Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 27 Nov 2003

Vol. 575 No. 5

Written Answers. - Irish Language.

Paul Kehoe

Question:

13 D'fhiafraigh Mr. Kehoe den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta os rud é go bhfuil líne i leabhar na meastachán d'oifig Choimisinéir na Gaeilge cén uair a bhfuil i gceist aige ainm an Choimisinéara a fhógairt agus an bhfuil se sásta leis an ?500,000 atá sna meastacháin i mbliana don Choimisinéir. [28624/03]

Billy Timmins

Question:

52 D'fhiafraigh Mr. Timmins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i bhfianaise chomh deacair is atá sé do phobail na Gaeilge admháil/freagra a fháil ar chomhfhhreagras trí Ghaeilge le comhlachtaí áirithe stáit cén uair atá i gceist aige Alt 9 (2) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a thabhairt i bhfeidhm. [28623/03]

Dinny McGinley

Question:

66 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na céimeanna atá á nglacadh aige le féachaint chuige go bhfeidhmeoidh comhlachtaí/oifigí nua stáit, mar shampla Oifig Ombudsman na Leanaí, taobh istigh d'éirim Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, ainneoin an tAcht sin gan a bheith i bhfeidm go fóill. [28622/03]

Trevor Sargent

Question:

75 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil ról aige féachaint go mbeidh seirbhís Gaeilge agus Béarla ar fáil ó oifigigh stáit. [28515/03]

I propose to take Questions Nos. 13, 52, 66 and 75 together.

Mar is eol do na Teachtaí, tá Acht na dTeangacha Oifigiúla ina dhlí ó mhí Iúil 2003. Is é príomhchuspóir an Achta ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón seirbhís poiblí ar chaighdeán níos airde. Tá freagracht ghinearálta orm mar Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoin Acht chun a chinntiú go gcuirfear seirbhísí poiblí ar fáil trí Ghaeilge.

Tá réamhobair nach beag déanta nó idir lámha cheana féin ag mo Roinnse maidir le cur i bhfeidhm an Achta: tá scríofa ag mo Roinnse go dtí na comhlachtaí poiblí atá i gceist – thart ar 650 ina iomlán faoi láthair – le cóip den Acht agus achoimre ar na príomhfhorálacha; tá próiseas idir lámha faoina dtugann oifigigh de chuid mo Roinne-se cur i láthair do chomhlachtaí poiblí maidir le himpleachtaí an Achta dóibh, tráth a bhíonn deis chun tuilleadh eolais a thabhairt agus saincheisteanna a phlé; tá feidhm tugtha do chuid 5 den Acht a bhaineann le logainmneacha agus tá seacht nOrdú déanta agam sa chomhthéacs sin go data; tá leabhrán dhátheangach foilsithe ag mo Roinn le déanaí – Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 Osradharc – a thugann léargas ar phríomh-fhorálacha an Achta mar aon le freagraí ar roinnt ceisteanna a chuirtear go rialta faoin Acht; agus tá soláthar €500,000 curtha ar fáil agam i meastacháin mo Roinne don bhliain seo chugainn chun Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bhunú agus chun An Coimisinéir Teanga a cheapadh.
Anuas ar sin, tá sé i gceist go gcoimeádfear an liosta den na cuideachtaí atá clúdaithe faoin Acht faoi athbhreithniú agus go mbainfear úsáid rialta as an cumhacht atá agam mar Aire faoi mír 3 den Chead Sceideal chun cuideachtaí nua a thabhairt faoi fhorálacha an Achta.
Maidir le bunú Oifig an Choimisinéara, táim lán-sásta go bhfuil an tsuim airgid atá á cur ar fáil dóthaineach chun freastal ar riachtanais na hoifige sin do 2004, ag cur san áireamh nach mbeidh forálacha iomlána an Achta i bhfeidhm i rith na bliana sin. Caithfear a thuiscint gur beag an lion scéimeanna faoi alt 12 a bheidh i bhfeidhm ó tharla go mbeidh treoirlínte le hullmhú agus go mbeidh tréimhse sé mhí ag comhlachtaí chun dréacht-scéimeanna a ullmhú bunaithe ar na treoirlínte sin. Mar atá ráite agam go minic roimhe seo, tá mé ag súil leis go mbeidh an oifig bunaithe go luath i 2004 agus tá an réamhobair atá riachtanach chuige sin idir lámha ag mo Roinn faoi láthair.
Maidir le feidhm a thabhairt d'alt 9(2) den Acht, tá súil agam go mbeidh mé in ann am-chlár maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha iomlána an Achta taobh istigh den tréimhse trí bliana atá leagtha síos faoi alt 1 a fhógairt go luath amach anseo.
Top
Share