bille na Gaeilge. I was very interested in what was said about non-nationals who have come to live here.
Féadfaidís leis an neart atá acu sa dátheangachas ceachtanna a mhúineadh chugainn. I bhformhór tíortha an domhain, sé an gnáthrud ná dátheangachas ar a laghad. Bhí mé ar chuairt san Aifric Theasc le gairid, agus i measc na daoine dubha, ní amháin go raibh dhá nó trí nó ceithre theanga acu, cuid acu bhí sé agus seacht gcinn de theangacha acu. Taispeánann sin bua theangaidh go mba bhreá liomsa, le daoine sa Teach seo agus le go leor daoine san Eorap a bheith acu. Is maith an scéal é go bhfuil siad sa tír agus go dtaispeánann siad do dhaoine nach gcaithfear teanga amháin a chailliúnt le teanga eile a bheith le duine.
Thug mise tacaíocht agus ómós don dream ó Thuaidh nuair a bhí siad ag iarraidh an aisíneacht Ulster Scots a bhunadh mar chuid den Fhoras Teanga.
Tá go leor cainte déanta le dhá lá anuas ar ghaelscoileanna. Taispeánann an t-éileamh atá ar na gaelscoileanna an speis atá ag go leor de phobal na hÉireann, iad siúd agus Gaeilge acu agus iad siúd nach bhfuil sí acu, sa nGaeilge agus an fonn atá orthu go mbeidh Gaeilge ag a gcuid páistí. Ardaíonn sin ceist eile – mar duine a chuaigh ar scoil ina raibh an teagasc ar fad trí Bhéarla, agus rinne mé mo chuid ollscolaíochta trí Bhéarla freisin, ach ar éirigh liom Gaeilge mhaith a thabhairt liom – faoi mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna nach gaelscoileanna iad. Creidim go bhfuil caighdeán múineadh na Gaeilge sna bunscoileanna i gcoitinne lagaithe go mór le 30 bliain anuas agus caithfimid breathnú as an nua ar cén bealach a mhúinimid an Ghaeilge sna gnáthscoileanna. Ní rud maith a bheadh ann, fiú dá mbeadh 10% den phobal ag dul i ngaelscoileanna, go ngéillfidh an Ghaeilge i 90% eile mar nach bhfuil an Ghaeilge do mhúineadh i gceart sna scoileanna sin. Cuireann seo iontas orm leis na deiseanna nua, físeáin agus leabhráin agus na rudaí nua ar fad gur amhlaidh a bheadh an scéal.
Ba bhreá liom, agus bheadh sé sláintiúil, go mbeadh díospóireacht lá éigin sa Teach ar an Ghaeilge agus ar pholasaí Ghaeilge na tíre. Cuirfidh mé an cheist sin leis an bPríomh Aoire. Ba mhaith an rud go socrófaimís amach cén áit is ceart don Ghaeilge a bheith i saol na hÉireann. D'fhogair mé agus mé ag caint ag comóradh 50 bliain de Ghael Linn le déanaí, go bhfuil sé i gceist agam nuair a bheidh an Bille seo foilsithe, leabhrán a fhoilsiú a chuirfidh síos ar stair na Gaeilge, cé as a dtáinig sí, mar tá sin tábhbachtach ó tharla gur againne atá an teanga scríofa is sine san Eorap. Cuirfidh sé síos ar an stádas bunreachtúil atá ag an nGaeilge, an stádas atá aici ó Thuaidh ach go mór mór ag cur síos ar pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge. Bheadh ráiteas simplí, 20 nó 30 leathananch i nGaeilge agus i mBéarla, a dhéanfadh cur síos a bheadh soiléir don saol céard é polasaí an Stáit agus an Rialtais i leith na Gaeilge. Is cuid dínn an Ghaeilge.
Deputy Gay Mitchell mentioned the curse of the two forms of the Irish language on name plates on the same street – total carelessness where one sees a síne fada on a consonant and a séimhiú on a vowel and other gobbledegook. This morning I announced the formation of a new coimisiún logainmneacha, which will take office at the beginning of June, and I nominated the members to that new coimisiún. The place names branch of the Department has the official responsibility under law to advise the Minister on official place names and the Minister, myself in this case, effects those by ministerial order.
