Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Nov 2003

Vol. 574 No. 2

Written Answers. - Forbairt na Gaeilge.

Fergus O'Dowd

Question:

172 D'fhiafraigh Mr. O'Dowd den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén dul chun cinn atá déanta aige chun an Ghaeilge a chur i bhfeidhm sna coláistí tríú leibhéal. [24155/03]

Sa bhliain 1999, chuaigh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, chun cainte leis na hollscoileanna eile a bhfuil ceantar Gaeltachta ina n-abhantrach ar mhaithe le moltaí a dhéanamh maidir le forbairt an oideachais tríú leibheal sa Ghaeltacht. Ina dhiaidh sin, bunaíodh grúpa oibre idir-ollscoile, idir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Ollscoil na hÉireann, Corcaigh, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad agus Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, le tuairimí na nollscoileanna a fháil agus straitéis chomtháite forbartha a aontú. Chuir an grúpa plean forbatha don oideachas triú leibhéal sa Ghaeltacht faoi mo bhráid agus faoi bhráid an Aire Stáit sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Bunaíodh grúpa oibre idirgníomhaireachta le hionadaithe óm Roinn féin, an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, an tÚdarás um Ard Oideachais agus Údarás na Gaeltachta chun an straitéis forbartha thuas luaite a mheas. Tháinig an grúpa le chéile trí huaire go dtí seo agus tionólfar an chéad chruinniú eile chomh luath agus is féidir. Curtha san áireamh sa straitéis forbartha tá plean ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, chun forbairt a dhéanamh ar ionad Gaeltachta atá bunaithe aige ar an gCeathrú Rua. Beidh todhchaí an phlean seo nios soiléire nuair a bheidh moltaí an ghrúpa oibre idirgníomhaireachta curtha faoi mo bhráid agus faoi bhráid mo chomhghleacaithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta.

Tá béim ar leith curtha ag an Rialtas seo ar an nGaeilge mar cheist náisiúnta. I gclár gníomhaíochta an Rialtais glactar leis "mar cheart bunúsach go mbéadh fáil ag gach saoránach ar a chuid oidhreachta a shaibhriú trín gcóras oideachais agus, i gcoitinne, trín teanga Gaeilge a fhoghlaim agus a chaomhnú chomh forleathan agus is féidir". Tá cur chun cinn na Gaeilge clúdaithe sa reachtaíocht go léir a bhaineann leis an réimse ard-oideachais. In Acht na nOllscoileanna 1997 Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha 1992, agus Acht Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath 1992 tá sé luaite go bhfuil sé mar dhualgas ar na nollscoileanna agus na hinstitiúidí teicneolaíochta teangacha an Stáit, go háirithe an Ghaeilge, a chur chun cinn agus a chaomhnú ionas go gcaomhnaítear cultúir éagsúla na hÉireann.

Tá dualgas reachtúil ar leith ar an Údarás um Ard-Oideachas na haidhmeanna náisiúnta d'athbheochan na Gaeilge agus do chaomhnú agus d'fhorbairt an chultúr náisiúnta a choimeád i gcuimhne i gcónaí. Ón mbliain 1998 tá airgead curtha ar fáil don Údarás ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge ag an tríú leibhéal. Chuir an soláthar speisialta seo ar chumas na n-ollscoileanna beartais nua a chumadh agus a chur i gcrích a chuir borradh breise faoin nGaeilge ag an tríú leibhéal. Cuireadh €1.5 milliún ar fáil i 2002.

Tá maoin soláthraithe ag mo Roinn ionas go mbeidh deontais ar leith ar fáil do mhic léinn ón nGaeltacht, do mhic léinn a chuaigh chuig gaelscoileanna agus do dhaoine ar mian leo cúrsaí trí mheán na Gaeilge a dhéanamh. Gach bliain, tairgítear 15 scoláireachtaí do mhic léinn ón nGaeltacht faoi scéim scoláireachtaú tríú leibhéal do mhic léinn ón nGaeltacht agus 15 scoláireachtaí eile do mhic léinn faoi scéim scoláireachtaí Gaeilge tríú leibhéal. Ina theannta sin, tairgítear 20 scoláireachtaí eile ar bhunús iomaíoch do mhicléinn a oideachais tríú leibhéil a dhéanamh trí Ghaeilge.

Is léir go bhuil sé an-tábhachtach go mbeadh fáil ar chúrsaí trí mheán na Gaeilge ag daoine ón nGaeltacht, ag daoine eile a chuaigh chuig gaelscoileanna agus daoine ar mian leo cúrsaí trí mheán na Gaeilge a dhéanamh. Tá roinnt cúrsaí ar fáil sna hollscoileanna agus sna hinstitiúidí teicneolaíochta faoi láthair. Tá cursaí sa Ghaeilge féin agus sa léann Ceilteach in ollscoileanna éagsúla. Tá cursaí trí Ghaeilge i réimse ábhair eile le fáil sna hollscoileanna agus na hinstitiuidí teicneolaíochta chomh maith. Toisc go bhfuil tábhacht na Gaeilge san oideachas rí-shoiléir, ba chéim tábhachtach é cúrsa ard-teastas san oideachais a chur ar fáil trí Ghaeilge.
Taispeánann an fhianaise thuas luaite go bhfuil mé féin agus mo Roinn ag glacadh réimse leathan céimeanna chun oideachas tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge a fhorbairt sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.
Top
Share