Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 27 Nov 2003

Vol. 575 No. 5

Other Questions. - Seachtain na Gaeilge.

Trevor Sargent

Question:

5 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén ról a bheidh aige i Seachtain na Gaeilge na bliana seo chugainn. [28516/03]

Is togra de chuid Chonradh na Gaeilge é Seachtain na Gaeilge. Nuair a bunaíodh Foras na Gaeilge ar 2 Nollaig 1999, aistríodh an cúram do mhaoiniú Chonradh na Gaeilge go dtí an Foras na Gaeilge. Tuigim ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil deontas de €60,000 curtha ar fáil don Chonradh chun Seachtain na Gaeilge 2004 a eagrú.

Cé nach bhfuil freagracht dhíreach ná ról oifigiúil agam mar Aire i leith Sheachtain na Gaeilge, mar is eol don Teachta, tá ról tugtha ag an Rialtas domsa, mar Aire, agus do mo Roinnse tacaíocht a thabhairt do leathnú na Gaeilge mórthimpeall na tíre agus do bhuanú na Gaeilge sa Ghaeltacht atá mar thobar na teanga. Aithním freisin go bhfuil ról tábhachtach ag na heagrais dheonacha chun na Gaeilge a chothú agus a spreagadh ar fud na tíre agus tréaslaím leo as ucht na hoibre atá déanta acu. Guím gach rath ar Sheachtain na Gaeilge lena gcuid imeachtaí do 2004.

Tá cúpla ceist eile agam. An gcabhróidh an tAire leis an Oireachtas Gaeilge a úsáid i rith na seachtaine? An mbeidh a Roinn féin ag reachtáil ócáidí i rith na seachtaine i mí na Márta? Conas a thabharfaidh páirtí an Aire dea-shampla nó tosaíocht do pháirtithe eile an Ghaeilge, idir labhartha agus scríofa, a chur chun cinn?

Uaireanta déantar gearán fúm faoi seo. Is dóigh liom go n-úsáidim Gaeilge go rialta i dTithe an Oireachtais. Ní chuimhin liom ariamh labhairt ar an Dara Céim de Bhille nó ar ráiteas nó rud ar bith gan Ghaeilge a úsáid. Bainim úsáid as Gaeilge agus Béarla, agus molaim an bheirt Teachtaí a bhí liom aréir. Rinne muid trí cheathrú den ghnó trí mheán na Gaeilge ar Bhille na Roinne, agus gabhaim buíochas leo.

Déanfaidh mise gach rud ar féidir liom leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa Teach agus a húsáid a chothú, ach sílim féin, mar a taispeánadh aréir, go dtógann sé comhpháirtíocht. Maidir le díospóireacht sa Teach le linn Sheachtain na Gaeilge, ceann de na fadhbanna a bhíonn ann ná nach mbímid inár suí go hiondúil le linn sheachtain na Féile Pádraig. Bíonn aiféal orm, mar Aire, go mbím as baile go minic an tseachtain sin. Ba mhaith an smaoineamh é dá bhféadfaimis comhaontú a fháil sa Teach seo go mbeadh díospóireacht speisialta ar an Ghaeilge agus ar thábhacht na féiniúlachta sa tír seo go bliantúil an tseachtain roimh Lá Fhéile Pádraig. Iarraim ar an bPríomh-Aoire an cheist a thógáil leis na hAoirí eile ag cruinniú go luath – roimh an Nollaig – agus pleanáil a dhéanamh leo am a chur i leataobh le haghaidh díospóireachta mar sin sa Teach an tseachtain sin. Más aon chúnamh é sin, tabharfaidh mise chuile chomhoibriú cuí i reachtáil na díospóireachta sin.

