Faoi mar atá curtha in iúl agam cheana, tionólfar an chéad toghchán eile d'Údarás na Gaeltachta in earrach na bliana 2005.
Tá staidéar cuimsitheach teangeolaíoch maidir le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht á thionscnamh ag mo Roinn faoi láthair faoi mar a moladh i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta. Beidh an staidéar seo mar bhunús chun forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Ghaeltachta. Tá an scrúdú atá idir lámha ag mo Roinne ar na tairiscintí a fuarthas ina leith beagnach críochnaithe anois agus ceapfar comhairleoirí le tabhairt faoin staidéar go han-luath.
Ceaptar go dtógfaidh sé tuairim is bliain go leith ar a laghad chun an staidéar tábhachtach seo a dhéanamh agus, mar a thug mé le tuiscint cheana féin, tá i gceist agam dul ar ais go dtí an Rialtas in am tráth le haon moltaí i ndáil le haon athruithe ar na limistéir a dfhéadfadh eascairt as an staidéar.
Question No. 75 answered with Question No. 13.
Question No. 76 answered with Question No. 8.
Question No. 77 answered with Question No. 26.