Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 1 Jul 2003

Vol. 570 No. 2

Cailleadh Post.

Ar dtús, ba mhaith liom buíochas a ghabháil as deis a thabhairt dom an cheist thábhachtach seo a thógáil ar an Athló tráthnóna inniu.

Coicís ó shin agus an oíche anocht bhí muid anseo ag plé deacrachtaí ar eastát thionscail Ghaoth Dobhair. Is é an tionscal a bhí i gceist an oíche sin againn ná BMR, áit a raibh 48 post le cailleadh agus tá siad caillte ó shin. Déardaoin seo caite, agus muid réidh le dul abhaile, tháinig an scéal fríd go bhfuil an tionscal is mó, is sine agus is seasmhaigh ar an eastát i dtrioblóid – Comerama.

Chuaigh glacadóir isteach sa tionscal Déardaoin agus inné d'éirigh rudaí níos measa nuair a fuair lucht oibre ansin fógra cosanta fostaíochta. Tá beagnach 200 ag obair sa mhonarchan sin. Tá 200 sa mhonarchan sin ag fáil an íocaíochta chéanna a gheobhadh 300 i monarchan eile. Is ard-mhonarchan é, bhí ard ráta pá acu agus b'fhiú €5 mhilliún ar a laghad sa bhliain an tionscal sin don eacnamaíocht sa cheanntar Gaeltacha sin – na Rosann, Gaoth Dóbhair agus Cloch Cheann Fhaola.

Mar a sheasann rudaí i láthair na huaire beidh lucht oibre ag fáil a gcuid laethanta saoire i gcoicís nó mar sin agus ní bheidh siad ag teacht ar ais ina dhiaidh sin agus beidh siad ag brath ar téarmaí iomarcaíochta. Má bheidh éinne ag teacht ar ais, ní bheidh ach 20 nó 30 le rudaí a ghlanadh suas agus a shocrú síos. Tá mé cinnte go n-aontaíonn an tAire gur buille é seo don cheanntar.

An bhfuil stráitéis de chineál ar bith againn? Tá plean gníomhaíochta curtha ar fáil don eastát ach tá na postanna ag imeacht – 800 go dtí seo agus 200 eile anois. Sin 1,000 míle posta i gceanntar beag cúng Gaeltachta. Is ionann sin agus 10,000 i mBaile Átha Cliath nó i nGaillimh. Caidé tá ag dul a tharlú do na daoine seo? Tá aithne agam ar go leor acu – tuismitheoirí clainne le freagrachtaí orthua, morgáistí agus mar sin.

Tá a fhios agam go bhfuil a fhios ag an Aire caidé tá ag dul ar aghaidh agus go gcoinníonn sé a chluas leis an talamh. Tá siad ag cur locht ar Údarás na Gaeltachta, ar Thailand, agus ar an Tánaiste ach caithfimid an locht a chur ar na polasaithe eacnamaíochta atá ag fágáil an cineál seo tionsclaíochta san racht ina bhfuil sé – an ráta bolscaithe atá sa tír seo le blianta go bhfuil costaisí targaíochta chomh hard sin: cúrsaí cumarsáide agus cúrsaí árachais. Tá sin go léir ag cur an saghas fostaíochta a bhí againn i Comer Yarns, BMR, RMT, SMTC, EPI agus Europlast ar strae. Tá siad uilig ar shiúl, tá na doirse dúnta agus iad faoi ghlas.

Ba mhaith liom go mbeadh an tAire ábalta dóchas de chineál éigin a thabhairt do na daoine seo nach mbeidh ag teacht ar ais ag obair nuair a bheidh na laethanta saoire thart. B'fhéidir go bhfuil comhlacht amuigh ansin go bhfuil fonn air an áit a cheannacht agus, más rud é go bhfuil, b'fhéidir go bhfuil sólás aige ansin. Níl a fhios agam caidé a thig a dhéanamh ach tá a fhios agam má dhúntar an monarchan níl a fhios agam cén áit a bhfuil na daoine seo chun fostaíochta eile a fháil. San am a chuaigh thart, bhí tráidisiúin láidir sa cheanntar na daoine ag fágáil agus ag dul thar lear. Níor mhaith liom go dtarlóidh sin arís ach muna gcuirtear fostaíocht ar fáil do na daoine a chaill a gcuid post sna monarchain sin go léir, beidh trioblóidí móra againn.

Más rud é go dtig sé go dtí an drochuair agus go bhfuil na postanna caillte, tá súil agam go mbeidh téarmaí iomarcaíochta ar fáil a chuirfidh an drochuair tharstu go bhfaighfidh siad post eile.

Gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht na ceiste seo a ardú. Tuigim go raibh sé buartha mar tá beirt TD eile sa dáilcheanntar atá buartha, an tAire Mary Coughlan agus an tAire Stáit Gallagher, go bhfuil an oiread seo postanna i mbaol agus go bhfuil an oiread seo postanna caillte ceann i ndiaidh a chéile i gceanntar Ghaoth Dobhair. Déanfaidh mé gach rud gur féidir liom mar Aire féachaint cad is féidir a dhéanamh faoin gcruachas seo.