It is absolutely disgraceful that local authorities do no consult the commission on the correct forms of names, as they are obliged to do, and that they print the wrong forms on signs. When driving into Galway recently, I was appalled by a brand new sign for a national primary or secondary route. The legend on it reads "An Gaillimh". If one were using "An", the sign would read, "An Ghaillimh", but the name of the place is "Gaillimh". One would say "muintir na Gaillimhe" ceart go leor. I then drove on to a roundabout where I saw a sign which read, "An Sligeach". Those signs should be taken down forthwith and disposed of. Tá ceann eile i gContae Mhuigheo agus Inis Mhic an Thír ar thaobh amháin den chomhartha agus Inis Mhic an Trír ar an dtaobh eile den chomhartha céanna. Is é an dara ceann atá ceart. Tá Glan Coiribe curtha ar chomhartha eile cé nach bhfuil a leithéid d'áit ann. Is mór an náire an rud atá ar bun, ach tiocfaidh mé chuige sin ar ball.
Nuair a thosaigh mé ag obair ar an mBille seo bhí cur chuige simplí ann. Bhí orm glacadh leis gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil. Bhí orm glacadh leis go raibh, go bhfuil, agus go mbeidh, go ceann scatha ar a laghad, srianta leis an méid is féidir a dhéanamh de bharr go bhfuil líon na gcainteoirí líofa Gaeilge a bheadh in ann seirbhís éifeachtach trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil teoranta. Bhí orm a shocrú go mbeadh rud ar bith ar chuirfí san mBille seo indéanta go praiticiúil agus go dáiríre.
Bhí an Bille seo ag imeacht, ar leibhéal amháin, ón sean choincheap go gcaithfidh an Stát a bheith ann mar áisíneacht cur chun cinn na Gaeilge. Tá an Bille ag díriú go mór ar sheirbhís de árd chaighdeán a chur ar fáil don chustaiméir. Tá taithí agam ar an gceist seo. Ba mé an chéad Teachta Dála ariamh i nGaillimh a shocraigh go mbeadh gach uile dhuine san oifig dháilcheantar inniúil ar Ghaeilge a labhairt agus go mbeadh an Ghaeilge mar ghnáth theanga na hoifige. Rud spéisiúil a tharla, ná gur tharraing sé sin na Gaeilgeoirí isteach le gnoithe a dhéanamh liom. Thaispeáin sé sin domsa dá mbeadh an tseirbhís ar ard-chaighdeán, gan dua agus nádúrtha nach gcuirfeadh sé na Béarlóirí ón doras ach go dtarraingeodh sé na Gaeilgeoirí isteach leis an tseirbhís a úsáid agus le Gaeilge a úsáid leis. Sin atá i gceist go mór ó thaobh na Gaeltachta de leis an mBille seo.
Cuireadh ceist cé mhéad a chosnóidh sé? Cosnóidh sé roinnt airgid le hoifig an choimisinéara a chur ar bun ach ní airgead an-mhór é. Beidh rannóg i mo Roinn ag teastáil leis na pleananna a réiteach. Taobh amuigh de sin ní cheart go mbeadh mórán costais ag baint le feidhmiú an Bhille seo do na Rannaí eile. Má táthar ag iarraidh seo a theisteáil níl le déanamh ach breathnú ar cheist amháin. Cén uair a thug aon Aire Airgeadais airgead breise don Roinn Ealaín Oidhreachta Gaeltachta agus Oileán nó don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta nó aon Roinn eile ar nós é atá ag feidhmiú go dhátheangach agus atá ag comhlíonadh go leor de na forálach san mBille seo? Fós, bhíodar in ann bunáite an ruda atá i gceist san mBille seo a dhéanamh.
