Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 27 Nov 2003

Vol. 575 No. 5

Ceisteanna – Questions. Priority Questions. - Designated Areas.

Fergus O'Dowd

Question:

1 D'fhiafraigh Mr. O'Dowd den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth go bhfuil buiséad Údarás na Gaeltachta do dheontais le haghaidh tionscal agus caiteachais chaipitil ar fhoirgnimh gearrtha siar chomh mór sin aige le dhá bhliain anuas, agus cén tionchar a bheidh ag na ciorraithe ar chúrsaí forbartha sa Ghaeltacht agus ar fhostaíocht sa Ghaeltacht. [28763/03]

Tá soláthar iomlán de €32.193 milliún curtha ar fáil do Údarás na Gaeltachta sna Meastacháin don bhliain 2004 i gcomparáid le €32.72 milliún i 2003. Baineann €10.193 milliún den soláthar seo le caiteachas reatha, agus is méadú 17% é sin ar an méid a cuireadh ar fáil i 2003. Tá mé thar a bheith sásta leis an méadú seo mar go mbeidh caiteachas fiúntach substaintiúil á dhéanamh anois i réimsí a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo maidir le sealbhú agus buanú na Gaeilge sa Ghaeltacht, mar shampla, naíolanna, naíonraí, cúrsaí óige, comharchumainn agus forbairt phobail i gcoitinne.

Maidir le caiteachas caipitil de, tá soláthar de €22 milliún á chur ar fáil i mbliana i gcomparáid le €24 milliún i 2003. Bainfear úsáid as an soláthar seo chun clár forbartha a chur i gcrích i ndáil le caiteachas caipitil ar fhoirgnimh agus infheistíocht i dtionscail.

Ní mór a aithint go bhfuil athruithe suntasacha tagtha ar chúrsaí tionsclaíocha agus eacnamaíocha na tíre seo le blianta beaga anuas, agus tá an scéal mar an gcéanna sa Ghaeltacht. Sna cúinsí uile, tá i gceist ag an údarás díriú ar earnálacha nua fostaíochta, mar shampla, réimse na teicneolaíochta faisnéise, tionscail teanga-bhunaithe, fiontair a bhaineann le hacmhainní mara agus nádúrtha, an geilleagar sóisialach agus an turasóireacht chultúrtha. Ar ndóigh, ní bheidh na réimsí nua seo chomh dírithe ar chaiteachas caipitil is a bhí na sean-réimsí déantúsaíochta, a raibh monarchana móra le trealamh agus innealra trom i gceist leo. Táim sásta go bhfuil soláthar caipitil sásúil curtha ar fáil do 2004 ag cuimhneamh ar an éileamh ar dheontais thionsclaíocha nua a bhfuiltear ag súil leis.

Ní mór a chur san áireamh freisin go bhfuil sé molta ag comhairleoirí neamhspleácha gur chóir maoin dár luach €20 milliún i seilbh an údaráis a dhíol thar thréimhse. Ach an cur chuige seo a chur i bhfeidhm de réir a chéile, bheadh foinse breise ar fáil don údarás chun infheistíochta a dhéanamh i réimsí nua.

Nach bhfuil sé fíor gur chaith Údarás na Gaeltachta €34.3 milliún i mbliain an olltoghcháin agus nach bhfuil ach €22 milliúin á chaitheamh aige an bhliain seo ar fhoirgnimh agus caiteachas capitil chun postanna a chur ar fáil don Ghaeltacht? Nach bhfuil sé fíor go raibh an t-airgead ag an Aire don olltoghachán agus go bhfuil laghdú an-mhór ann anois? Ní hionann iad an dá rud, agus ní féidir le hÚdarás na Gaeltachta leanúint ar aghaidh leis an obair atá beartaithe aige in aon chor, agus tá an-díomá ar fad air mar a dúradar i ráiteas le déanaí. Cad atá le rá ag an Aire faoi sin?