Tá fadhbanna bunúsacha ann – tá muid inár gcónaí sa saol anois le hiomaíocht domhanda ann agus tá daoine i dtiortha eile a oibríonn ar phá i bhfad níos lú ná mar is féidir linn a bheith ag súil leis in Éirinn mar go bhfuil caighdeán maireachtála i bhfad níos measa acu. Níor mhaith liom go dtiocfaimis ar ais go dtí an lá go raibh an cineál caighdeán maireachtála againne agus atá ag na daoine sin. Tá dúshlán romhainn agus caithfimid féacháint le tabhairt faoi.

Mar is eol don Teachta, Déardaoin seo caite, cheap Banc Uladh Pearce Farrel FCA ó FGS Chartered Accountants and Business Consultants mar ghlacadóir ar ghrúpa comhlachtaí Comer, a bhí lonnaithe i gCaisleán an Chomair i gCondae Cill Chainnigh go dtí deireadh na bliana seo caite agus i nGaoth Dobhair i gCondae Thír Chonaill.

Cheadaigh Gaeltarra Éireann, an comhlacht Stáit a bhí freagrach as cúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht sular bunaíodh Údarás na Gaeltachta, cúnamh don chomhlacht seo don chéad uair chomh fada siar le 1964. Íocadh breis is €1.59 milliún i ndeontais leis an chomhlacht sa tréimhse ó shin go dáta. D'éirigh go han-mahith leis an ghnó thar na blianta faor úinéirí éagsúla agus cuireadh fostaíocht mhór ar fáil ar eastát tionscail Ghaoth Dobhair ar feadh na mblianta.

Bhí deacrachtaí ag an ngrúpa, áfach, le cúpla bliain anuas agus chinn bainistíocht an chomhlachta an monarchan i gCaisleán an Chomair a dhúnadh roimh Nollaig 2002 chomh maith le fostaithe sa mhonarchan i nGaoth Dóbhair a chur ar am gearr.

Pléadh na féidearthachtaí uilig, athstructúrú a dhéanamh ar an gcomhlacht agus rátaí pá íslithe san áireamh, roinnt míonna ó shin leis an bhfoireann. Ba léir, áfach, go raibh brú mór leanúnach ar an gcomhlacht, go háirithe mar gheall ar an earnáil atá i gceist – déantús i snátha mustairthe.

Tuigim on bpreasráiteas a chuir an glacadóir ar fáil go raibh cainteanna ar bun maidir le leanacht i mbun tradála agus go n-oibreodh seisean leis an mbainistíocht ar mheastóireacht inmharthanach don ghnó.

Bhí feidhmeannas an údaráis i dteagmháil cheana féin leis an nglacadóir agus bhí siad i mbun comhráite leanúnacha lena chéile. Déanadh an t-údarás a dhícheall d'fhonn a chinntiú go mbainfear an oiread agus is féidir amach ó thaobh fostaíochta sa ngnó i nGaoth Dobhair agus tá féidearthachtaí faoin ghnó nó cuid de a shábháilt faoi úinéireacht nua á meas.

An stad reatha ná go bhfuil an gnó le leanacht ar bhonn am gearr go dtí na laethanta saoire i gceann roinnt seachtainí, agus tá an glacadóir chun an gnó a fhogairt ar díol mar ghnóthas leantach.

Mar a dúirt mé le linn an Athló sa Dáil coicís ó shin, is cúis imní dom féin agus d'Údarás na Gaeltachta postanna a bheith á gcailliúint in aon tionscal Gaeltachta, agus go háirithe i nGaoth Dobhair, áit atá buailte go dona le cúpla bliain anuas.

Mar atá aitheanta ag Údarás na Gaeltachta, tá gá le cur chuige nuálach straitéiseach chun cruthú agus caomhnú fostaíochta sa Ghaeltacht a threisiú, mar aisfhreagra ar na hathruithe atá ag tarlú san eacnamaíocht domhanda agus náisiúnta. Caithfear dul i ngleic le dúshláin nua maidir le riachtanais, roghanna agus mianta fostaíochta phobal na Gaeltachta. Tá an cur chuige seo sonraithe sna ráitis chinnbhliana agus sna tuarascálacha bliantúla le tamall anuas, agus go deimhin sna gníomhartha praiticiúla atá tógtha ag an údaras, le tacaíocht mo Roinne.

Tá an Teach seo ar an eolas maidir leis na céimeanna atá togtha le deireanaí chun borradh a chur faoi chursaí fostaíochta i nGaeltacht Dhún na nGall, mar shampla, an grúpa oibre ar chruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, coiste gníomhaíochta an údaráis faoin ábhar céanna, agus scéim nua fiontraíocht Ghaeilge sa Ghaeltacht de chuid an údaráis. Leanfar ar aghaidh mar ábhar práinne leis na céimeanna éagsúla atá riachtanach chun fostaíocht bhuan bhreise a chinntiú do cheantar Ghaoth Dobhair.

Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte go ndéanfaidh mise gach dícheall gur féidir liom mar Aire tacaíocht a thabhairt don údarás don obair seo mar tuigim, thar aon Ghaeltacht ar bith sa tír, go bhfuil Gaeltacht Thír Chonaill tar éis níos mó buillí a fháil le bliain ná aon cheann eile do na Gaeltachtaí. Is féidir a bheith cinnte go ndéanfaidh mé mo dhícheall faoi sin.

The Dáil adjourned at 11.30 p.m. until 10.30 a.m. on Wednesday, 2 July 2003.

Top
Share