Cuirim fáilte leis an méid a dúirt an tAire, agus ar an taobh seo den Teach, bheimis lán-sásta an Ghaelainn a chur chun cinn, mar a dúirt sé, agus ní hamháin díospóireacht amháin ach díospóireachtaí a reachtáil. Ba mhaith liom rá freisin go bhfuil Ghaelainn á buanú anseo gach maidin Céadaoin, agus measaim go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge anseo ná mar a bhí, abair, trí nó ceithre bliana ó shin.

Ba mhaith liomsa rá freisin go bhfuil mé thar a bheith sásta lán-tacaíocht a thabhairt don rud a mhol an tAire, .i. go mbeadh díospóireacht againn ar an Ghaelainn, mar tá sé sin thar a bheith tábhachtach. Tá sé sin ráite agam go minic sa Teach seo. Nuair a bhíonn daoine ag caint mar gheall ar an Ghaelainn, go minic ní théann siad i ngleic leis an cheist. Ní théann siad isteach go doimhin sa scéal. Ba cheart go mbeadh seans ag muintir an Oireachtais díospóireacht cheart a bheith acu agus dul isteach i ndáiríre, go macánta agus go doimhin sa scéal chun sampla a thabhairt don tír uilig.

Luaigh an tAire go mbeadh €60,000 i gceist mar dheontas dá gcuirfeadh Conradh na Gaeilge sraith postaeirí amach ag craobhscaoileadh Sheachtain na Gaeilge. Bheadh deireadh leis an airgead sin, áfach. Impím ar an Aire, más féidir leis in aon chor, deontas ar leith a thabhairt do Sheachtain na Gaeilge i mbliana ionas go mbeidh muid in ann ceiliúradh ceart a dhéanamh ar an teanga, ach go háirithe toisc go bhfuil an Uachtaránacht againn. Beidh a lán daoine ó thíortha thar lear ag teacht dár dtír don tréimhse shé mhí, agus ba cheart go mbeinn in ann bheith bródúil go huile is go hiomlán as an teanga.

An n-aontaíonn an tAire liom go mbeadh Seachtain na Gaeilge ní ba threise dá mbeadh leithéidí de RTÉ, na stáisiúin raidió ar fad, TG4 agus TV3 go huile is go hiomlán bainteach leis an cheiliúradh seo, chomh maith leis an Roinn féin, an Oireachtas anseo agus na Ranna eile ar fad a fhaigheann airgead nó maoiniú ón Stát?

Mar a dúirt me sa bhfreagra, is é Conradh na Gaeilge a reachtálann Seachtain na Gaeilge, agus, go bhfios domsa, ba mise ar fhear de na céad-Airí a thug airgead do Sheachtain na Gaeilge, nuair a bhí sé faoi chúram Chiste na Gaeilge. D'fhéadfadh dul amú bheith orm faoi sin, ach tá sé sin ceart chomh fada agus is cuimhin liom. Tá mé cinnte gur thug mé ní ba mhó airgid dóibh. Maidir le hairgead breise, is é Foras na Gaeilge a dhéanann airgeadú ar Chonradh na Gaeilge, agus is le Conradh na Gaeilge Seachtain na Gaeilge ó thaobh chaitheamh airgid de. Tá méadú mór sa maoiniú a bheas ar fáil do Fhoras na Gaeilge don bhliain seo chugainn, agus is ceist don fhoras a shocrú an dtabharfaidh sé méadú do Sheachtain na Gaeilge.

Go ginearálta, tá mé ag éisteacht leis na moltaí atá ag teacht ó na Teachtaí, agus is féidir bheith cinnte go dtabharfaidh mé chuile thacaíocht ar féidir liom. Smaoinfidh mé air cad a dhéanamh go díreach leis an gConradh faoin rud a luaigh an Teachta Ó Snodaigh faoi bhealaí. Ní airgead a bheadh i gceist ach focal a rá le cuid de na húdaráis Stáit maidir le tacaíocht a thabhairt don tseachtain áirithe sin. Is féidir bheith cinnte go mbeinn sásta breathnú go fabharach ar iarrachtaí den chineál sin.

Top
Share