Tá na moltaí atá déanta i dtuarascail an ghrúpa oibre ar chruthú fostaíochta sa Ghaeltacht á scrúdú ag mo Roinn faoi láthair, i gcomhair le hÚdarás na Gaeltachta, chun féachaint conas is fearr iad a chur i gcrích.
Mar shampla, pléadh na moltaí éagsúla i dtaobh forbairt fiontair agus cruthú fostaíochta ag cruinniú le gairid idir oifigigh ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus a cuid áisinteachtaí, Údarás na Gaeltachta agus mo Roinn féin. Chomh maith leis sin, bhí plé ag mo Roinnse leis an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Tuarasóireachta maidir leis an bpoitéinseal atá ag tionscal na turasóireachta, go hairithe an turasóireacht chultúrtha, chun deiseanna fostaíochta inmharthanacha a chruthú sa Ghaeltacht.