An t-am seo anuraidh, chuir mé €3.5 milliún breise ar fáil. Mar sin, más é an olltoghchán a bhí mar údar do rud ar bith, nach bhfuil sé aisteach gurbh é tar éis an olltoghcháin a cuireadh €3.5 milliún breise ar fáil? Tá mé ag éisteacht leis an díospóireacht, agus is dóigh liom nach bhfuil an mórphictiúr á scrúdú. Tá 6.5% ardú i Meastacháin na bliana seo, ach rinne mé cinnithe é a chaitheamh ar bhealach a bhí difriúil ón tslí ar caitheadh roimhe seo é. Tá níos mó á chaitheamh ar an nGaeilge agus níos lú ar fhoirgnimh. Mar atá mínithe agam, ceithre bliana ó shin, nuair a bhí mar Aire Stáit sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, shíl mé go mba cheart go mbeadh athrú polasaí a bheith ann maidir le tógáil foirgneamh. Ón mbliain 1997, tá €100 milliún curtha ar fáil le haghaidh foirgneamh ar son tionsclaíochta sa nGaeltacht. Ag an am sin, mar atá léirithe ag na figiúirí a cuireadh ar fáil ag cruinniú bhord an Údaráis, tá na cíosanna ag laghdú, agus tá riachtanais ag athrú go mór sa nGaeltacht. Creidim, leis an gcur chuige atá á láimhseáil agam, go gcruthófar i bhfad Éireann níos mó postanna ná mar a chruthófaí dá leanfaí ar aghaidh leis an sean-mhodh oibre a bhí ag an údarás. Bhí plé ann le príobhfheidhmeanach agus cathaoirleach an údaráis inniu a bhí thar a bheith tairbheach. Dúirt siad inniu go raibh daoine ag maireachtáil go compordach taobh istigh den airgead a bhí curtha ar fáil don bhliain 2003.

Caithfidh an tAire féachaint ar an ráiteas a d'eisigh bord Údarás na Gaeltachta á rá gur trua leis an laghdú sa mhéid airgid atá le caitheamh aige i mbliana agus gur ábhar imní dóibh go bhfuil cúrsaí mar sin. Nach bhfuil sé fíor ó thaobh an airgid iomláin a chaith an tAire de, idir scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht agus Údarás na Gaeltachta, i mbliain an olltoghcháin i gcomparáid leis an bhliain seo chugainn, go bhfuil laghdú €18 milliúin ann? Nach bhfuil sé fíor go bhfuil sé ag déanamh scrios ar an nGaeltacht, agus gurb é sin tuairim mhuintir na Gaeltachta?

Nuair a bhí páirtí an Teachta agus Páirtí an Lucht Oibre i gcumhacht—

Ná bí ag caint. Tusa an tAire.

Bhí sár-jab á dhéanamh acu. Rinne mé scrúdú ar na figiúirí den mhéid a cuireadh ar fáil don Ghaeltacht, don Ghaeilge, agus do na hoileáin sa mbliain 1997. Sheiceáil mé an ráta boilscithe, agus rinne mé ceartú dá bharr. Tá 32% breise á chaitheamh anois thar mar a bhí an t-am sin. Tá sé sin bunaithe ar Mheastacháin 2004. Ní hamháin sin, ach caithfear breathnú ar an bpictiúr mór. Táimid i gcónaí á rá sa Teach seo – chuile dhuine – bíodh muid fírinneach faoi seo. Tuigimse go bhfuil toghchán chomhairle contae—

Freagair an cheist.

Tá sé sin seafóideach. Níl mé sásta, a Theachta, leanacht ar aghaidh le sean-ghnónna nach dtabharfaidh torthaí. Tá gach duine i ndiaidh rá anseo, mar shampla, gur smaoineamh iontach a bhí ann.

Freagair an cheist.

Tá mé á freagairt.

Top
Share