Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 Jun 2003

Vol. 569 No. 4

Written Answers. - Coláistí Samhraidh.

Dinny McGinley

Question:

95 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoin chlár forbartha atá ag an Roinn chun hallaí, coláistí samhraidh agus áiseanna caitimh aimsire a fheabhsú sa Ghaeltacht. [217835/03]

Tá go leor forbairtí curtha chun cinn sna ceantair Ghaeltachta, go háirithe le cúpla bliain anuas, le cabhair ón scéim atá luaite ag an Teachta. Tá sé mar chuspóir ag an scéim cur le hinmharthanacht phobail na Gaeltachta agus le buanú na bpobal sin dá réir. Ar ndóigh, bíonn sé mar bhun-sprioc ag an scéim seo freisin – agus ag scéimeanna eile dá leithéid – an Ghaeilge féin a neartú agus a bhuanú sna pobail Ghaeltachta sin. Faoin scéim, bíonn deontais suas go 80% den chostas ar fáil do choistí áitiúla aitheanta chun ionad pobail (chomh maith le troscán agus trealamh), coláistí Gaeilge nó áiseanna chaitheamh aimsire a sholáthar i gceantair Gaeltachta. Déantar measúnú ar iarratais de réir mar a thagann siad isteach sa Roinn. Íocadh €1,947,726 faoin scéim seo i 2002.

Ní miste a lua freisin gur léir ó na figúirí sa Tábla leis seo, atá á chur thart sa Tuairisc Oifigiúil, go bhfuil caiteachas suntasach déanta faoin scéim seo le cúig bliana anuas agus tá mé lán-sásta gur baineadh fíor-thairbhe as an gcaiteachas sin ar mhaithe le pobal na Gaeltachta de.

Caiteachas ar Scéim na Hallaí agus na dTaitneamhachtaí 1998-2002

Bliain

1998

1999

2000

2001

2002

Hallaí/Coláistí

447,000

537,000

494,000

642,000

1,019,000

Áiseanna Chaitheamh Aimsire

1,260,000

480,000

592,000

748,000

929,000

Iomlán

1,707,000

1,017,000

1,086,000

1,390,000

1,948,000

Top
Share