Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 27 Nov 2003

Vol. 575 No. 5

Written Answers. - Scéimeanna Feabhsúcháin.

Bernard Allen

Question:

31 D'fhiafraigh Mr. Allen den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth a bhfuil titim níos mó ná ?6.5 milliún ar fad sna Meastacháin le dhá bhliain anuas do scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht agus cén fáth ar tharla an laghdú uafásach seo agus an bhfuil se sásta leis an laghdú seo. [28626/03]

Sna blianta 2002 agus 2003 bhí Meastacháin de €12.9 milliún agus €10.294 milliún faoi seach curtha ar fáil do mo Roinn i ndáil le scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht. Sa bhliain 2002 d'éirigh liom breis airgid a fháil le n-íoc as tograí ar leith a bhí tagtha chun cinn agus, mar sin, caitheadh €16.553 milliún sa bhliain áirithe sin. Is €10m atá curtha ar fáil do 2004 agus tá mé sásta go gcuirfidh sé seo ar chumas mo Roinne leanúint leis an gclár oibre suntasach atá idir lámha chun bonneagar na Gaeltachta a fhorbairt.

Top
Share