Tá iarracht déanta san am ghearr a bhí agam ó fuair mé na figiúirí anailís a dhéanamh ar roinnt figiúirí atá lárnach agus tábhachtach don díospóireacht seo.
Mar is eol don Teachta, tá nós ag gasra scoile a rá go labhrann siad Gaeilge go laethúil, mar go bhfuileadar ag an scoil. Mar sin, tá scagadh déanta i roinnt figiúirí agus déarfainn go gcuirfeadh an Teachta spéis faoi leith iontu. Má ghlacaimid le daoine fásta, is é sin daoine os cionn 20 bliain d'aois, san nGaeltacht i 1996, bhí 20,813 duine a dúirt gur labhair siad an Ghaeilge go laethúil san nGaeltacht. Sa bhliain 2002, bhí 20,723. Sin laghdú de 90 duine, rud a chiallaíonn go bhfuil sé mórán seasmhach. Maidir leis an tír ar fad, i 1996 dúirt 70,950 duine fásta gur labhair siad an Ghaeilge go laethúil. Sa bhliain 2002 tá sé sin méadaithe go 72,834, breis agus 1,884 ag labhairt na Gaeilge go laethúil.
Tá rud eile a éiríonn as na figiúirí sin atá suntasach. Má thógann tú na cainteoirí laéthúla Gaeilge ar fad sa tír le hais na gcainteoirí laethúla Gaeilge san nGaeltacht ar bhonn an phobail iomlán agus gasraí san áireamh, tá níos mó ná 10% de na cainteoirí laethúla san nGaeltacht. Má chuireann tú gasraí scoile as, ardaíonn sé sin go 28%, mar tá i bhfad níos mó gasraí taobh amuigh den nGaeltacht ná mar atá taobh istigh.
Maidir le gasraí trí nó ceithre bliana d'aois, is é sin sula dtéann siad ar scoil, san nGaeltacht tháinig méadú de 42 orthu sin ó 861 go 903. Sa tír ar fad, an Ghaeltacht san áireamh, tháinig méadú 1,179 ar líon na ngasúr idir tr agus ceathar, is é sin roimh aois scoile, a deir a dtuismitheoirí go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil, ó 4,812 go 5,991. Tá dhá rud i gceist ansin. Tá tionchar naí-scolaíochta nó go bhfuil níos mó tuismitheoirí ag labhairt na Gaeilge san mbaile le gasúir. Más é an dara cheann é is túar íontach dóchais don todhchaí. Arís, feicimid athrú sna figiúirí sa mhéad is go bhfuil an claonadh go bhfuil níos mó Gaeilge taobh amuigh den nGaeltacht ná mar a bhíodh.