Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 7 Oct 2003

Vol. 571 No. 4

Written Answers. - Scéim Labhairt na Gaeilge.

Aengus Ó Snodaigh

Question:

525 D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad atá i ndán do scéim labhairt na Gaeilge. [21909/03]

Aengus Ó Snodaigh

Question:

526 D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil pleananna ann chun scéim labhairt na Gaeilge a leathnú chuig teaghlaigh lasmuigh den Ghaeltacht, nuair atá sé le feiscint go bhfuil borradh ag teacht ar labhairt na Gaeilge ansin ó léamh na bhfigiúirí a bhí foilsithe i dtorthaí an daonáirimh i mí an Mheithimh, 2003. [21910/03]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 525 agus 526 le chéile.

D'fhógair mé i Samhain 2002 go rabhthas chun athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar scéim labhairt na Gaeilge chun í a chur in oiriúint don lá inniu. Tá an t-athbhreithniú sin nach mór críochnaithe agus tá súil agam go mbeidh scéim leasaithe i bhfeidhm don scoilbhliain 2004/2005.

Ní bheidh aon athrú ar an scéim don scoilbhliain reatha.

Is é cuspóir na scéime ná muintir na Gaeltachta a spreagadh chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn sa teaghlach agus sa phobal i gcoitinne agus, cosúil le scéimeanna Gaeltachta eile atá á reachtáil ag mo Roinnse, tá sí teoranta d'iarratasóirí a bhfuil gnáthchónaí orthu sna limistéir Ghaeltachta.

Níl sé i gceist agam an coinníoll sin a athrú.

Aengus Ó Snodaigh

Question:

527 D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na céimeanna a ghlacfaidh an Roinn maidir leis an gcúlú teanga a bhí léirithe sa daonáireamh nuair a foilsíodh na figiúirí labhartha maidir leis an nGaeltacht agus leis an nGalltacht i mí an Mheithimh. [21912/03]

Chun a fhiafraí den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na céimeanna atá an Roinn. Mar is eol don Teachta, is léir ó fhigiúirí an daonáireamh 2002 go bhfuil idir ábhar dóchais agus foláirimh iontu. Is dúshlán dúinn go léir an ísliú atá tagtha ar líon na nGaeilgeoirí laethúla – lasmuigh agus taobh istigh den Ghaeltacht – agus tuar dóchais ag an am gcéanna an t-ardú ar líon na ndaoine a bhfuil sé ar a gcumas Gaeilge a labhairt.

Agus mé ag tabhairt faoi pholasaithe a fhorbairt amach anseo maidir le ról na teanga sa Stát, beidh sé mar aidhm lárnach agam spreagadh agus tacaíocht a chur ar fáil chun cur leis an méid dóibh siúd a bhfuil deis acu Gaeilge a úsáid go laethúil. Chuige sin, ba mhaith liom a chur i gcuimhne don Teachta go bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla ina dhlí anois agus is é príomhchuspóir an Achta sin ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón seirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde.
Ar ndóigh, creidim gurb í an Ghaeilge ceann de na hacmhainní nádúrtha is luachmhaire atá againn agus gur chun ár leasa uilig é í a chaomhnú agus a fhorbairt. Tá mé cinnte, leis an gcur chuige ceart, agus le gach uile duine ag obair le chéile, gur féidir linn difríocht an-mhór a dhéanamh ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht. Caithfear an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht agus tá mo Roinnse, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge dírithe i gcónaí chun na críche sin.
Na Ceantair GhaeltachtaBeidh a fhios ag an Teachta chomh maith gur bhunaigh mé coiste comhairleach i mí Dheireadh Fómhair 2002 le comhairle a chur orm maidir leis na gníomhaíochtaí a theastaíonn chun feidhm phraiticiúil a thabhairt do na moltaí éagsúla atá i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta. Ag eascairt as obair an choiste chomhairligh, tá tionscadail agus tograí éagsúla idir lámha agus á gcur chun cinn ag mo Roinn. Ina measc tá: staidéar cuimsitheach teangeolaíoch maidir le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Beidh an staidéar seo mar bhunús chun forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú agus mar bhunús chun athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Ghaeltachta. Tá tairiscintí i leith an staidéir seo faighte agus á scrúdú ag mo Roinn faoi láthair agus táthar ag súil leis go mbeidh tús curtha leis an staidéar féin go luath; feachtas ilghnéitheach feasachta teanga a bheidh mar aidhm aige comhairle a chur ar thuismitheoirí ionchasacha agus tuismitheoirí pháistí óga, go dtí cúig bliana d'aois, go háirithe tuismitheoirí Gaeltachta maidir leis na buntáistí a bhaineann le Gaeilge a roghnú mar phríomhtheanga an teaghlaigh. Tá bailchríoch á chur leis an bplean seo i ndáil leis an bhfeachtas seo faoi láthair i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta; aighneacht maidir le gnéithe criticiúla a mbíonn tionchar acu ar úsáid na Gaeilge sa chóras bunoideachais agus iarbhunoideachais sa Ghaeltacht curtha chuig an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, atá ag obair faoi stiúr na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, thar ceann an choiste chomhairligh i mí Bealtaine; aighneachtaí curtha chuig na comhairlí chontae uilig le ceantair Ghaeltachta faoina gcúram lena n-aird a dhíriú ar na dualgais atá orthu i ndáil leis an nGaeltacht chomh fada is a bhaineann sé le cúrsaí pleanála de go háirithe.
Anuas air seo chomh maith, níos luaithe i mbliana, thug mé treoir dÚdarás na Gaeltachta nach mór dó 20% dá bhuiséad caipitil i 2003 a chaitheamh ar thograí Gaeilge-lárnaithe, chun deiseanna fostaíochta do bhunadh na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge i gcoitinne a threisiú.
Ní miste a rá chomh maith go bhfuil go leor forbairtí curtha chun cinn sna ceantair Ghaeltachta le cabhair ó scéimeanna mo Roinnse, go háirithe na scéimeanna feabhsúcháin, le cúpla bliain anuas. Tá sé mar sprioc ag mo Roinnse, leis an airgead atá ar fáil faoi na scéimeanna seo, go speisialta an t-airgead a cuireadh ar fáil faoin bplean forbartha náisiúnta, cur le h-inmharthanacht phobal na Gaeltachta agus da bhrí sin an Ghaeilge a neartú agus a bhuanú sa Ghaeltacht. Cuirfidh an maoiniú seo go mór le forbairt theangeolaíoch, chultúrtha, agus eacnamaíoch na Gaeltachta. Muna bhfuil an t-infrastruchtúr ceart sna ceantair Ghaeltachta ní bheidh na ceantair sin in ann tairbhe a bhaint as na deiseanna cruthaithe fostaíochta nua-aimseartha atá riachtanach don Ghaeltacht agus do thodhchaí na Gaeilge.
Top
Share