An dtugtar airgead breise riaracháin do Údarás na Gaeltachta mar go gcaithfidh sé feidhmiú go dhátheangach gach uile lá? Ní tugtar, mar nuair a fostaíodh na daoine ann deineadh cinnte go rabhdar dátheangach. An gcosnaíonn sé aon airgead breise duine dhátheangach a chur i bpost nó duine aonteangach a chur i bpost? Nach polasaí earcaíochta atá i gceist ansin? Mar sin, má oibrítear é seo go stuama ní cheart go mbeadh mórán costas breise ann. Cén chostas breise, agus dílárnú ar bun ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, a bheadh ar deichniúr a fhostú agus iad a chur siar go dtí an Cheathrú Rua le seirbhís a thabhairt do mhuintir Chonamara trí mheán na Gaeilge seachas an deichniúr céanna a bheith fostaithe i gcathair na Gaillimhe agus gan ach Béarla acu agus ag tabhairt an tseirbhís céanna trí Bhéarla? Mar sin, ní ceist costais ach ceist pleanáil, earcaíochta, cur chuige agus tola í. Aisteach go leor, ní chosnóidh sé seo mórán.
Tá an cheart ag an Teachta Durkan agus aontaím go mór leis. Ní cheart do Airí a bheith de shíor ag tabhairt cumhachtaí uathu. Ní shin atá i gceist leis an mBille seo. Má tá casaoid amháin ag cuid des na heagraíochtaí Gaeilge is é go bhfuil an iomaraca cumhachta coinnithe ag an Aire. B'fhearr leo go mbeadh sé curtha sa bhun dlí, áit a mbeadh fadhb le cuid des na moltaí, nó go mbeadh sé tugtha don choimisinéir. Bheadh fadhb leis sin chomh maith. Caithfidh an bun smacht ó thaobh leagan amach na bpleananna de agus céard a bhéas iontu fanacht sa réimse pholaitiúil. Leis an bá atá sa Teach seo inniu agus inné don mBille seo, ní dóigh liom gur contúirt é sin a fhágáil i lámha na bpolaiteoirí.
Céard é ról an choimisinéara? Nuair atá na pleananna déanta agus gach rud faoi réir, is é a ról déanamh cinnte go ndéanfar de réir toil an Oireachtais. Tá sé mar a bheadh an garda i gcúrsaí dlí. Ní bheadh sé ceart go mbeadh an t-Aire i mbun monaiteoireachta nó mar phóilín ag an mBille seo. Ba cheart go ndéanfar sin go neamhspleách. Is é ról an choimisinéara cearta an chustaiméara agus an tsaoránaigh a chosaint. Le cúnamh Dé anois, nuair a cuirfear na comharthaí seafóideacha seo suas ní bheidh le déanamh ach scríobh ag an gcoimisinéir agus a rá, "A choimisinéir a chara, an bhfaca tú an rud atá déanta? Ní thagann sé leis na rialacháin go bhfuil sé seo curtha suas i nGaeilge nach dtagann leis an leagan oifigiúil. An bhféadfá rud éigin a dhéanamh faoi?". Ní bheidh le déanamh aige siúd ach, le cumhacht an choimisinéara, scríobh ag an údarás agus a rá go gcaithfear an rud a chur ina cheart. Nuair a bheidh sé sin déanta cupla uair aige nó aice ní bheidh air nó uirthi é a dhéanamh an dara uair. Má deirtear i bplean go mbeidh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil nó má gheallann mór-eagraíocht Stáit nó Roinn Stáit go mbeidh líne eolais ar fáil agus duine le Gaeilge ar fáil ar an líne sin agus muna bhfuil sé ar fáil, is ag an gcoimisinéir a thiocfaidh duine le go ndéanfaidh seisean nó sise cinnte go mbeidh an tseirbhís ar fáil agus go gcuirfear an rud ina cheart.
Tá ceisteanna árdaithe ag Conradh na Gaeilge agus glacaim leis, nuair a hardaíodh cuid de na ceisteanna seo nach raibh Céim na Tuarascála glactha sa tSeanad. Bhí se i gceist ariamh go mbeadh comhfhreagras i nGaeilge freagraithe i nGaeilge. Bhí ceist ann, ar cheist theiciniúil í, go rabhmar ag scrúdú arb fhearr é sin a dhéanamh sna rialacháin nó sa dlí. Tá sé curtha sa dlí anois agus tá an cheist sin, an fhad is a mbaineann sé liomsa, socraithe anois.
