Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 27 May 2003

Vol. 567 No. 5

Written Answers. - Coimisiún Logainmneacha.

Michael D. Higgins

Question:

115 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a chuirfidh sé Coimisiún Logainmneacha nua ar bun; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [14400/03]

Mar is eol don Teachta, tháinig deireadh le tréimhse oifige an Choimisiún Logainmneacha ar 31 Nollaig 2002. Ghlac mé le moladh an iar-choimisiúin go raibh gá le socruithe níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go mbeadh an coimisiún ábalta a chuid dualgais a chomlíonadh go hiomlán sa todhchaí. Mar thoradh ar sin, bheartaigh mé téarmaí tagartha leasaithe a thabhairt don choimisiún nua agus téarma oifige sonrach a leagan síos do na comhaltaí.

Ainmníodh baill an Choimisiúin Logainmneacha nua an tseachtain seo caite agus beidh an Coimisiúin ag dul in oifig ar 3 Meitheamh 2003 le téarma trí bliana.

Top
Share