Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 25 Jun 2003

Vol. 569 No. 4

Written Answers. - Ciste na Gaeilge.

Enda Kenny

Question:

98 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoi obair Chiste na Gaeilge agus faoi na deontais a íocann siad ar mhaithe leis an nGaeilge a chothú agus a chur chun cinn. [217847/03]

Olwyn Enright

Question:

134 D'fhiafraigh Ms Enright den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoi obair Chiste na Gaeilge agus faoi na deontais a íocann siad ar mhaithe leis an nGaeilge a chothú agus a chur chun cinn. [217842/03]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 98 agus 134 le chéile.

Maonítear Ciste na Gaeilge ó fháltais an Chrannchuir Náisiúnta agus is ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge a chaitear an t-airgead a bhíonn ar fáil. Suim €2.4 milliún atá i gceist i mbliana. Is iad na príomh-eagraíochtaí a mhaoinítear as an gCiste ná Bord na Leabhar Gaeilge, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Iomairt Cholm Cille agus Taibhdhearc na Gaillimhe. Cuirtear cúnamh ar fáil freisin ar mhaithe le tionscadail ilghnéitheacha Gaeilge. Seo a leanas liosta de na príomh-dheontais atá ceadaithe as Ciste na Gaeilge i 2003 go dáta:

Bord na Leabhar Gaeilge, Ráth Cairn, Co. na Mí

922,240

Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Baile na Manach, Co. Átha Cliath

524,000

Gael-Taca, Corcaigh

39,930

Gaillimh le Gaeilge, f/ch Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

89,080

Iomairt Cholm Cille

85,355

Taibhdhearc na Gaillimhe, An tSráid Láir, Gaillimh

307,240

Tiobraid Árann ag Labhairt, An tAonach, Co. Thiobraid Árainn

41,920

An Fhéile Phan Cheilteach, Cill Chainnigh

19,050

Top
Share