Maidir le comhsheasamh a bheith ag an nGaeilge ar fhógraí, ar fhoirmeacha agus mar sin de, níl sé sásúil mar choincheap mar ní tír dhátheangach sa gciall atá i gceist i gCeanada atá anseo. Tá seo fíor ar dhá chúis. Tá i bhfad níos mó Frainciseoirí acu siúd mar chéatadán don phobal nár mar atá Gaeilgeoirí in Éirinn. Ach, aisteach go leor ní shin í an fíor-chúis. Is í an Ghaeilge chéad teanga oifigiúil sa tír seo agus i ngnoithe áirid ní bheidh aon Bhéarla ar chor ar bith ceadaithe. Tá soláthar san mBille so go gcaithfidh gach comhartha, fógrán agus mar sin de a bheith i nGaeilge amháin nó i nGaeilge agus i mBéarla.
Neamhchosúil leis an rud a bheadh agat i gCeanada, níl éinne ag iarraidh go gcuirfimid comhartha suas a deir, An Dáil agus The House of Representatives ar chomh mhéid lena chéile nó An Taoiseach nó Oifig an Taoisigh agus go gcuirfimid Office of the Prime Minister. Tá sé ceart go gcuirfí comharthaí i bhFraincis agus i mBéarla i gCeanada mar tá an seasamh bunreachtúil difriúil ann. Bhí gá go gcuirfimis soláthar sa mBille go mbeadh Gaeilge amháin i gceist i gcásanna áirithe. Maidir le comhmhéid, tá an fhadhb céanna ann má chuirtear seo isteach sa reachtaíocht agus déanfar seo trí rialacháin. Ba mhaith liom go mbeadh an saoirse ann go mbeadh an Ghaeilge go mór chun tosaigh in ainmneacha oifigiúla. Nach mbeadh sé aisteach dá gcaithfeadh Údarás na Gaeltachta a sheoladh a chur i mBéarla nó go gcaithfeadh eagraíochtaí eile cosúil leis? Bhí nós ariamh anseo go raibh an seoladh mór i nGaeilge ar pháipéar na Dála agus beag i lúibíní i mBéarla agus ní drochnós a bhí ann. A mhalairt atá go leor de na comhlachtaí Stáit a dhéanamh ach tá mé a rá rud amháin anseo, agus tá mé cinnte go mbeidh sé déanta sula bhfágfaidh mise oifig le cúnamh Dé. I láthair na huaire le go leor Rannaí agus eagraíochtaí Stáit, chaithfeadh duine miocrascóp a fháil leis an leagan Gaeilge a léamh nó chaithfeadh sé dul a chuartú le féachaint cá bhfuil sé.
Beidh ar a laghad comhmhéid i gceist ach ba mhaith liom go mbeadh an saoirse ann go mbeadh an Ghaeilge níos mó i gcuid mhaith cásanna. Sin an fáth nach bhfuil sin leagtha síos go sonrach istigh sa mBille ach gur féidir leis an Aire rialachán a dhéanamh ach go gcaithfidh sé bheith i nGaeilge agus i mBéarla, níl aon ghlacadh le Béarla amháin.
Maidir le seirbhís sa nGaeltacht, agus aonad riaracháin a riarfaí trí Ghaeilge, aontaím leis an bprionsabal. Sin ceann de phríomhchúspóir an Bhille. An cheist atá ann áfach ná an bhfuil aon bhealach go praicticiúil sin a scríobh i gcúig nó sé líne i reachtaíocht. Is fearr an prionsabal a leagan síos go soiléir sa gcéad dul síos sa reachtaíocht agus tá sé leagtha síos. Ansin, é a thréisiú tuilleadh sna treoirlínte a bheidh réitithe agam a bhainfidh leis na pleananna agus déanamh cinnte go dtabharfaidh na pleananna aird do na treoirlínte a déarfas i nGaeltacht ar nós Conamara go gcaithfear réimse mór seirbhísí a chur ar fáil. Beidh fadhbanna módh ann sa Rinn i bPort Láirge, ní féidir liom bheith ag súil go mbeadh an tseirbhís céanna i gceist sa Rinn mar tá an Ghaeltacht níos lú ansin. Beidh dualgas ar an choimisinéar déanamh cinnte go gcuirfear rud ar bith atá sa bplean i bhfeidhm.
