Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 Jun 2003

Vol. 569 No. 4

Written Answers. - Plan Forbartha Náisiúnta.

John Deasy

Question:

113 D'fhiafraigh Mr. Deasy den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoin bPlean Forbartha Náisiúnta agus faoi Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht. [217853/03]

Chun a fhiafraí den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoin bPlean Forbartha Náisiúnta agus faoi Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht.

Sa bhliain 2000 cuireadh breis airgid ar fáil don Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileáin (mar a bhí ag an am) do réimeas an Phlean Forbartha Náisiúnta, d'fhonn feabhas a chur ar bhóithre néamhnáisiúnta na Gaeltachta. Mar thoradh air sin, tosaíodh ar phlean seacht mbliana a raibh sé mar chuspóir aige féachaint chuige go mbeadh bóthar maith ag dul isteach chuig gach ceantar Gaeltachta roimh 2007.

Déantar an soláthar airgid in aghaidh na bliana a roinnt de réir daonra na gcontaetha éagsúla, i gcomhairle leis na hÚdaráis Áitiúla cuí, agus is mar a leanas a bhí an caiteachas sa tréimhse 2000-02:

Togra

2000

2001

2002

BMW: Bóithre

5,298,615

5,895,007

5,679,971

S&E: Bóithre

1,650,659

2,475,988

1,799,361

Iomlán

6,949,274

8,370,995

7,479,332

BMW: Athnuachan Baile

362,797

134,553

524,502

S&E: Athnuachan Baile

42,917

221,916

36,672

Iomlán Bliana

405,714

356,469

561,174

Tá plean seacht mbliana i bhfeidhm ag mo Roinnse chomh maith, faoin bPlean Náisiúnta Forbartha, chun céibheanna stráteiseacha a fhorbairt sa Ghaeltacht. Tá €3.089m caite ag mo Roinnse chun na críche sin go dáta agus tá €3.084m ceadaithe doibreacha atá tosaithe ach gan a bheith críochnaithe fós. Tá na cláracha oibre seo á lámhseáil ar son mo Roinne ag na hÚdaráis Áitiúla sna ceantair Ghaeltacht eagsúla.
Tá an caiteachas ar bhóithre agus céibheanna straitéiseacha a luaitear thuas sa bhreis ar an airgead a chaitear sa ghnáth-bhealach faoi scéimeanna feabhsúcháin mo Roinne-se chun ionaid pobail, áiseanna caitheamh aimsire, bóithre áise, bóithre portaigh agus muiroibreacha a thógáil nó a fheabhsú sa Ghaeltacht.
Top
Share