Sa ráiteas céanna mhol an bord go haer an breisairgead atá ar do naonraí, naoiscoilleanna, seirbhísí don óige agus, go ginearálta, le haghaidh forbairt na Gaeilge sa nGaeltacht, tá sé sin sa línte deireanacha den ráiteas. Fáiltím roimh an bhfáilte ó bhord an údaráis.
Seo croí na ceiste. Sa mbliain go bhfuil an Teachta ag rá go bhfuil gach rud ag dul i laige, cailleadh 522 phost. Taispeánann sin gur tháinig an toradh ar an rud a bhí mé ag rá le ceithre nó cúig bhliain siar nuair a thosaigh mé a rá leis an údarás go gcaithfeadh athrú threo a bheith ann agus gur cuma cé mhéad airgead a chaithfaí ar an seanbhealach, nach leigheasfaí fadhb na fostaíochta sa nGaeltacht ar an mbealach sin. Tá sin ráite agam sa Teach cheana féin.
Rud simplí a rinne muid, an Freasúra agus mise, le níos mó fostaíochta a chruthú sa nGaeltacht an samhradh seo ná a dhéanfadh go leor airgid ar foirgintí – achtú Bille na dTeangacha Oifigiúla. Ba cheart dúinn a chuimhniú an beart amháin sin nár chosnaigh aon airgead a chruthóidh níos mó postanna ná a chruthódh €10 milliún ar fhoirgintí. Tá €100 milliún caite ar fhoirgintí ó 1997 agus chonaic muid uilig an rud a tharla. Cén fáth? Mar tá an seanbhealach d'fhostaíocht a chruthú athraithe. Breathnaigh ar an athrú ar bhuiséad EI agus IDA. Tá sé ag dul isteach i bhforbairt agus taighde.
Maidir leis na figiúirí féin, ní theastaíonn sé uaim dhul siar ar an argóint sin. Ní chuirfeadh sin rudaí mar a chéile i gcomparáid. Mhínigh mé gur tugadh €3.5 mhilliúin sa bhreis don údarás ag deireadh na bliana seo caite. An ionann sin agus a rá dá mba rud é go dtabharfainn €1 mhilliún don údarás idir seo agus an Nollaig go mbeadh bealach ann go mbeinn ag laghdú Meastacháin na bliana seo chugainn? Níl aon chiall leis an gcineál sin caint agus tuigeann chuile duine sin ach tá toghchan ag teacht do na comhairlí condae agus tá brú ar pholaiteoirí.
D'athraigh mé airgead thart go mór agus beidh orm tuilleadh de seo a dhéanamh, ach tá 6% breise ar fáil i mbliana agus níl mé ag dul a chaitheamh ar an seanbhealach. Tá mé ag dul é a chaitheamh ar an mbealach a chruthóidh fostaíocht, gníomhaíocht agus laidreas sa teanga sa nGaeltacht. Tá foinsí airgid nua ann – Science Foundation Ireland mar shampla, tá €200 milliún aige. Níl sé luaite go bhfuil an t-údarás ag dul ina dhiaidh sin ach tá a fhios agam go bhfuil sé ag caint leis faoi níos mó ná €4 mhilliún.
Ag deireadh na bliana seo chugainn, feicfear an-torthaí as plean chomháite atá agam. Níl daoine ach ag breathnú ar phíosaí anseo agus ansiúd ach ag deireadh na bliana feicfear an-torthaí ar an bplean sin atá agamsa ar mhaithe le pobal na Gaeltachta agus ceanntair ina bhfuil an Ghaeilge láidir.