Tá fadhb eile ara gcaithfimid aghaidh a thabhairt. Tá go leor daoine ag freastal ar an nGaeltacht i láthair na huaire agus ag obair sa nGaeltacht ar son an Stáit. Má comháiríonn duine chuile duine atá clúdaithe sa Bhille mar chomhlacht phoiblí, is dócha go bhfuil trían den phobal oibre ag obair san earnáil phoiblí. Tá go leor acu siúd nach bhfuil aon Ghaeilge acu ach ní féidir fáil réidh leo maidin amárach trí reachtaíocht a thabhairt isteach, is próiseas pleanáilte leanúnach atá i gceist agus is chuige sin go bhfuil an cur chuige áirithe i gceist.
D'iarr an Teachta Ó Sé inné faoi Sustaining Progress. Sin ceann den na doiciméid go gcaithfear a chur a amach go dhátheangach. Ar an taobh eile den scéal, ní gá go mbeadh an Ghaeilge mar ábhar luaite ann mar ní faoin nGaeilge atá sé, cúrsaí páirtnéireacht atá i gceist. Tá go leor rudaí eile faoi chúrsaí chultúr nach bhfuil luaite ann. Mar sin, glacaim leis an chéadphointe agus tá súil agam go dtuigeann an Teachta an dara phointe atá mé ag déanamh.
D'ardaigh an Teachta Carey go leor ceisteanna. Tá súil agam go bhfuil mé tar éis cuid acu a fhreagairt. Tá súil agam nach bhfeicfear an coimisinéar mar a d'fheictí fadó an cigire scoil ag feidhmiú ar son Stáit míthrócaireach ach go bhfeicfear é nó í mar chosantóir an phobail. Oibreoidh an choimisinéar ar éileamh an phobail – tiocfaidh an pobal chuige.
Bhí ceist ann cén fáth a raibh soláthar sa mBille nach féidir dhul thar breithiúnas an choimisinéir agus dul chun na cúirteanna fáoi rudaí atá sna pleananna. An smaoineamh a bhí ann ná má bhí coimisinéar ann mar gharda, bhí sé ann le déanamh cinnte go gcuirfear seo i bhfeidhm, agus má tá muinín againn as an gcoimisinéar, ba cheart an gné sin den obair a fhágáil mar sin. Níl aon chosc ar éinne a dhul ag na cúirteanna mar atá an Bille anois faoi aon rud eile. Is féidir le duine dul chun na cúirte am ar bith lena gcearta bunreachtúla maidir leis an nGaeilge a chosaint.
Glacaim leis an moladh a rinneadh maidir le dianchúrsa Ghaeilge a bheith ar fáil do bhaill den Teach seo a bhéimeodh ar an teanga teicniúil a bhíonn orainn úsáid sa Teach seo. Tá cíall ag baint leis sin agus is féidir linn sin a scrúdú. Níl a fhios agam an féidir liom, mar Aire, mórán a dhéanamh faoi ach cinnte tá mé sásta breathnú ar an gceist.
Luadh anseo ceist leasuithe. Is iad na Teachtaí a chuir síos na leasuithe agus mar sin ní fhéadfainn aon tagairt a dheanamh d'aon leasú mar níl aon leasú thíos i láthair na huaire. Tá a fhios agam go bhfuil leasuithe molta ag cuid de na heagraisí Gaeilge agus is ceist don bhFreasúra agus, go deimhin, don Rialtas breathnú ar na moltaí atá déanta acu agus a rá cé na leasuithe a chuirfimid chun cinn. Cuirfidh mé an-speis sna leasuithe atá curtha ar aghaidh agus is féidir liom dearbhú go mbeidh mé á scrúdú go cruinn.
