Faoi na Scéimeanna Feabhsúcháin a riarann mo Roinnse, bíonn deontais chaipitil ar fáil chun muiroibreacha sa Ghaeltacht a fhorbairt, chun bóithre sa Ghaeltacht a fheabhsú (idir bóithre stratéiseacha agus bóithre áise), agus chun áiseanna ar nós hallaí pobail, páirceanna imeartha agus áiseanna eile a chur ar fáil nó a fheabhsú. Tá go leor forbairtí curtha chun cinn sna ceantair Ghaeltachta le cabhair ó na Scéimeanna Feabhsucháin, go háirithe le cúpla bliain anuas. Tá sé mar sprioc ag mo Roinnse, leis an airgead atá ar fáil do 2003, cur le hinmharthanacht phobal na Gaeltachta agus, da bhrí sin, an Ghaeilge a neartú agus a bhuanú sa Ghaeltacht.