Beidh mé ag casadh leis na heagraisí Gaeilge Dé Luain seo chugainn agus le muintir na Gaeltachta. Is leo na heagraisí Gaeltachta. Agus mé ag plé leis na dreamanna sin, beidh mé ag tabhairt cluais éisteachta ach go gcaithfidh mé ómós a thabhairt don Teach seo agus a rá nach féidir liom cinneadh críochnúil a dhéanamh ar thada, gurb é an Teach seo a dhéanfaidh na cinnithe agus gur sinne mar Bhaill den Teach a dhéanfaidh na moltaí faoina leasuithe a cheapaimid ar cheart glacadh leo agus sinn ag deireadh an lae a votálann orthu. Éistfidh mé agus ní fhéadfainn cinneadh a dhéanamh ach oiread gan éisteacht le tuairimí Bhaill an Tí seo. Déanfaidh mé sin go fonnmhar. Má tá bealaí ann leis an mBille a fheabhsú, déanfaidh mé é.
Ar an dtaobh eile den scéal, má chreidim gur fearr an leagan amach atá ann i láthair na huaire, ma chreidim gurb shin an rud is fearr a dhéanfaidh cúram sa gcás seo, seasfaidh mé leis an méid atá ann. Ní thabharfaidh mé aon reamhbhreithiúnas air seo, beidh intinn oscailte agam.
I am sure that Opposition Deputies will table very interesting amendments covering many different issues. I hope that, given Members' experience in dealing with legislation in the precedence – chuala mé duine ag cur ceiste maidir leis an Aire Airgeadais – but we all know the consitutional position with regard to spending and the requirement to get finance sanction. However, I assure Deputies that I will listen to and examine carefully any amendments tabled. I am sure Deputies will do likewise in their amendments and that there will be lively interaction in the debate. We must do this in the context of the procedure for adopting legislation in this and the upper House. We must have regard to how it operates and fits together, and to why legislation is enacted in a certain way. Whatever we put into this Bill must be enforceable and doable. There is no point whatsoever in having legislation, no matter how desirable the end result, if its provisions are not achievable. We need to be realistic. I took a great risk in trying to make everything in this Bill achievable and realistic. To go beyond that point would do more damage to the Irish language than good. I thank all the Deputies who took part. I hope that those of them who are not líofa sa Ghaeilge will accept that it was important that I spoke mainly in Irish on this Bill. One of the difficulties – and perhaps we could examine the technology involved – is that the instant translation services are available only to people sitting in the Chamber or the press gallery. They are not available in people's offices, a problem with which we should be able to deal in the modern technological world in which we live. It is a pity, for it is a great inhibition on us all speaking Irish that, if there are ten Irish-speakers and one English-speaker present, we sometimes feel that we are leaving the non-Irish speaker out if he or she cannot understand. In the Chamber there are the earphones, but outside there are not.
I assure all Deputies that I have enjoyed the debate over the last two days, for it showed one interesting fact. The representatives elected by the people broadly welcome this Bill, though there were differences of opinion. I was interested in Deputy English's view. I do not agree with him about two things he said, which I believe are wrong. This country is still one of the richest in the world, and we can afford to look after our culture. It is a great deal richer now than it ever was. It is only when one goes abroad that one realises how rich.
I think he would accept that, if someone proposed to bulldoze Tara, Knowth, Dowth and all of the great wealth of the world-class archaeological sites in Meath, it would be a travesty of justice. Irish is the oldest written language in Europe that is still a current vernacular, a language that is a world treasure which we hold in trust, not only for the Irish people but for the people of the world, that is unique to this island and to us as a people as our native language. If we said that we would not, or could not, afford to take the small steps needed to ensure its survival, not only would we be doing a great disservice to the people of Ireland but we would be robbing the world of a culture and legacy left to us that are of world importance. In other words, another world heritage site, albeit a living, vibrant one, would disappear.